Is cuma punt sasaigí nó leathghloine atá uait, tá Gaelainn sa Daingean ach í a lorg

Tá ceist na Gaeilge sa Daingean á plé sna meáin le tamall, ach fág faoi fhear Dhún Chaoin é na ‘townies’ a chosaint…

Is cuma punt sasaigí nó leathghloine atá uait, tá Gaelainn sa Daingean ach í a lorg

B’fhearra daoibh suí síos, mura bhfuil sibh suite cheana, mar tá rud éigin ana-ait agus ana-mhínádúrtha le léamh anois agaibh, rud atá chomh hannamh le sneachta samhraidh agus chomh neamhchoitianta le fiolar an eireabaill bháin; tá fear ón áit thiar chun an fód a sheasamh dos na townies. Tá fear Dhún Chaoin chun a gceart a thabhairt do mhuintir an Daingin.

Táthar ag trácht ar cheist na Gaelainne, nó ar theirce na Gaelainne, i mbaile an Daingin, ó foilsíodh litir san Examiner agus san Independent ó Chorcaíoch a dúirt nár chuala sé aon fhocal Gaelainne á labhairt istigh i mbaile an Daingin, agus nár chuala nó gur ghabh sé siar go Costa del Dún Chaoin. (dá mba áil leis filíocht a chomh-Chorcaígh a léamh bheadh sé gafa faobhar na faille siar díreach agus ní stadfadh sé sa Daingean in aon chor). Tá, ní nach ionadh, bricfeasta, lón is dinnéar déanta ag na meáin Bhéarla as an scéal, agus é fágtha fé Mhichaelín Healy-Rae staid na teanga sa Daingean a chosaint ar bhriollamas cainte chíoná Newstalk, Ivan Yates.

Tá fírinne an scéil ábhairín níos casta ná san, gan dabht. Níl aon bhaol ar bhaile an Daingin bheith chomh Gaelach ó thaobh teanga de le paróiste Mórdhach, cuirim i gcás, ach tá An Daingean chomh dátheangach le haon bhaile in Éirinn, agus níos Gaelaí ná scata. Go deimhin, tá an Daingean níos Gaelaí anois ná mar a bhí aon uair le céad go leith bliain, agus mórán de bhunadh an bhaile in ann iad féin a chur in iúl chomh maith céanna as Gaelainn is atáid as Béarla. Agus is rud nua é sin; nuair a bhíosa ag dul ar sheana-scoil na mBráithre sa Daingean, ní raibh ach dornán ana-bheag de leaideanna an bhaile in ann an teanga a labhairt, agus bhíodh sé le braistint ar chuid acu, go mb’fhearr leo glór cait ag bruíon a chlos ná an Ghaelainn seo againne.

Ach tá san athraithe ar fad anois. Féach an oiread san de pheileadóirí óga an Daingin atá in ann agallaimh raidió nó teilifíse a dhéanamh as Gaelainn agus cás ná cathú ní bhíonn orthu. Is féidir leo óráid a thabhairt uathu ar chéimeanna seastáin a dhéanfadh file caoch de Chinnéideach Bhaile na hAbha.

Cé nach bhfuil sí ina teanga dhúchais ag mórán istigh fén mbaile, tá ana-chuid de mhná agus d’fhearaibh óga an bhaile go maith ábalta ar í a úsáid, agus meas acu uirthi chomh maith. Ina dteannta siúd, tá ana-chuid de sheana-phlandaí an bhaile Gaelach go smúsach – Flaithbheartaigh, Niallagánaigh, Conchúraigh, Cárthaigh, Súilleabhánaigh, Móránaigh, Curránaigh, Brosnachánaigh agus teaghlaigh eile nach iad, agus mórán Gael ó lasmuigh den mbaile ag cuir fúthu ina dteannta anois.

An fhadhb is mó atá ag an nGaelainn mar theanga sa Daingean is ea go bhfuil sí báite go minic fé thonnta móra na turasóireachta, agus í i bhfolach fé thuile an Bhéarla a eascraíonn as san. Níl aon fhocal Gaelainne i nócha pus as céad ceann a gheibheann Gleann na nGealt siar, agus dá bharra san tá sé de thaithí agus de bhéas ag oibrithe san earnáil áirithe sin bheith ag úsáid an Bhéarla coitianta, agus ní thagann an Ghaelainn isteach ina n-intinn mar chéadmhodh cumarsáide nó fáiltithe. Go deimhin duit, d’fhéadfadh údaráis turasóireachta na leithinse breis earraíochta a bhaint as an teanga mar ghné uathúil dhíolacháin don cheantar – ach ní léir go dtuigeann leithéidí Fáilte Ireland go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh.

Tá tarrac ar Ghaelainn i mbaile an Daingin, ach í a lorg. Dá ndúiseoinn maidin amárach agus mé martraithe le tinneas óil, d’fhéadfainn dul agus gabháil taiblití a cheannach ó phoitigéir (nó póitigéir, bhféidir) as Gaelainn. Dá mbeinn maislithe le pianta ó bhonn go baithis, tá dochtúirí sa Daingean a mhíneodh gach iomard dom as glan-Ghaelainn. Dá mbeadh tanc íle, nó punt sasaigí, nó paca 10:10:20 nó 7:6:17 uaim, nó bucait péinte nó leabhar nó ceirnín nó aon diabhal rud in aon chor, is féidir liom é a cheannach ó Ghaeil a’ Daingin. Agus dá gceannóinn aon leathghloine amháin ó gach tábhairneoir le Gaelainn sa Daingean, tá’s aige Dia go mbeinn ag amhrán agus mé ag dul siar abhaile.

Dála mórán de bhailte eile na tíre, is mó i mbaol atá blas agus canúint Bhéarla an bhaile, An Dinglish más maith leat, ó chanúint agus ó chultúr Angla-Mheiriceánach an dreama óig, go mba dhóigh leat gur sna Hollywood Hills a rugadh agus a tógadh iad, ná mar atá an Ghaelainn.

Clásal Séanta: Ní cás a mheabhrú, is dócha, gur bhuaigh An Ghaeltacht ar An Daingean i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Chiarraí Thiar anuraidh. Murach san, is ró-dhócha go mbeadh malairt poirt ag an Mórdhach. 

Fág freagra ar 'Is cuma punt sasaigí nó leathghloine atá uait, tá Gaelainn sa Daingean ach í a lorg'

  • Breathnóir

    Alt deas, moladh tuillte agat as an imeartas focal chomh maith – ´póitigéir´ :-)

  • Síle Ní Chathasaigh

    Tá ‘dinimic’ nádurtha usáid na teanga sa Daingean leis na mblianta mar a luaitear anseo 150% soléir is intigthe domsa- is ansin mar atá ar fud na cruinne in áiteanna ina bhfuil comhbheith theanga neamhfhorleathana agus mhórtheanga ann. Nuair a fheictear agus thuigtear an saol amháin trí shúile an mhórtheanga, is minic a bhaintear brí earráideach as na dinimice a mbíonn fite fuaite leis. An-jab.

  • Eoin Ó Murchú

    An t-aor is fearr a léigh mé le fada.

  • Muireann Nic Giolla Ruaidh

    Mo bhuíochas a Dhaithí ó ‘Gael ó Lasmuigh den mbaile’ mar atá ráite agat. Alt iontach.

  • Marian Ó Murchú

    Minigh dom conas na fuil ach cuigear no seisear paiste claraithe i Naionra an Daingin agus go bhfuil an reamhscoil Bearla ar an lathair ceanna ag cur thar maoil? Marian O Murchu Bainisteoir Naionra Thigh Wilton Cathair Chorcai

  • Feardorcha

    Shamhlóinn go mbaineann san leis an bhfíorGhaeltacht atá ar lic an dorais. Má tá suim ag tuismitheoirí go dtógfaí leanaí le Gaelainn maith cuirtear ar scoileanna nó naíonraí atá sa Ghaeltacht cheart iad.
    É sin ráite, ní féidir a shéanadh go bhfuil sliocht Chromail breá láidir go fóill i nDaingean na Husseys.

  • Cluain Sceach

    Ana-chiall le ceist Mharian thuas. Ach shurely ag magadh atá Dáithí? Má sea fair play.

  • Tash

    Abair leat as Gaelainn sa Daingean agus geobhair freagraí i nGaelainn an chuid is mó den am.
    Abair leat as Béarla agus geobhair freagraí i mBéarla na haon uair.
    Ní ionadh é sin.
    Tosnaigh gach comhrá i bGaelainn. Éasca!

  • léitheoir

    Ná bímis liom leat faoin Daingean. Léirigh coismhuintir an bhaile sin cá seasaid i leith na G. sa bhfeachtas scannallach sin faoi Dingle/Dangle/Daingean Uí Chúise. Airgead UnaG á thaoscadh ar sheoiníní chúl le cine agus saibhreas déanta ag a lán acu dá bharr.