‘Is é an Breatimeacht an botún is mó atá déanta againn ó 1945’ – Bercow

Tá ráitis neamhbhalbha faoin mBreatain déanta ag beirt de na daoine ba lárnaí i scéal an Bhreatimeachta go n-uige seo, iarspéicéir Westminster John Bercow agus ceannaire na Comhairle Eorpaí, Jean-Claude Juncker

‘Is é an Breatimeacht an botún is mó atá déanta againn ó 1945’ – Bercow

Tá ráite ag iarspéicéir pharlaimint na Breataine John Bercow gurb é an Breatimeacht an “botún is mó” a rinne an tír sin ó 1945.

“Is dóigh liom nach aon chuidiú don Ríocht Aontaithe é. Is é an Breatimeacht an dearmad is mó atá déanta againn ó aimsir an choghaidh. Tá meas agam ar an bpríomh-aire, Johnson, ach ní haon chuidiú dúinn an Breatimeacht. Is fearr a bheith mar chuid de bhloc cumhachta an AE,” arsa Bercow ag ócáid d’iriseoirí eachtrannacha i Londain.

Thug Bercow deich mbliana ina spéicéir ach is le déanaí a cuireadh aithne air ar fud an domhain mar gheall ar scéal an Bhreataimeachta. D’éirigh sé as a chúram cúpla lá ó shin agus níl sé i gceist aige seasamh in olltoghchán na míosa seo chugainn ach oiread.

Shéan Bercow gur chuir sé moill ar an mBreatimeacht agus dúirt sé gurbh í an pharlaimint faoi ndeara sin.

Idir an dá linn, thug Jean-Claude Juncker, fear eile a bhí lárnach i scéal an Bhreatimeachta ach atá ag éirí as anois, fogha eile faoin mBreatain.

Dúirt ceannaire na Comhairle Eorpaí go raibh fadhbanna na Breataine bailithe in olcas de bharr an Bhreatimeachta.

Níor chuir Juncker fiacail ann agus é faoi agallamh ar ARD, stáisiún seirbhíse poiblí sa nGearmáin.

“Tá fadhbanna ag an mBreatain seachas an Breatimeacht agus is amhlaidh a chuaigh siad sin in olcas leis an mBreatimeacht. Tá siad ag iarraidh an scéal sin a cheilt, ach is amhlaidh a chuaigh siad in olcas,” a dúirt sé.

Dúirt Juncker gurb éard a bhí in imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE ná fáinne fí gealltanas, “gealltanais bhriste agus bréaga a bhí á n-athinsint arís agus arís eile”.

Rinne Jean-Claude Juncker a chuid cainte ar ARD dhá lá i ndiaidh dó a chur i leith Boris Johnson gur inis sé “mála bréag” le linn feachtas reifrinn 2016. Ba mhór idir caint Juncker sa nGearmáin agus an chaint stuama a rinne sé in agallamh ar an BBC, mar ar dhúirt sé gur thaitin an Príomh-Aire Johnson leis.

Fág freagra ar '‘Is é an Breatimeacht an botún is mó atá déanta againn ó 1945’ – Bercow'

  • An Teanga Bheo

    Agus neart eile botúin mó léan