Is beag a bheidh idir na foirne sna babhtaí cáilithe iomána

Níl Port Láirge ná Gaillimh lán de mhuinín faoi láthair agus is beag a bheidh idir Corcaigh agus contae an Chláir

Is beag a bheidh idir na foirne sna babhtaí cáilithe iomána

Sula dtosnóidh mé ar chluichí an deireadh seachtaine, caithfidh mé tréaslú ó chroí le hiománaithe na hIarmhí a thug leo Corn McDonagh sa cheanncheathrú an Satharn seo caite. D’aithneofá ó ghothaí a gcolainne, óna bpocléimnigh agus ón meangadh gáire a bhí ar aghaidheanna gach duine acu go raibh muintir na hIarmhí thar a bheith sásta go raibh an corn seo buaite acu. Dar ndóigh, mar bhónas beidh siad ag imirt i gcraobhchomórtas Laighean 2022.

Beidh siad chun páirce arís inniu i gcoinne chontae Laoise chun a stádas i Roinn 1 na Sraithe a choimeád in 2021. Beidh ardchluiche anseo déarfainn agus é le feiscint ar TG4.

An rud is annamh, chonacthas babhta eile den phocléimnigh níos déanaí sa láthair chéanna ag iománaithe Chill Chainnigh i ndiaidh chluiche ceannais Laighean. Thóg sé go dtí an cheathrú dheireanach orthu Áth Cliath a chur de dhroim seoil agus deirimse leat go raibh áthas orthu.

Tuilleadh comhghairdis ag dul do Luimneach a thug leo craobh na Mumhan don tríú bliain i ndiaidh a chéile ag an deireadh seachtaine. Bhíodar go hainnis sa chéad leath agus go hiontach sa dara leath. Is minic an téarma ‘cluiche dhá leath’ ‘cloiste againn ach seo sárshampla de sin. Bhí Tiobraid Árann go hiomlán in uachtar sa chéad leath agus go hiomlán in íochtar sa dara ceann. Chonaiceamar cúl na bliana ó Kyle Hayes agus taispeántas foirne na bliana ón bhfoireann is fearr sa tír le cúpla bliain.

Bhí mórán suime sa tarraingt dos na cluichí cáilithe iomána Dé Luain seo caite agus ceithre chontae láidir go leor sa phota.

I ndiaidh teas marfach an tSathairn seo caite, is deacair d’imreoirí amaitéaracha a bheith ullamh i gceart do chluiche mór eile agus an corp agus an aigne a bheith úr agus réidh don chluiche is tábhachtaí a bheidh acu i mbliana. Ach sin an dúshlán dos na himreoirí, na bainisteoirí, na foirne leighis agus na saineolaithe nirt agus aclaíochta a thugann aire dóibh.

Caithfidh go bhfuil leantóirí na nDéise díomách go leor lena bhfoireann sinsir go dtí seo sa chraobhchomórtas. Cúil dhéanacha ó Patrick Curran agus Stephen Bennett a shábháil iad i gcoinne Laoise seachtain ó shin. Tá dhá thaispeántas a bhí leamh go leor tugtha acu go dtí seo. Ní spárálfar iad má thugann siad an tríú ceann tráthnóna, go háirithe agus an Ghaillimh ina gcoinne.

Bhí seachtain acu chun an ‘mojo’ a fháil ar ais ach an cheist mhór ná an bhfuil an ghaoth imithe as a seolta na nDéise agus Liam Cahill ina dhara séasúr? Rinne sé cúig athrú i ndiaidh dóibh stánáil a fháil ó na Cláirínigh agus cé go rabhadar go maith ar feadh tréimhsí seachtain ó shin ní rabhadar maith go leor go dtí seo i mbliana chun go mbeadh an bhainistíocht agus na leantóirí sásta leo.

Ach ní hé sin le rá go mbeidh an Ghaillimh lán le muinín ach oiread agus iad ag tabhairt faoin gcluiche i ndiaidh dóibh taispeántas leamh a thabhairt i gcoinne Átha Cliath. Cuirfidh an lá inniu deireadh le séasúr ceann díobh seo. Is deacair a rá cé acu ach is dócha gurb iad Port Láirge a chloífear.

Is deacair ach chomh beag tuar a dhéanamh ar an dara cluiche cáilithe a bheidh ar siúl i Staid Semple um thráthnóna. Seo an ceathrú cluiche craoibhe ag contae an Chláir agus an dara ceann ag Corcaigh. Tá mórán foghlamtha ag Brian Lohan faoina chuid imreoirí agus déantús na foirne. Bhíodar fós d’uireasa Shane O’Donnell an Satharn seo caite agus bhí Tony Kelly beagáinín faoin gcaighdeán an-ard atá cruthaithe aige dó féin mar dhuine des na himreoirí is fearr sa tír. Ach, san iomlán, bhí foireann an Chláir an-mhaith ach tá obair fós le déanamh acu (nó déanta faoin tráth seo) ar an gcruinneas agus ar an chomhimirt a fheabhsú.

Cé gur chaill Corcaigh i gcoinne Luimnigh bhíodar go maith agus go han-mhaith ar feadh giotaí áirithe sa chluiche sin ach ag an deireadh, chailleadar. Ní bheidh eagla ar Chorcaigh roimh fhir an Chláir agus de réir mar a chloisim bhí na seisiúin traenála a bhí acu thar a bheith iomaíoch.

Is beag a bheidh idir na foirne seo. Dar ndóigh ba mhaith liomsa go mbuafadh Corcaigh ach nílim róchinnte faoi.

Fág freagra ar 'Is beag a bheidh idir na foirne sna babhtaí cáilithe iomána'