Is beag de ghrá, sonas, agus síocháin na haidbhinte atá i ndán don rialtas

Chomh luath agus a thagann beagán fuascailte ón ngalar ar na polaiteoirí a thiocfaidh an brú na spriocanna a gheall siad a chur i gcrích

Is beag de ghrá, sonas, agus síocháin na haidbhinte atá i ndán don rialtas

Cuirfear tús leis an aidbhint ar an Domhnach. Cuirfidh Críostaithe an domhain tús leis an réiteach do theacht agus breith Íosa Críost faoi Nollaig. Beidh bláthfhleasc traidisiúnta leis na ceithre choinneal i ngach séipéal sa tír. Lasfar ceann chuile sheachtain as seo go Nollaig. 

Dóchas, grá, sonas, agus síocháin a chiallaíonn na coinnle ar an mbláthfhleasc ach faraor is beag cosúlacht go mbeidh na suáilcí seo fairsing ag polaiteoirí le linn shéasúr beannaithe na hAidbhinte ná sna seachtainí agus na míonna seo romhainn.

Den chéad uair le fada bhí agóidí ar shráideanna na tíre an tseachtain seo. Thug na feirmeoirí faoin ardchathair Dé Domhnaigh seo caite lena míshástacht a chur in iúl faoi chomhpholasaí nua talmhaíochta an Aontais Eorpaigh. Faoi lár na seachtaine is tiománaithe leoraí agus lucht iompair a bhí ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath lena míshástacht le costas breosla a chur in iúl.

Ní hamháin go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an gcostas ach tá ganntanas tiománaithe agus tionchar an Bhreatimeachta ag cur as don earnáil. Roinnt seachtainí ó shin chonaic muid na mílte as Tír Chonaill ar na sráideanna ag éileamh scéim chúitimh dá gcuid tithe atá ag titim as a chéile. Scéim atá geallta arís agus arís eile ach nach bhfuil foilsithe go fóill.

Murach an ghéarchéim sláinte, cé mhéad agóid den chineál céanna a bheadh feicthe againn faoin tráth seo i mbliana? Tá costas breosla ag cothú fadhbanna ar fud an domhain agus tá imní faoin tionchar a bheidh aige go háirithe ar theaghlaigh bhochta agus daoine aosta. Tá an costas maireachtála ag ardú go leanúnach agus caint ar an ráta boilscithe, rud nach raibh trácht air cheana le fada an lá. Ní bhreathnaíonn sé aon dul chun cinn bheith á dhéanamh leis an ngéarchéim tithíochta.

Bhí 8,475 duine gan dídean sa tír ag deireadh na míosa seo caite. Agus an ráta boilscithe ag ardú ciallaíonn sin go mbeidh tuilleadh brú ag teacht ar na teaghlaigh a bhfuil tithe acu lena gcuid íocaíochtaí morgáiste nó cíosa. Tá oibrithe a ghlac le ciorruithe ar feadh bliain mhór fhada na géarchéime agus atá ag obair go dícheallach lena linn ag éirí mífhoighdeach agus ní fada go mbeidh brú ann rátaí pá a ardú.

Agus idir an dá linn tá muid gafa le ráig eile den Chovid-19 agus brú as cuimse ar an gcóras sláinte. Deir an Tánaiste linn go gcaithfear fanacht seachtain eile le breithiúnas a thabhairt cibé an dteastóidh tuilleadh srianta agus iniúchadh a dhéanamh ar na figiúirí is déanaí.

Chomh luath agus a thagann beagán fuascailte ón ngalar samhlaím gur ar na polaiteoirí a thiocfaidh an brú na spriocanna a gheall siad a chur i gcrích. Beidh brú orthu aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna eile ar fad atá le réiteach. 

Beidh brú orthu beagán dóchais agus grá a spreagadh inár measc seachas an tinneas agus fonn agóidíochta le teann mífhoighde.

Fág freagra ar 'Is beag de ghrá, sonas, agus síocháin na haidbhinte atá i ndán don rialtas'