Is beag suim a bhíodh ag an mBeeb an tsiamsaíocht ba shuaraí a chur ar fáil do mhuintir Chonamara

Ba é a laghad teacht a bhí agam ar spórt ar an teilifís le linn m’óige ba chúis leis an luí atá agam le Craobhchomórtais Leadóige Léana Wimbledon

Is beag suim a bhíodh ag an mBeeb an tsiamsaíocht ba shuaraí a chur ar fáil do mhuintir Chonamara

NPHO/Getty Images

In airde staighre ar bhus uimhir 493 a bhí mé an uair ba ghaire a ndeachaigh mé do chos a leagan ar chúirteanna leadóige Wimbledon. Le fírinne tháinig an áit aniar aduaidh orm. Ba mhó go mór m’aird ar chúrsa gailf a bhí ar an taobh eile den bhóthar. 

Fómhar na bliana a bhí ann agus dá réir bhí an áit tréigthe go leor i gcomparáid leis an bhfuadar agus an fuilibiliú atá ann faoi láthair agus a bheas go ceann seachtaine eile. Ag an am níor mhiste liom súilfhéachtaint a thabhairt thart ar an áit, ach an triáil a bheith agam. Ní raibh.  

Ba é a laghad teacht a bhí ag mo leithéid ar spórt ar an teilifís le linn m’óige ba chúis leis an luí a bhí agam leis an an gcomórtas leadóige is cáiliúla ar domhan.  

Mura raibh teacht ar an BBC agat an uair sin bhí tú fágtha ar an ngannchuid ó thaobh spórt a fheiceáil ar stáisiún nua na tíre seo – gan ag RTÉ an uair sin ach babhtaí leathcheannais agus ceannais na Peile Gaelaí agus na hIomána, corrchluiche rugbaí agus beagán rásaíocht chapall. 

Agus ar chúis éicint, Wimbledon. 

Bhíodh greadadh spórtchainéil Shasana ann ach nach raibh fáil orthu ar chósta thiar na tíre seo. Go deimhin ba mhinic a thaistil muid an 50 míle as Cois Fharraige go tábhairne na mBairéadach ar an gCreagán oíche Dé Sathairn le deis a fháil breathnú ar an leagan gráinneach de Match of the Day a thagadh ar an scáileán ansiúd.  

Fearacht Chromail, níor chosúil mórán suime a bheith ag an mBeeb ach an oiread an tsiamsaíocht ba shuaraí a chur ar fáil do mhuintir Iar-Chonnacht! 

Amaitéaraigh a bhíodh san iomaíocht ar Chraobh Wimbledon go dtáinig an bhliain 1968 agus, ach oiread leis An Luaith sa chruicéad ba mhór a bhíodh sé ag goilliúint ar na Sasanaigh nár bhuaigh Briotanach an chraobh ba mhó i spórt ó rinne Fred Perry sin i 1936.  

Ceithre scór bliain a mhair an gorta gur tháinig Andy Murray an bealach in 2016. 

‘Craobhchomórtais Leadóige Léana Wimbledon’ an t-ainm oifigiúil ar an gcomórtas. Cuirtear béim faoi leith ar an bhfocal ‘léana’ mar gur ansiúd amháin anois a imrítear aon cheann de na mórchomórtais ar dhromchla féir. Bhí an uair ann nuair ba é a leithéid bhí in úsáid freisin i gCraobhacha na Fraince, na Stát Aontaithe agus na hAstráile. Cúirteanna crua a bhíonn i gceist sa bpéire is deireanaí acu sin le fada anois. Meascán de chlocha mionaithe atá i Roland-Garros. 

Teniis
 Pictiúr ©INPHO/Getty Images

Fir na hAstráile a bhí chun cinn in Wimbledon nuair a thosaigh mise ag tabhairt aird ar an scáileán i dtús na 1960idí – eatarthu bhuaigh Rod Laver, Roy Emerson agus John Newcombe chuile chraobh a imríodh idir 1961 agus 1971, cé is moite de cheann a bhuaigh Meiriceánach a raibh Chuck McKinley air (1963) agus an Spáinneach Manuel Santana (1966). 

Bhí iarraidh den ‘bandolero’ ag baint le Santana agus ní dheachaigh sé ar chúl scéithe lena thuairimí a chur in iúl.  

‘Grass is just for cows’ an freagra a thug sé ar cheist i Wimbledon faoina mheas ar an gcúirt féir. Deachtóireacht Franco a bhí i réim sa Spáinn ag an am. Fós, gan fuacht ná faitíos, ba mhinic a labhair Santana ar an téarma a bhí caite i bpríosún ag a athair as ucht eisean a bheith go diongbháilte in aghaidh an réimis. 

B’Astrálaigh freisin beirt de phlúr imreoirí ban na linne. Margaret Smith-Court a bhuaigh níos mó comórtas ná aon duine ar domhan agus Evonne Goolagong Cawley.  

Scéal an-neamhghnách ag ea scéal Evonne nach raibh ach scór bliain d’aois nuair a bhuaigh sí Craobh na mBan i 1971. Bean Bhundúchasach Astrálach ab ea í a tógadh i mbaile beag nach raibh mórán le 200 duine ann. Lomadóir caorach a thaistil New South Wales ar thóir oibre ab ea a hathair, fad agus a d’fhan a bhean chéile sa mbaile áit ar thóg sí Evonne agus seachtar eile clainne.  

Is beag Bundúchasach a d’imir leadóg ag an am agus ní móide go n-imreodh Goolagong sin ach an oiread, ach go bhfaca fear í ag speiceáil isteach trí fhál a bhí timpeall cúirte a bhí ina baile dúchais agus thug sé cuireadh chun imeartha di. 

Ba í Billy Jean (Moffitt) King laoch eile na linne – sé chraobh Wimbledon, ceithre cinn de chuid na Státaí mar aon le Craobh na Fraince agus na hAstráile. Agus an bheirt acu éirithe as an imirt le blianta, tharla aighneas de chineál eile idir Billy Jean agus Margaret Court, nuair a thug an Meiriceánach le fios go raibh sise aerach. Meon na heite deise atá ag Court, a rinne cáineadh géar ar King agus Martina Navratilova. 

Ariamh anall bhíodar siúd atá i gceannas ar an All England Lawn Tennis and Croquet Club an-tógtha le rialacha a bhain leis an éadach a chaitheann na hiomaitheoirí. Tá an riail gur éide bhán amháin a cheadaítear i bhfeidhm ó imríodh an chéad chomórtas ariamh in 1877. 

Sna 146 bliain a lean is beag athrú atá tagtha ar na rialacha, an géilleadh ba mhó a rinneadh gur ceadaíodh fáithim bheag dhaite a bheith ar chábaí nó ar mhuinchillí. 

Rud amháin a chinn orthu a smachtú mar sin féin is ea fad na ngúnaí a chaitheann na mná. I dtús aimsire ba ghnách leis an ngúna a bheith síos go dtí na lorgaí, ach mar a tharla i bhfaisean an domhain mhóir, le himeacht ama thosaigh siad ag giortú. 

Faoin am ar thosaigh mise ag breathnú air an gcluiche ar an teilifís ba iad na mionsciortaí rogha na mban óg, ní hamháin i Wimbledon ach go deimhin mórán i chuile áit ar domhan. 

Ó am go chéile agus mé sáite sa scáileán sa mbaile, thagadh agóidí coinsiasach i láthair lena déistin a chur in iúl faoina raibh le feiceáil air. 

‘An bhfuil cás nó náire ar aon duine acu sin – ag spáint a gcuid tóineanna don domhan mór?’ a deireadh mo mháthair bhocht agus í ag tarraingt an dorais ina diaidh amach le teannadh. 

Fág freagra ar 'Is beag suim a bhíodh ag an mBeeb an tsiamsaíocht ba shuaraí a chur ar fáil do mhuintir Chonamara'