‘Is beag gné d’obair na heagraíochta nár imir an ghéarchéim tionchar uirthi ach tá ag éirí linn na dúshláin a shárú’ – Gael Linn

I suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc na gceanneagraíochtaí Gaeilge, cuirtear síos ar an tslí a bhfuil géarchéim an choróinvíris ag dul i bhfeidhm ar a gcuid oibre. Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn atá linn an babhta seo….

‘Is beag gné d’obair na heagraíochta nár imir an ghéarchéim tionchar uirthi ach tá ag éirí linn na dúshláin a shárú’ – Gael Linn

Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael LInn

1) Cad iad na socruithe nua atá curtha i bhfeidhm agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

Druideadh an oifig phoiblí agus tá seirbhísí á dtabhairt ar líne. Oibríonn an fhoireann ó bhaile agus bíonn teagmháil laethúil acu le chéile trí chruinnithe fíorúla.

2) Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn le sárú agaibh?

An dúshlán is mó ná teacht ar bhealaí nua lenár misean a chur i gcrích. Tá éacht á dhéanamh ag an fhoireann na deacrachtaí a chruthaíonn srianta Covid-19 a shárú. Mar shampla, tá ranganna do dhaoine fásta á dtairiscint ar líne chomh maith le himeachtaí ar nós Lón ar an bhFón agus Tráth na gCeist.

3) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna atá curtha ar ceal agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

Cuireadh na féilte peile bunscoile ar ceal. Níorbh fhéidir Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh a reáchtáil. B’éigean na cúrsaí samhraidh Gaeltachta do dhéagóirí agus do dhaoine fásta a chur ar ceal. Tá bronnadh náisiúnta Gaelbhratach curtha ar ceal.

4) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna a bhfuil éiginnteacht ann fúthu mar gheall ar an choróinvíreas?

Tá dáta i mí Lúnasa luaite leis an gcomórtas Siansa sa Cheoláras Náisiúnta ach beidh sé sin ag brath ar threoir ón Rialtas.

5) Ar an iomlán, cén tionchar a bhí ag an ghéarchéim ar obair na heagraíochta agus cén tionchar a bheas aici ar obair na heagraíochta?

Tionchar gearrthéarmach atá ann go dtí seo agus táimid dóchasach go mbeimid in ann formhór na dtograí a athbheochan sa bhfómhar. Tá tionchar dearfach ag an ngéarchéim sa mhéid go dtugann sé deis dúinn beartais úra a thionscnamh, cuid acu a leanfar leo.

6) An bhféadfá buille faoi thuairim a thabhairt faoin chéatadán d’obair na heagraíochta ar chuir an ghéarchéim isteach air?

Dáiríre, is beag gné d’obair na heagraíochta nár imir an ghéarchéim tionchar uirthi, ach tá ag éirí linn na dúshláin a shárú.

Fág freagra ar '‘Is beag gné d’obair na heagraíochta nár imir an ghéarchéim tionchar uirthi ach tá ag éirí linn na dúshláin a shárú’ – Gael Linn'