Is féidir scóráil Tigh Josie agus tú ag Gaeilgeoireacht…

Cúpla cor a tharla dó aimsir Oireachtas na Samhna a chuir ag smaoineamh ár gcolúnaí ar chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí eile

love-560783_1280

Dúirt Pádraig Mac Piarais uair amháin nach raibh ceol ba bhinne ná an Ghaeilge ag teacht as béal páiste. Tá sin amhlaidh i gcónaí ach i mo chás féin bíonn an gliondar céanna orm nuair a chloisim mná óga ag Gaeilgeoireacht go nádúrtha eatarthu féin.

Ní minic a tharlaíonn sé, rud nach mbeadh go leor daoine ag súil leis agus mé i mo chónaí i gceantar atá ceaptha a bheith ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Tá sé tugtha faoi deara ag teangeolaithe le fada gurb iad na mná is túisce a thréigeann teanga dúchais ar bith atá faoi bhrú ag teanga níos láidre.

Cén chúis atá leis sin?

Arb é gur ag sodar i ndiaidh an rud faiseanta atá na mná nó arb amhlaidh go bhfuil an scéal meáite go cúramach acu agus go bhfuil siad níos neamhthrócairí faoi ná na fir?

Deireadh Mossad Iosrael go minic go mbíodh na mná níos neamhthrócairí i gcónaí nuair a thagadh sé go cnámh na huillinne.

I gcás go mbeadh gialla gafa ag dream sceimhlitheoirí, mholaidís dá gcuid gníomhairí an bhean a lámhachadh i dtosach sula dtosóidís ar na fir. Beidh na fir idir dhá chomhairle ar feadh cúpla soicind, a deiridís, ach nuair a dhéanfas an bhean cinneadh ina hintinn, sin í atá contúirteach.

Tá rud amháin dearfa faoi mháithreacha a labhrann Béarla lena gcuid gasúr sa nGaeltacht: is ar mhaithe le leas na ngasúr atá siad á dhéanamh. Sin fíric ba cheart do lucht na hAthbheochana a chur san áireamh i gcónaí sula dtosaíonn siad ag caint ar ghné ar bith eile den méid atá ag tarlú.

Dá bhféadfaí a chur ina luí ar mháithreacha na Gaeltachta gurb é leas na ngasúr dáiríre go dtógfaidís le Gaeilge iad bheidís ag spalpadh Ghaeilge leo ó mhaidin go faoithin.

Cúpla cor a tharla dom aimsir Oireachtas na Samhna a chuir ag smaoineamh mar seo mé.

Ag stáisiún traenach na Gaillimhe a bhí mé féin agus mo bhean chéile agus muid ar ár mbealach go Bleá Cliath i gcomhair na Féile. D’airigh muid sioscadh cainte taobh thiar dínn. Chuir muid cluais orainn féin. Gaeilge a bhí acu.

Nuair a d’iompaigh muid thart fuair muid amach gur triúr cailíní óga dathúla a bhí ann. Tá mé féin cineál dána sna cúrsaí seo agus cheistigh mé iad. D’inis siad dom gur beirt as an gCeathrú Rua a bhí iontu agus cailín as Leitir Mealláin.

Is é an t-iontas is mó a bhí orthusan go raibh iontas ormsa go mbeidís ag Gaeilgeoireacht.

Aríst agus muid ag an mbricfeasta in Óstán an City West maidin Dé Domhnaigh thug mé faoi deara triúr cailíní óga dathúla ag comhrá i nGaeilge in aice linn. Bhuail mé bleid orthu sin. B’as Tír Chonaill iad.

Dúirt mé leo gur mhór an tógáil croí dhom cailíní óga dathúla mar iad a chloisteáil ag Gaeilgeoireacht.

Mhínigh mé dóibh gurbh as Conamara mé “Agus is “charmer” tú fosta,” a dúirt duine acu ar ais liom agus aoibh an gháire ar a béal.

Sea má sea, arsa mise i mo intinn féin.

Chuir sin ar fad i gcuimhne dhom an chaint a rinne fear óg, múinte, mánla, macánta liom maidin amháin tar éis dó a bheith ag fiach ban an oíche roimhe sin. Ná bíodh imní air: ní fhoilseoinn a ainm ar a bhfuil d’airgead ag Denis O’Brien.

“Má tá tú ag iarraidh ‘scóráil ag an disco Tigh Josie,” ar seisean go cráite” ní éireoidh leat más ag caint Ghaeilge a bheas tú.” Dona go leor, a tháilliúir, arsa mise.

An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin tháinig sé chugam aríst. “An bhfuil a fhios agat an rud sin a bhí mé a rá leat faoin disco Tigh Josie an lá cheana,” ar seisean, “bhí mé mícheart; is féidir scóráil ann agus tú ag Gaeilgeoireacht.”

” Mo choinneal chéarach thú, a mhaicín, arsa mise liom féin.

Tá súil agam go ndearnadh neart scórála ag Oireachtas na Samhna i mbliana agus go mbeidh a thoradh go soiléir ar na naíonraí Gaelacha amach anseo.

Fág freagra ar 'Is féidir scóráil Tigh Josie agus tú ag Gaeilgeoireacht…'