Is cosúil go bhfuil chuile bhóthar i gConamara ag dul i dtreo Mhaigh Cuilinn agus bailte mar é anois…

Vótáil Comhairleoirí Cheantar Bardasach Chonamara in aghaidh forbairt tithíochta i Maigh Cuilinn le gairid ach tá sé ráite leo go bhfuil an scéim tithíochta ag dul ar aghaidh beag beann orthu

Is cosúil go bhfuil chuile bhóthar i gConamara ag dul i dtreo Mhaigh Cuilinn agus bailte mar é anois…

D’fhéadfadh conspóid achrannach a bheith ar tí pléascadh i gceantar Mhaigh Cuilinn de bharr scéim tithe Comhairle Contae atá le tógáil ar imeall thoir an tsráidbhaile sin. Ach, ní taobh le Maigh Cuilinn amháin a bheidh conspóidí mar seo agus an chosúlacht ar an scéal go bhfuil aighneas ag brúchtaíl i nGort Inse Guaire i ndeisceart chontae na Gaillimhe chomh maith. 

D’fhéadfadh sé go bhfuil an Chomhairle Contae ag féachaint le scéim phríobháideach tithe a cheannach ansin le haghaidh daoine atá ar an liosta feithimh acu. 138 teach a bheidh ar an eastáit sin agus tá an obair thógála ar bun. Ach is i Maigh Cuilinn atá an gad is gaire don scornach.

Is cosúil go mbeidh na meaisíní ag teannadh isteach lá ar bith feasta ar an suíomh atá ar thaobh na láimhe deise den bhóthar agus tú ag dul isteach i dtreo chathair na Gaillimhe. Tá daoine a bhíonn ag plé leis an réamhobair ar an suíomh cheana féin.

Tá 49 teach cónaithe uilig ceaptha a bheith á dtógáil ar an eastát seo. Forbróir príobháideach atá ag bualadh faoin obair agus é socraithe go mbeidh seilbh ag an gComhairle Contae ar na tithe uilig ach a mbeidh siad críochnaithe. 

I gcásanna mar seo díoltar na tithe- nó ligtear amach ar léas fadtéarmach iad – leis an údarás áitiúil. Is iad bainistíocht na Comhairle Contae a bhíonn ag plé le socruithe mar seo agus ní gá dóibh a dhul i gcomhairle leis na comhairleoirí contae. Ansin atá an buille anois.

Vótáil Comhairleoirí Cheantar Bardasach Chonamara in aghaidh an tsocraithe seo i Maigh Cuilinn le gairid ach tá sé ráite leo go bhfuil an scéim tithíochta ag dul ar aghaidh beag beann orthu. 

Ní bhíonn ceannas ag Comhairleoirí Contae ach ar réimse áirithe d’obair an Comhairle Contae mar tá cumhachtaí dá gcuid féin ag an mbainistíocht. Tharraing an Comhairleoir Noel Thomas as Gort an Chalaidh i Maigh Cuilinn cás an 49 teach anuas go láidir ag cruinniú na seachtaine seo caite de Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá seisean ag iarraidh freagra agus míniú i scríbhinn ar an gcúis nár glacadh le toradh na vótála sin, a mhol an scéim tithíochta Comhairle Contae a stopadh.

Bhí an Comhairleoir P.J. Murphy sna sála ar an gComhairleoir Thomas agus eisean ag iarraidh freagra ar cheist dhíreach, a deir sé. Bhí sé ag iarraidh fáil amach bhfuil feidhmeannas Chomhairle Chontae na Gaillimhe i mbun comhráite le forbróir príobháideach atá ag tógáil 138 teach gar do Bhóthar an Tobair i nGort Inse Guaire. Dá mbeadh an scéal amhlaidh thuigfí gur le haghaidh tithe Comhairle Contae a bheadh an eastáit amach anseo. Dúradh leis an gComhairleoir Murphy nach bhféadfadh an bhainistíocht freagra a thabhairt ar cheist mar sin. Baineann sé le ról agus le dualgas na bhfeidhmeannach, a dúradh leis an gComhairleoir. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh ceisteanna leochaileacha gnó a bheith i gceist.

“Is é an freagra a fuair mé ná nach bhféadfaí freagra a thabhairt orm,” a deir an Comhairleoir Murphy tar éis an chruinnithe. Is cinnte go gcothóidh an freagra sin tuilleadh amhrais i measc na ndaoine sa taobh sin tíre agus in áiteacha eile sa gcontae freisin.  

Tá Comhairleoirí ar nós Noel Thomas (Fianna Fáil) agus P.J. Murphy (Fine Gael) ag tabhairt léargas ar an míshuaimhneas atá á léiriú go háitiúil. 

Dúradar beirt go bhfuil an lear tithe atá luaite sna heastáit atá i gceist i bhfad Éireann rómhór. Bhí riar maith Comhairleoirí eile ar aon fhocal leo an lá cheana ag cruinniú na Comhairle Contae. Dúirt an Comhairleoir Jim Cuddy as Baile Chláir na Gaillimhe go raibh feall á dhéanamh ar dhaoine óga áitiúla a bheadh ag iarraidh teach a cheannach ina gceantar féin sna cásanna seo – agus i gcásanna nach iad. “Tá na daoine óga atá i gceist agamsa in acmhainn teach a cheannachagus tá siad ag iarraidh fanacht ina gceantar dúchais ach má chuirtear na tithe in eastát nua-thógtha sa réimse tithe sóisialta ní féidir iad a cheannach,” a deir an Comhairleoir Cuddy.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle, Jimmy McClearn, gur léir dósan – de bharr a raibh cloiste aige – go dteastódh tuiscint agus cumarsáid níos fearr idir na comhairleoirí agus na feidhmeannaigh. Ach, is ar éigean go dtarlóidh sé sin agus feidhmeannas na Comhairle ag rásaíocht sna cosa in airde agus iad ag iarraidh treoracha as Baile Átha Cliath a shásamh. Caithfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe 926 teach a bheith curtha ar fáil acu do dhaoine atá ar an liostaí feithimh tithíochta sna trí bliana go dtí deireadh 2021. 

Tá 3,000 iarratas ar fad acu ar thithe Comhairle Contae i nGaillimh agus níl cathair na Gaillimhe san áireamh ansin.

Dá réir sin, feileann scéimeanna móra tithe don Chomhairle agus teastaíonn siad gan mhoill. 

Ní raibh aon scéimeanna tithe Comhairle Contae i Maigh Cuilinn roimhe seo agus tá an rud céanna amhlaidh faoi roinnt bailte in aice chathair na Gaillimhe, taobh thoir agus taobh thiar. Is rud nua iad na tithe seo sa sráidbhaile agus tá riar mór go leor tithe i gceist. 

Labhair an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin as Bearna an lá cheana agus chuir sé an cheist: “An bhfuiltear ag iarraidh daoine as pobail eile ar fud Chonamara a chur go Maigh Cuilinn anois?”

Is dóigh go bhfuil freagra na ceiste sin tugtha cheana féin. An toscaireacht as ceantar Charna agus Chill Chiaráin a chuaigh chomh fada le ceannasaí tithíochta na Comhairle Contae anuraidh, dúradh leo gurbh fhearr go mbeadh cónaí ar dhaoine san áit nach dteastódh carr uathu. 

Is cosúil go bhfuil chuile bhóthar ag dul i dtreo Mhaigh Cuilinn agus bailte mar é anois.

Ach b’fhéidir gur sna bailte sin a bhainfí an ghaoth de straitéis tithíochta na Comhairle Contae.

Fág freagra ar 'Is cosúil go bhfuil chuile bhóthar i gConamara ag dul i dtreo Mhaigh Cuilinn agus bailte mar é anois…'