Is beag caint a bheadh ar Mhám Éan anois murach an tAthair Micheál Mac Gréil

I measc na mbeartas fiúntach a rinne an tAthair Mac Gréil, atá le tabhairt chun cuimhne inniu, bhí an chaoi a ndearna sé athbheochan ar an oilithreacht go Mám Éan i dtuaisceart Chonamara

Is beag caint a bheadh ar Mhám Éan anois murach an tAthair Micheál Mac Gréil

Pictiúr: Dermot Roantree

Déanfar cuimhneachán speisialta inniu ar an Athair Micheál Mac Gréil. Sular bhásaigh sé i mí Eanáir seo caite in aois a 91 bliain d’iarr sé go léifí Aifreann ar a shon ar a lá breithe. Déanfar sin i dTeach Pobail Bhéal Átha na mBreac.

Ag meán lae a thosós an searmanas. Tabharfar chun cuimhne a shaol agus a shaothar.

Ar na daoine a labhrós beidh an t-iarChomhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg.

I measc na mbeartas fiúntach a rinne an tAthair Mac Gréil bhí an chaoi a ndearna sé athbheochan ar an oilithreacht go Mám Éan i dtuaisceart Chonamara. Tá séipéilín san ionad sin inniu agus dealbh de Naomh Pádraig. Ba í Clíodhna Cussen a rinne an dealbh.

Déantar an oilithreacht chuile bhliain, go mór mór Aoine an Chéasta. Ba mhinic an t-amhránaí breá sean-nóis Joe John Mac an Iomaire ag casadh an amhráin Caoineadh na dTrí Muire ann.

Creideann a lán gur tháinig Naomh Pádraig é féin go Mám Éan. Deirtear nach ndeachaigh sé níos faide ó dheas i gConamara ach gur bheannaigh sé na daoine uaidh síos.

D’fhéadfadh sé go mbíodh searmanas i Mám Éan i bhfad roimh aimsir Naomh Pádraig. Ceaptar go dtagadh na págánaigh le chéile ann i gcomhair féile i mí Lúnasa.

Níl sé i bhfad siar sa stair ó bhíodh pátrún ann. Chloisinn m’athair a rá go raibh sé i dteach sa gceantar sin le linn an phátrúin bliain amháin agus go raibh fonn damhsa ar an dream a bhí istigh. Ar mhí-ámharaí an tsaoil ní raibh aon cheoltóir i láthair. Shuigh m’athair ar an iarta, tharraing sé chuige tlú, lig air féin gur veidhlín a bhí sa tlú agus thosaigh sé ag casadh poirt béil do na damhsóirí.

“Grá mo chroí thú, is maith uait é a chasadh,” a dúirt seanbhean a bhí i láthair.

Thug scríbhneoir darbh ainm Henry Inglis cuntas sa mbliain 1834 ar phátrún a bhí i Mám Éan. Bhí na seandaoine ag guí ag an tobar, a dúirt sé, agus daoine eile bailithe sna pubaill mar a raibh neart poitín á dhíol. Bhí na scórtha puball ann.

Ina suí ar an bhféar a bhí go leor de na daoine, sin nó ar na clocha. Cuireadh fáilte roimhe féin isteach sna pubaill. Is cosúil nach raibh aon locht aige ar an bpoitín ach an oiread.

Bhíodh mhuintir Dhúiche Sheoigheach astu féin agus muintir Chonamara in áit eile, a dúirt sé. Ní go rómhaith a bhí siad ag tarraingt lena chéile agus ba mhinic go mbíodh sé ina scliúchas eatarthu as deireadh na cúise.

Ba iad na troideanna seo agus an poitín a chniog an pátrún go dtí go raibh sé beagnach imithe ar fad. Is beag caint a bheadh ar Mhám Éan anois murach gur tháinig an tAthair Mac Gréil an bealach agus go ndearna sé athbheochan ar an oilithreacht.

Taobh amuigh de chúrsaí eaglasta ar fad ní hiontas go mbeadh nádúr aige leis an taobh sin tíre. B’as an Mám a mháthair Nóra Ní Chadhain.

Gaeilgeoir ba ea an tAthair Mac Gréil a chaith formhór a shaoil ag seasamh cirt do dhreamanna a bhí agus atá faoi chois. Throid sé go láidir in aghaidh an chiníochais, an ghnéasachais agus an homafóibe. Labhair sé go héifeachtach i gcónaí ar son an lucht siúil.

Is cuí agus is cóir go gcoinneofaí cuimhne air féin agus ar a theagasc. Tá go leor cearta sibhialta le baint amach i gcónaí.

Fág freagra ar 'Is beag caint a bheadh ar Mhám Éan anois murach an tAthair Micheál Mac Gréil'