Is deacair d’fhear an Daingin cleas Dhún Chaoin a bharraíocht

Gach seachtain foilsítear mír as Bailiúchán Dúchas.ie. An tseachtain seo gliceas fhear is gadhar Dhún Chaoin atá againn…

Is deacair d’fhear an Daingin cleas Dhún Chaoin a bharraíocht

Bhí fear thiar i nDún Chaoin agus bhí gadhar aige gurbh ainm dó Friday. Lá dár chuaigh sé ’an Daingean do thug sé an gadhar leis. Lá Aoine ab ea é.

Do chuaigh sé isteach i siopa búistéara is do bheannaigh fear an tsiopa dó is d’fháiltigh roimis. Bhíodar ag aighneas is ag cur is ag cúiteamh leo ach san aighneas dóibh, dúirt fear an tsiopa: “Is maith a d’íosfadh do mhadra pláta feola anois.”

”Ní íosfadh mhais,” arsa fear Dhún Chaoin. “Ní bhlaisfeadh sé Dé hAoine í.”

“D’íosfadh mhais,” ar fear an Daingin.

“I mbriathar ná híosfadh,” arsa an fear eile.

Ba é críoch an scéil é gur bhuail fear an tsiopa cúig phunt gill síos le fear Dhún Chaoin go n-íosfadh an madra an pláta feola.

Buaileadh an pláta feola ar an urlár fé shróin an mhadra.

“Friday, Friday,” arsa fear Dhún Chaoin is d’fhág an madra an fheoil ina dhiaidh. Ní bhuailfeadh sé a phus air.

Moladh an geall d’fhear Dhún Chaoin is sé a bhí sásta leis. Is mar ar bhain sé dúiseacht as, ní lá fós é.

Seán Ó Dubhda a bhí ag bailiú i gCill Mhaoilchéadair a fuair an scéal seo ó gharsún scoile de mhuintir Chochláin

Fág freagra ar 'Is deacair d’fhear an Daingin cleas Dhún Chaoin a bharraíocht'

  • Brendan Keane

    Tá scéalín cosúil seo i gCré na Cille.