‘Is ar an tsráid atá mé ag maireachtáil, is ann atá mé ag iarraidh bás a fháil’

Eascraíonn mórán fadhbanna, do pháistí go háirithe, as an ngéarchéim dídine

‘Is ar an tsráid atá mé ag maireachtáil, is ann atá mé ag iarraidh bás a fháil’

Lig mo chara osna agus shuigh sí síos. Ag deireadh an lae, gach uile lá, déanann sí iarracht buíochas a ghlacadh as rud éicint a tharla i rith a lae oibre.

‘B’fhéidir gur tháinig an ciseán ‘Moses’ in am, b’fhéidir go bhfuair tú seirbhís a cheap tú a thógfadh ocht mí – agus fuair tú taobh istigh de sheachtain é. Mura n-aithneodh tú na rudaí dearfacha a tharlaíonn gach lá, d’imeodh tú craiceáilte.’

Tá mo chara ag obair d’Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Clúdaíonn a ceantar trí chontae, agus tá Baile Átha Cliath ar cheann acu sin. Nuair a deir daoine go bhfuil ‘ fadhb náisiúnta’ áirithe ann, formhór an ama is fadhb í a bhaineas leis an gceantar mór millteach sin agus sin amháin.

An fhadhb is mó a ghoilleann uirthi ná na daoine gan dídean. Ní hé an ganntanas dídine féin – ach na fadhbanna sláinte a eascraíonn as.

Cén fáth, an gceapfá, go mbeadh fadhbanna corróige ag páistí óga? Cén fáth nach mbeadh na páistí sin ag siúl faoin am a sroicheann siad aois áirithe?

Mar tá na páistí sin ag ‘maireachtáil’ i seomraí óstáin, nó a leithéidí. Agus ní bhíonn cead acu corraí amach as an seomra leapa, ná spraoi sna hallaí, ná dul taobh amuigh.

Na páistí is óige, coinníonn na tuismitheoirí i suíochán linbh, nó i suíochán cairr, iad. Ar a laghad ansin bíonn siad in ann súil a choinneáil orthu agus bíonn siad in áit shábháilte, ceaptar.

Ach teastaíonn am ar an urlár ó pháistí, a deir mo chara. ‘Ní thosóidh siad ag lámhacán ná ag siúl ag an am ceart, mura bhfaigheann siad am ar an mbolg – ar an urlár.’ Tá na torthaí á bhfeiceáil anois ag na seirbhísí sláinte – páistí le corróga as alt agus siúl neamhfhorbartha acu.

Ní fheiceann éinne an íobairt ollmhór a dhéanann tuismitheoirí ar son a gcuid páistí, agus iad i gcruachás ó thaobh dídine, a deir sí. Tá aithne aici ar mháthair amháin a dhéanann an turas as deisceart Chill Mhantáin go Tamhlacht gach lá chun a cuid páistí a chur ar scoil ansin. Tógann sé dhá uair an chloig uirthi ar maidin agus arís tráthnóna (fanann sí ansin i gcaitheamh an lae).

‘Cén fáth a ndéanann sí é sin,’ a deirim féin. ‘Nach bhféadfadh sí scoil a fháil I gCill Mhantáin?’

Is é cúlra an scéil ná go rabhadar socraithe i dTamhlacht, bhí na páistí sona sásta lena scoil ansin. Ansin, díbríodh amach as an teach iad – bhí an t-úinéir ag iarraidh é a dhíol. Tugadh teach saoire dóibh i gCill Mhantáin. Agus ní mian léi a bheith ag síor-aistriú scoileanna. Níl fiú amháin sorn aici le dinnéar a réiteach. Cé mhéad béile is féidir a réiteach i ‘microwave’?

Sin rud eile – tá daoine ag cailleadh scileanna. Mura bhfuil sorn agus cistin agat – ní bheidh tú in ann béile ‘baile’ a réiteach. Nuair a fheiceann tú daoine gan jabanna, gan dídean cheart, ag ceannach bia ‘beir leat’, smaoinigh anois go mb’fhéidir nach bhfuil aon scil chócaireachta acu níos mó.

Ach tá rud eile á chailleadh ag daoine, dar le mo chara. Tá daoine ann as éadan anois nach bhfuil aon taithí ar thithíocht cheart bhuan acu. Níl páistí ag foghlaim cén chaoi le glanadh suas ina ndiaidh. Is i málaí plaisteacha nó i gcás taistil a choinnítear pé éadaí a bhíonn ag na teaghlaigh seo. Má fhaigheann siad tithíocht cheart tar éis tréimhse fhada ag maireachtáil as mála plaisteach, cén chaoi a bhféadfaidís aire a thabhairt don teach nó don árasán sin? Go minic, ní bhíonn siad in ann.

Tá sise agus a comhghleacaithe ag feiceáil torthaí an tsaoil sin anois. Feiceann siad páistí nach mbíonn in ann maireachtáil i dtithe, nach bhfuil tuiscint acu ar rialacha ‘normálta’ an tsaoil, cuid acu fiáin amach is amach.

Tugann na tuismitheoirí gan dídean aire mhaith dá bpáistí. Tugann siad iad ag an dochtúir le haghaidh na gcoinní rialta, le haghaidh instealltaí agus déanann siad gach rud ag an am ceart. Ach tá sé deacair nuair a bhíonn daoine ag bogadh thart. Nuair a fhásfaidh an páiste suas –  b’fhéidir go dtitfidh siad amach as an gcóras sláinte ansin.

Ar mo bhealach abhaile ó Chill Chainnigh inné, tháinig mé anuas bealach nua ó mhótarbhealach an M50. Thug mé faoi deara go raibh an t-uafás tithíochta agus forbairtí nua á dtógáil ar chaon taobh den bhóthar. ‘Tá siad ag tógáil arís thart anseo,’ a dúirt mé le mo chara.

‘Tá,’ a deir sí, ‘baile nua a bheas anseo – siopaí, árasáin, oifigí – gach rud a theastódh uait. Ach ní bheidh oiread agus ceann amháin de na hárasáin sin ar díol leis an duine aonair. Tá an t-iomlán díolta cheana féin ag comhlacht agus beidh siad ar cíos.’

Drochsheans go leigheasfaidh sé aon fhadhb dídine i mBaile Átha Cliath.

Clúdaíonn obair mo chara gach sórt fadhb, gach cineál scéil truamhéalaigh. Le gairid agus í ag cruinniú idir na seirbhísí éagsúla a bhíonn ag déileáil le cásanna difriúla, tháinig scéal amháin aníos a ghoill go mór uirthi.

Bhí bean gan dídean ag saothrú an bháis.

Thosaigh na seirbhísí ag cuartú ospíse, nó a leithéid di. Bhíodar den tuairim gur chóir go bhfaigheadh sí bás ‘le dínit’. Ní ghéillfeadh sí dóibh.

‘Is ar an tsráid atá mé ag maireachtáil,’ a dúirt sí. ‘Is ann atá mé ag iarraidh bás a fháil.’

Fág freagra ar '‘Is ar an tsráid atá mé ag maireachtáil, is ann atá mé ag iarraidh bás a fháil’'