Tá praiseach déanta ag an rialtas den tobhach 10% ar bhloic choincréite a d’fhógair Paschal Donohoe sa bhuiséad, mar atá ráite ó shin ag Teachtaí Dála ar chaon taobh den Dáil.
Dá mbeadh rialtas meáite ar a bheith sáinnithe ina ngaiste féin, ba dheacair smaoineamh ar cheann níos dainséaraí ó thaobh na polaitíochta de. Bhí an rialtas ag cúlú ón gcontúirt beagnach ón lá a ndúirt an t-aire airgeadais go mbeadh an tobhach á ghearradh i gceann sé mhí.
Dúirt Paschal Donohoe sa Dáil Dé Máirt gur sa bhille airgeadais, a chuireann feoil ar chnámha gach buiséid, a dhéanfadh sé cur síos ar shonraí an tobhaigh, ach is léir an dochar doleigheasta polaitiúil cheana féin.
De ghnáth, nuair a fhógraíonn aire airgeadais cáin nó scéim shuntasach nua sa bhuiséad, míníonn airí agus státseirbhísigh sa roinn a bheidh freagrach as na mionphointí d’iriseoirí go gairid tar éis óráid an aire. Ní raibh siad ábalta cur síos dá leithéid a dhéanamh ar an tobhach nua ar an 27 Meán Fómhair toisc nach raibh na mionphointí leagtha amach in aon chor.
Bhí gné amháin den scéal soiléir láithreach do chách, áfach, gné a léirigh éagothroime dhochreidte. Dá gcuirfí an tobhach i bhfeidhm mar a d’fhógair Paschal Donohoe go lom é sa Bhuiséad, bheadh praghas níos airde ar bhloic á íoc ag daoine a bheadh ag ceannach nó ag tógáil tithe nua – daoine atá ina gcónaí i dtithe lochtacha ina measc. Ní chuirfeadh sé isteach ná amach ar dhaoine eile.
Vótáil an Dáil Dé Céadaoin ar rún a mhol Sinn Féin inar moladh go ngearrfaí tobhach ar bhrabach chomhlachtaí móra tógála agus ar dhaoine a bhí freagrach as tithe lochtacha seachas ar dhaoine a bhíonn ag ceannach bloc coincréite. Ní raibh iontas ar dhuine ar bith nuair a vótáil an Dáil ina choinne.
Bhí an rún doiléir ar go leor bealaí. Mar shampla, an féidir a chruthú de réir dlí cé atá freagrach as tithe atá lochtach? Fiú dá bhféadfaí, an bhféadfaí iachall a chur orthu tobhach nó cúiteamh ar bith a íoc?
Sin ráite, níor thug Donohoe ná cainteoir ar bith ó thaobh an rialtais freagra ar cheist ghéar a chuir urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin orthu: cad a déarfaidís le húinéirí na dtithe lochtacha faoin tobhach 10% ar bhloic a bheadh orthu a íoc agus tithe nua á dtógáil acu? Nó cad a déarfaidís le ceannaitheoirí tithe nua i gcoitinne?
Tá brú leanúnach éifeachtach á chur ag cúlbhinseoirí rialtais i gcónaí ar an rialtas an tobhach a athrú. Dúirt Alan Dillon ó Fhine Gael mar shampla go raibh an-iontas air gur fógraíodh é agus dúirt Willie O’Dea ó Fhianna Fáil gur chóir ar a laghad an dáta feidhmithe (3 Aibreán 2023) a chur siar.
Tá athruithe geallta ar an tobhach ag Paschal Donohoe. Glactar leis go forleathan go mbeidh eisceachtaí sa bhille airgeadais a ísleoidh an tobhach nó a chuirfidh ar ceal é b’fhéidir i gcás ceannaitheoirí tithe nua agus daoine a bhfuil tithe nuathógtha de dhíth orthu mar gheall ar mhíoca ina dtithe féin. Dúirt an tAire sa Dáil go mbeadh forálacha sa bhille freisin a chuirfeadh iachall ar fhorbróirí (níor thagair sé do thógálaithe) an tobhach a íoc.
Idir an dá linn, tarraingeofar aird arís ar an scéal nuair a reáchtálfaidh an coiste airgeadais cruinnithe, de thoradh iarratais ón Teachta Pearse Doherty ó Shinn Féin, ag a gceisteofar ionadaithe ón tionscal tógála agus ón Roinn Airgeadais chomh maith le daoine atá ina gcónaí i dtithe lochtacha.
Tá ceapadh abhcóide sinsearach, a bhreithneodh bealaí chun dliteanas dlí a chur ar dhaoine nó ar chomhlachtaí a bhí freagrach as scannal na dtithe míoca, fós á bhreithniú ag an rialtas. Léiríonn an mhoill an deacracht. Níltear dóchasach go mbeidh sé ar chumas an stáit teacht ar sciar suntasach den airgead a theastaíonn (€2.7 billiún) chun íoc as an atógáil atá riachtanach. Deir Sinn Féin go dteastaíonn níos mó.
Ní mór an teacht isteach (€80 milliún) ón tobhach a bhí beartaithe sa bhuiséad i gcomparáid le costas €2.7bn ar a laghad. Ní bheidh iontas ar mhórán más lú an teacht isteach a bheartófar nuair a bheidh cruth nua an tobhaigh soiléir.
Idir an dá linn, is fiú cuimhneamh ar an bhfírinne dhoshéanta. Ní fiú ró-aird a thabhairt ar ghealltanas, ar iarratas ná ar chaint dhóchasach a chloistear ón rialtas ná ón bhfreasúra agus tobhach de chineál ar bith á mholadh acu.
Ní féidir comhlacht príobháideach a chosc ó phraghsanna a ardú mar gheall ar chostas breise. Íocfaidh ár bhformhór, ar dhóigh éigin, as scannal na dtithe míoca agus as an lag-rialáil náireach a cheadaigh é.
Fág freagra ar 'Is ar an bpobal a thitfidh formhór an chostais a fhágfaidh scannal na dtithe míoca ina dhiaidh'