Is féidir imeacht ar thuras aislinge chuig staid Zen agus tú ag iarnáil

Bhí sé i gceist ag ár gcolúnaí a bheith ‘réidh’ i mbliana nuair a thosódh an scoil ar ais

Is féidir imeacht ar thuras aislinge chuig staid Zen agus tú ag iarnáil

Tá rud éigin aisteach a tharlaíonn sa samhradh. Caithim an bhliain ar fad ag súil leis agus tagann sé agus imíonn sé agus mé fós ag fanacht air. Cruinnigh an saol agus imeoidh sé, caith an saol agus imeoidh sé.

Bhreathnaigh mé ar an bhféilire an lá cheana is chomhair mé na laethanta agus nach orm a bhí an t-iontas nuair a thuig mé go bhfuil níos lú ná coicís fágtha nó go dtosóidh siad ar ais ar an scoil. B’fhéidir go mbainfeadh sé seo geit asatsa freisin nuair a léifidh tú é. Nó b’fhéidir gur duine thú a thuigeann cén fuílleach atá fágtha sa mhí nuair atá os cionn leath di caite.

Ní raibh aon am le spáráil, ar ais nó ar éigean tá sé i gceist agam a bheith ‘réidh’ i mbliana nuair a thosóidh an scoil ar ais. An fáth is mó leis seo ná gur lig mé orm féin anuraidh nach mbeadh deireadh leis an samhradh go deo. Ní mholfainn é mar chur chuige. Mhionnaigh mé i mbliana go mbeadh rudaí difriúil an iarraidh seo.

Tharraing mé amach an bosca lipéidí do na héadaí scoile. Dia á rá, ní ghabhfaidh aon gheansaí amú orainn i mbliana.

Tharraing mé amach an t-iarann. Bhí sé níos meirgí ná mar a chuimhnigh mé.

Cheannaigh mé lipéidí agus ainmneacha orthu anuraidh gur féidir iad a iarnáil ar na héadaí. Lipéidí an-deas iad, caithfidh mé a rá, agus bhí an-spraoi agam ar an leagan amach orthu, ag roghnú dathanna agus an stíl chló is eile.

An t-aon fhadhb a bhí leo ná go gcaithfidh duine éigin (agus bhí an chuma air gur mise an duine sin) na lipéidí a thógáil amach as an bpacáiste agus iad a iarnáil ar na héadaí nó ní raibh aon mhaith iontu. Is cosúil nach fiú duit lipéidí a bheith agat mura gcuirfidh tú ar na héadaí iad.

Ó, d’iarnáil mé ceann nó péire ceart go leor ach chaill mé suim ann ansin agus d’imigh mé uaidh is níor chuimhnigh mé dul ar ais chuige anuraidh chor ar bith. Bhuel, chuimhnigh mé air ach ní raibh aon fhonn orm é a dhéanamh más í an fhírinne ghlan atá uait.

Chas mé air an raidió is tharraing mé na héadaí le chéile agus thosaigh mé ag iarnáil.

An chéad rud a thug mé faoi deara ná go bhfuil i bhfad níos mó éadaí scoile agus spóirt acu ná mar a shíl mé. D’airigh mé mo mhisneach ag trá nó gur chuimhnigh mé ar líon na ngeansaithe (agus treabhsar amháin) a d’imigh amú orainn agus las sé spiorad an dóchais arís ionam. “Sin é, bliain nua, bean nua!” a dúirt mé liom féin.

Tá daoine ann a deir gur caitheamh aimsire suaimhneach í an iarnáil agus b’fhéidir nach gcreidfidh tú é seo, ach sílim go bhfuil beagán den cheart acu.

Amanna agus tú ag iarnáil is féidir imeacht go machnamhach chuig staid Zen i d’intinn agus tú ar thuras aislinge. Tá an galuisce ag ‘fuiseáil’ go suaimhneach is ag éirí ina phúireanna ón iarann, cloisfidh tú glórtha na bpáistí ag argóint ar chúl an tí, na faoileáin ag scréachaíl is an gadhar ag tafann orthu. Fuisss, a déarfaidh an t-iarann is feicfidh tú na filltíní á gceansú san éadach. Aoibhneas.

An t-aon rabhadh a chuirfinn ort ná gan ligint duit féin imeacht rófhada isteach sa mbrionglóidíocht. Leánn stocaí ag 120 céim Celsius théis 30 soicind. Is greamaíonn léinte peile den iarann mura gcuirfidh tú tuáille tae eatarthu.

Fág freagra ar 'Is féidir imeacht ar thuras aislinge chuig staid Zen agus tú ag iarnáil'