Is fada an lá ó bhí an oiread brú ar bhainisteoirí dúchasacha…

Tá bainisteoirí Chúige Mumhan agus Cúige Laighean faoi bhrú mór agus an imirt ag a bhfoirne bocht go maith na laethanta seo

Andrew Trimble. Pictiúr: INPHO/Presseye/Brian Little
Andrew Trimble. Pictiúr: INPHO/Presseye/Brian Little

Níor tharla sé riamh roimhe seo i stair Rugbaí na hEorpa, ach Dé hAoine seo caite, theip ar Toulouse oiread agus scór amháin féin a aimsiú agus iad ag imirt i gcluiche sa gcomórtas sinsearach. Ach sin díreach a tharla le linn a gcuairte ar Stáid Kingspan nuair a fuair na hUltaigh bua stairiúil (38 – 0) ar iarchuraidh an chomórtais.

Bhí mise ag tuar go dteastódh míorúilt bheag ó na hUltaigh le go mbeidís san iomaíocht fiú. Ach míorúilt mhór a bhí anseo! Bhain fir Bhéal Feirste chuile leas as buntáiste an bhaile agus as an droch-chuma atá ar fhoirne ón bhFrainc agus iadsan ag imirt thar lear. Ní hamháin sin, bhí straitéisí Les Kiss, bainisteoir Uladh, thar barr ar fad.

Cluiche simplí a d’imir a fhoireann, cheil siad an liathróid ar an bhfreasúra. Is ar éigean a chuir Paddy Jackson, leathchúlaí amuigh Uladh, bróg le liathróid in ochtú nóiméad imeartha, agus gan an liathróid ní raibh Toulouse in ann aon dul chun cinn a dhéanamh.

Seans go mbeidh gá le straitéis nua más le Cúige Uladh toradh den chineál céanna a fháil agus iad ag imirt i Stade Ernest Wallon, i dToulouse an Domhnach seo, áit a mbeidh na Francaigh ar thóir díoltais.

Is léir nár thug na Laighnigh ná na Muimhnigh mórán airde ar shárimirt na nUltach agus iadsan ag imirt i gcoinne Toulon agus Leicester Tigers an deireadh seachtaine seo caite. Chaith Sexton agus Keatley an dá uimhir 10 an lá ag cur bróige leis an liathróid agus ag tabhairt na seilbhe ar ais don fhreasúra, dream a bhain chuile leas as le dul ar fhrithionsaí i ndiaidh frithionsaithe. D’íoc an dá chúige Éireannach go daor as an teaictic lochtach sin. Níl aimsithe ag Cúige Laighean ach aon phointe amháin agus cúig cinn atá ag na Muimhnigh as imirt trí chluiche go dtí seo.

Seans go bhfuil rás an dá chúige i gCorn na gCuradh rite fiú roimh an athimirt i gcoinne na bhfoirne céanna an deireadh seachtaine seo. Is fada an lá ó bhí an oiread brú ar bhainisteoirí dúchasacha agus atá ar Chullen agus ar Foley faoi láthair. Níl mé cinnte an bhfuil aon slánú i ndán dá foirne ag an tráth seo.

Níl aon deacracht den tsórt sin ag na Connachtaigh, iadsan ar bharr Ghrúpa a hAon de Chorn an Dúshláin, trí bhua agus pointe bónais amháin acu as imirt trí chluiche. Tá siad as baile thall i Sasana Dé Domhnaigh agus iad ag tabhairt faoi na Newcastle Falcons don dara seachtain as a chéile.

Cúis iontais a bheas ann má éiríonn le Newcastle aisiompú a dhéanamh ar an mbua (25-10) a bhí ag na Connachtaigh orthu. Mar sin féin, ní mór do Pat Lam a bheidh airdeallach agus iad as baile, go háirithe agus an líon mór imreoirí gortaithe ar an bpainéal aige faoi láthair.

Fág freagra ar 'Is fada an lá ó bhí an oiread brú ar bhainisteoirí dúchasacha…'