‘Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht leis na céadta páistí ag rith thart ag caint Gaeilge’

Agus Oireachtas na Gaeilge 2019 buailte linn, chuir Tuairisc.ie ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. An t-údar, file agus drámadóir as Indreabhán, Conamara, Brian Ó Baoill atá linn an iarraidh seo, fear a bhfuil breis agus dhá scór duais bronnta air ag comórtais liteartha an Oireachtais

‘Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht leis na céadta páistí ag rith thart ag caint Gaeilge’

1. Cén bhliain a raibh tú ag do chéad Oireachtas agus céard is cuimhin leat faoi?

Rinne mé freastal ar mo chéad Oireachtas sa bhliain 1974. Bhí sé á reáchtáil i gCois Fharraige agus is cuimhin liom é mar bhain mé mo chéad duais sna comórtais liteartha an bhliain sin. Úrscéal do dhaoine óga, Ciste an Rí.

2. An rud is fearr faoin Oireachtas…

Is iad na rudaí is fearr liomsa ná an deis castáil le daoine Gaelacha ó gach áit ar fud na tíre, seanchairde agus cairde nua. Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht leis na céadta páistí agus daoine óga ag rith thart, ó imeacht go himeacht, iad corraithe go mór, agus iad ag rince, ag gáire, agus ag caint Gaeilge. Tá spéis mhór agam sna taispeántais a bhíonn ag eagrais éagsúla ar nós na Gardaí, na leabhair ó na foilsitheoirí éagsúla, Glór na nGael agus na scórtha eile.

3. An rud is measa faoin Oireachtas …

Tá sé deacair an cheist seo a fhreagairt gan an chuma a bheith air go bhfuil mé ag fáil locht ar dhuine nó ar dhaoine, rud nach bhfuil. Tuigim na deacrachtaí atá ag baint le láimhseáil na mílte, na deacrachtaí ó thaobh lóistín, ó thaobh na comórtais a reáchtáil cóngarach dá chéile agus tuigim go mbíonn lucht a riartha ag iarraidh é a bhogadh timpeall na tíre, agus cé go dtaitníonn Cill Airne go hiontach liom, is dóigh liom go bhfuil an ceart ag na stiúrthóirí an polasaí seo faoi bhogadh thart a leanacht, sa mhéid gur féidir, agus a bheith éifeachtach ag an am céanna.

4. Citywest?

Ní féidir liom a rá gur maith liom é. Tuigim na buntáistí móra a bhaineann leis ach tá míbhuntáistí chomh maith. Tá Citywest cosúil le hoileán i lár na farraige, níl sé i mbaile, agus ní dóigh liom, ó mo theagmháil le daoine a chónaíonn cóngarach go leor dó, go dtéann an tOireachtas i bhfeidhm ar aon phobal sa dúthaigh sin ó thaobh an chultúir.

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…

Téigh ann chun taitneamh a bhaint as. B’fhearr dul ann le dlúthchara más féidir. Faigh cóip de Chlár na Féile. Mura bhfuil aithne agat ar dhaoine, ná bí cúthaileach, labhair le daoine, suigh síos cóngarach do dhuine agus bí ag caint leis nó léi, bíonn chuile dhuine cairdiúil ag an Oireachtas. Bog ó imeacht go himeacht. Déan iarracht an oiread agus is féidir a fheiceáil.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Dá mbeadh orm rogha a dhéanamh, roghnóinn Corn Uí Riada, ach bheinn ag iarraidh bualadh isteach go Club na Féile chomh maith.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Ó tharla go bhfuil spéis mhór i gcúrsaí liteartha agam, bheinn ag iarraidh teacht ar bhealaí chun spéis an phobail go ginearálta i leabhair agus i ndrámaí Gaeilge a spreagadh agus chuige sin, ócáid an-spleodrach a dhéanamh as Bronnadh na nDuaiseanna Liteartha. Ceapaim, chomh maith, go mbeadh comhoibriú ó thaobh cúrsaí liteartha idir an tOireachtas agus Glór na nGael tairbheach.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Sluaite móra Gaelacha, daoine ag baint taitneamh as, spórt agus spraoi, riaradh éifeachtach, dea-aoibh ar gach éinne.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Dul a luí, agus éirí, measartha luath, measarthacht mheasartha, dea-chomhluadar.

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Bíonn gach Oireachtas iontach ach bhí ceann amháin ann nuair a bronnadh duais liteartha ar gharmhac liom, Oisín Ó hEartáin, agus duais liteartha eile orm féin. Ba Oireachtas ar leith an ceann sin.

Fág freagra ar '‘Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht leis na céadta páistí ag rith thart ag caint Gaeilge’'