Is fiú a mheabhrú don DUP go bhfuil móramh fós míshásta leis an mBreatimeacht

Costas an phrótacail nó praghas an Bhreatimeachta? Ceist thábhachtach…

Is fiú a mheabhrú don DUP go bhfuil móramh fós míshásta leis an mBreatimeacht

Tá an Prótacal iarBhreatimeachta ag baint plaic £2.5 milliún in aghaidh an lae as eacnamaíocht Thuaisceart Éireann, dar le ceannaire an DUP. Leag Jeffrey Donaldson an-bhéim ar an gcostas san óráid a thug sé an tseachtain seo caite i ndiaidh do Paul Givan éirí as céadaireacht Stormont mar agóid in aghaidh an phrótacail. B’ionann sin agus £100,000 san uair an chloig.

Tá an tsuim bunaithe ar mheastachán £850 milliún sa bhliain (billiún Euro) agus is minic a bhaineann aontachtaithe agus dílseoirí a dhiúltaíonn don bprótacal leas as. Suimeanna scanrúla iad in am ar bith ach tráth a bhfuil daoine in anchaoi mar gheall ar an méadú ar an gcostas maireachtála is baolach go gcothódh siad míshocracht. Ach ar scéal chailleach an uafáis iad?

Glacann an DUP go fonnmhar leis na figiúirí, ní nach ionadh mar feileann siad dá gcás. Tá cur agus cúiteamh áfach faoin mbunús atá leo. Maíonn go leor díobh siúd a chreideann gurb é an prótacal rogha an dá dhíogha go bhfuil an uimhríocht aontaobhach, mantach.

Níl aon cheist ach gur eascair costas breise as an réimeas a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Eanáir anuraidh. Cosnaíonn páipéarachas níos mó, mar a dhéanann clárú faisnéise le haghaidh custaim, socruithe nua maidir le seachadadh lastais agus an tóir ar earraí in ionad na gcinn nach seachadtar a thuilleadh. An é an prótacal is cúis leis mar a deir an DUP? Nó an Breatimeacht? Nó an dá rud?

Tá figiúirí an DUP bunaithe ar obair a rinne an t-eacnamaí in Ollscoil Uladh, an Dr Esmond Birnie, iarTheachta Tionóil de chuid an UUP. Anuraidh scrúdaigh sé ceithre ghnólacht. Bunaithe ar an scrúdú sin chinn sé go raibh gnóthaí ag cailliúint 6% ar an meán, cothrom le titim £600milliún sa bhliain ar eacnamaíocht an Tuaiscirt. Chuir sé £250 milliún d’airgead poiblí Whitehall leis sin – £850m.

Chosain an Dr Birnie a chuid oibre an tseachtain seo agus dúirt go bhfuil seans go bhfuil an costas níos airde. Cibé, ba cheart go mbeadh níos mó eolais ar fáil anois ná mar a bhí an samhradh seo caite.

Deir lucht gnó agus polaiteoirí go raibh an saothar bearnach agus an sampla róbheag. Níor cuireadh san áireamh na gnólachtaí a d’fhás le bliain, a deir siad. Níor cuireadh san áireamh an méadú ar earraí atá á ndíol ag an Tuaisceart leis an bPoblacht ach oiread. Ná níor cuireadh san áireamh na deiseanna chun breis infheistíochta ón iasacht a mhealladh le buntáiste a bhaint as dhá mhargadh.

Tá forbairt fógartha cheana féin ag dornán comhlachtaí chun leas a bhaint as margaidh na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh. Murach an ghuagacht tá seans go mbeadh níos mó forbartha déanta.

Agus thar aon ní ba chás le lucht a cháinte gur le cúrsaí roimh an mBreatimeacht a rinneadh an chomparáid. Níor deineadh scagadh ar an éifeacht a bheadh ag Breatimeacht as féin, cuireadh an fhreagracht as an titim iomlán ar an bprótacal.

Dúirt príomhfheidhmeannach chumann na ndéantúsóirí (Manufacturing NI) Stephen Kelly in agallamh san Irish News gur thuar tuairisc eile ó eacnamaithe in Albain gur chosaint é an prótacal abhus ar chuid d’éifeacht an Bhreatimeachta. D’eisigh Institiúid Fraser of Allander in Ollscoil Strathclyde sa Ghlaschú tuairisc a shamhaltaigh laghdú 2.6% ar eacnamaíocht an Tuaiscirt faoin bprótacal i gcomparáid leis an mbail a bhí uirthi nuair a bhí sé san Aontas Eorpach. Tá sé sin níos folláine ná an costas 4% a mheas an Státchiste a bheadh ar an mBreatimeacht. Dúirt Kelly go raibh an ceathrú cuid den lucht déantúsaíochta ag streachailt leis an bprótacal agus dhá thrian díobh ag déanamh go maith. Ní raibh uaidh ach leasuithe stuama.

Níl aon amhras ach go n-airíonn aontachtaithe agus dílseoirí go bhfuil deighilt cothaithe idir iad agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe ag an bprótacal. Polaitíocht agus féiniúlacht atá i gceist ansin agus fuascailt pholaitiúil atá riachtanach. Chífimid an mbeidh sé ar chumas na bunaíochta an ghoimh a bhaint as an teorainn i Muir Éireann chun sástacht an DUP gan an prótacal a scrios.

Is fiú a mheabhrú don DUP go bhfuil móramh fós míshásta leis an mBreatimeacht a rinneadh dá mbuíochas. Is iomaí duine a ngoilleann an scarúint ón Eoraip air/uirthi ar iliomad cúiseanna; praghas ard as mórchúis an DUP nuair a bhí cluas le héisteacht acu in Westminster.

Ceist eile ar fad is ea an costas eacnamaíoch. Tá sé sin intomhaiste. A thúisce a dhéanfar obair acadúil nua, a bheidh suas chun dáta is ea is fearr é. Tá an scéal sách conspóideach agus iomarca guagachta cothaithe aige le bheith i dtuilleamaí taighde neamhiomlán nó as dáta, buille faoi thuairim ná bolscaireacht polaiteoirí.

Fág freagra ar 'Is fiú a mheabhrú don DUP go bhfuil móramh fós míshásta leis an mBreatimeacht'

  • Paul Laughlin

    Sin é go díreach- is é costas an Bhreatimeachta praghas an AontaIs anois.