Grá don Ghaeltacht ag spreagadh an Daingin
Thóg Paul agus Dylan Geaney briseadh Dé Máirt seo caite ó bheith ag ceiliúradh a bhua an Daingin i gcluiche ceannais na hÉireann chun labhairt le Newstalk faoin ngaisce a rinne an cumann cúpla lá roimhe sin.
Istigh i dteach tábhairne Geaney ar an tSráid Mhór a bhíodar agus iad ag déanamh cur síos ar an bhfeachtas agus ar eachtraí an chluiche ceannais i gcoinne Naomh Bríd nuair a chas an chaint ar an óráid a thug Paul uaidh ar chéimeanna Ardáin Uí Ógáin agus Corn Andy Merrigan ina lámh aige.
Cé go bhfuil sé ag imirt le foireann shinsir Chiarraí ó 2011, is léir gur éirigh le Geaney éalú den chuid is mó ó mhaidhceanna TG4 agus RnaG ó shin mar is beag atá cloiste againn de ag Gaeilgeoireacht. D’athraigh sin le linn an fheachtais seo áfach agus óráidí breátha Gaolainne tugtha uaidh aige gach uair gur ghlac sé le corn.
Agus é ina chaptaen ar an Daingean i mbliana, dúirt Geaney go raibh sé tábhachtach dó óráid i nGaeilge a thabhairt, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh agus é spreagtha ag na píosaí cainte a rinne Páidí Ó Sé agus Dara Ó Cinnéide a d’ardaigh Corn Mhig Uidhir i 1985 agus 2004.
“Tá draíocht ag baint leis an teanga,” a dúirt Geaney. “Tá tú in ann i bhfad níos mó a rá in aon líne amháin i nGaolainn ná mar atá i mBéarla. Tá níos mó brí inti.”
Tá nasc láidir idir muintir Uí Shé agus Geaney ar ndóigh agus Paul pósta le hiníon Pháidí, Siún, agus deir sé gur chabhraigh sí leis agus é ag ullmhú.
“Bhí an deis agam roimh chluiche ceannais an chontae agus chuireas ábhairín beag oibre isteach sa cheann sin. Ansin i gcluiche ceannais na Mumhan, bhíos bródúil go rabhas ábalta óráid as Gaolainn a thabhairt.
“Bhí a fhios agam ansin go mbeadh deis mhaith agam [leis an gcluiche ceannais] óráid a thabhairt a bheadh daoine mórtasach aisti. Chuireas beagáinín ama isteach inti. Scríobhas féin í ach thugas do Shiún í chun í a léamh agus an ghramadach agus an litriú a cheartú.”
Ar ndóigh, bhuaigh An Ghaeltacht craobh idirmheánach na hÉireann an tseachtain sular bhuaigh an Daingean, éacht a chuir brú ar a gcomharsana sa Daingean, mar a ghéill Paul le gáire. Bhí an teanga agus an cultúr lárnach in aistear na Gaeltachta agus bhraith an Daingean an chaoi chéanna, a dúirt sé.
“Labhraíodar ar an mbród a bhí orthu gurb as an gceantar seo agus an Ghaeltacht dóibh agus an tábhacht a bhain leis an bhféiniúlacht. Bhí píosa deas le Feargal [Ó Sé] i ndiaidh an chluiche ceannais idirmheánach ag caint ar cé chomh tábhachtach is a bhí na rudaí sin.
“Bhraitheamar é sin chomh maith. Is é an Daingean an baile is mó sa Ghaeltacht. Is cuid dár bhféiniúlacht í.”
Tá tagairt déanta go minic le seachtain anuas de chruinniú a bhí ag imreoirí an Daingin sa Díseart in 2018 nuair a dhírigh siad isteach ar an sprioc seo chun craobh na hÉireann a bhuachan ach dúirt Geaney go raibh cúrsaí teanga agus féiniúlachta luaite an oíche chéanna agus iad ag iarraidh an nasc idir an fhoireann agus muintir an bhaile a dhaingniú.
Suimiúil go leor, dúirt Geaney gur ghlac foireann an Daingin le gné de chultúr na Māori, Whakapapa, ina gcuirtear an bhéim ar an dúchas agus ar an bhféiniúlacht, chun an nasc sin a láidriú.
Leaid óg na leadóige
Bhí beirt a tháinig abhaile ón Astráil chun imirt sa gcluiche ceannais, Mark O’Connor agus Gavin Curran, lárnach i ngaisce an Daingin an deireadh seachtaine seo caite. Tá a fhios ag an domhan agus a mháthair anois faoi scéal Mark agus cead faighte aige ó na Geelong Cats san AFL imirt dá chumann dúchais agus tá an scéal scaipthe go maith freisin faoin tráth seo gur saolaíodh mac Gavin, Óigí, thall san Astráil cúpla uair an chloig sular imir a athair sa gcluiche ceannais.
Is ag dul sa treo eile, ón tír seo chun na hAstráile, a bhí imreoir óg cumasach eile ag an am, áfach.
Bhí Eoghan Jennings ó Chathair na Mart i gCo Mhaigh Eo ag imirt i gCraobhchomórtas Oscailte Sóisearach na hAstráile i rith na seachtaine, an chéad duine ón tír seo a d’imir sa gcomórtas ó 2022.
Iardhalta de chuid Ghaelscoil na Cruaiche i gCathair na Mart is ea Jennings agus is as Fionnaithe i nGaeltacht Dheisceart Mhaigh Eo dá athair Pádraig.
Bhuaigh Jennings ar Jan Sadzik na Polainne sa gcéad bhabhta aige ach tháinig deireadh lena aistear i rith na seachtaine nuair a chaill sé in aghaidh Odysseas Geladaris Déardaoin.
Fág freagra ar '‘Is féidir i bhfad níos mó a rá in aon líne amháin i nGaolainn’ … Paul Geaney, an Ghaeilge agus Whakapapa'