Is ag Liverpool atá an fhoireann is fearr ach draíocht Pochettino ag Spurs

Liverpool agus Tottenham Hotspur a thabharfaidh aghaidh ar chluiche ceannais Shraith na gCuradh anocht

Is ag Liverpool atá an fhoireann is fearr ach draíocht Pochettino ag Spurs

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Liverpool v Tottenham Hotspur – 8.00pm (Beo ar Virgin Media One)

Oíche ollmhór í an oíche anocht d’fhoirne Liverpool agus Tottenham Hotspur agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Shraith na gCuradh i Maidrid. Cé go bhfuil aithne mhaith ag na foirne ar a chéile ó bheith ag imirt i bPríomhroinn Shasana, tá cluiche na hoíche anocht níos tábhachtaí ná aon chluiche a imríodh eatarthu riamh roimhe seo.

Is iomaí cor agus casadh a chuir na foirne seo díobh chun áit a bhaint sa gcluiche ceannais. Ar éigean a thug an dá fhoireann na cosa leo as babhta na ngrúpaí cé gur éirigh leis an dá fhoireann teacht aniar iontach a dhéanamh sna babhtaí leathcheannais.

Tar éis dóibh cailliúint 3-0 i gcoinne Barcelona sa chéad chluiche, bhí bua dochreidte 4-0 ag Liverpool in Anfield chun Lionel Messi agus a chuid comhghleacaithe a chloí.

An oíche dár gcionn, ba iad Spurs a bhí faoi bhrú tar éis d’Ajax an ceann is fearr a fháil orthu sa gcéad chluiche ach tháinig foireann Mauricio Pochettino slán, a bhuíochas de thrí chúl a d’aimsigh Lucas Moura, an tríú ceann acu leis an gcic deireanach sa chluiche.

Tá beagnach ceithre seachtaine caite ó imríodh na cluichí sin agus is cinnte go ndeachaigh an briseadh chun tairbhe do Spurs. Gortaíodh Harry Kane sna babhtaí ceathrú ceannais i gcoinne Manchester City ach tá an Sasanach ar fáil arís.

Tá cinneadh le déanamh ag Pochettino an bhfuil sé ag iarraidh an tosach a chur chun páirce anocht. Níor imir Kane ó gortaíodh é agus seans gur in áit Moura, laoch na himeartha i gcoinne Ajax, a bheadh sé ag teacht.

Níl aon chinneadh ródhian le déanamh ag bainisteoir Liverpool Jurgen Klopp. Ní bheidh Naby Keïta in ann imirt anocht ach tá Roberto Firmino tagtha chuige féin arís. An t-aon chinneadh atá le déanamh ag Klopp ná an triúr i lár páirce a roghnú. Tá Jordan Henderson, James Milner, Gini Wijnaldum agus Fabinho uile ar fáil ach níl áit ar an bhfoireann ach do thriúr acu.

Tar éis dóibh cluiche ceannais na bliana seo caite a chailliúint i gcoinne Real Madrid, beidh Liverpool ag iarraidh a chinntiú go mbeidh siad ag ceiliúradh anocht ach ní bheidh sé éasca.

Cé nach bhfuil aon taithí ag Spurs ar chluichí ceannais Shraith na gCuradh, is bainisteoir den scoth é Pochettino agus is léir go bhfuil imreoirí Spurs faoi gheasa aige.

Is ag Klopp atá an fhoireann is láidre, chríochnaigh siad 26 pointe chun tosaigh ar Spurs sa Phríomhroinn an séasúr seo, agus cé gur cheart do Liverpool cluiche na hoíche anocht a bhuachan, ní i gcónaí a théann rudaí de réir mar a bhítear a cheapadh.

Rogha Tuairisc.ie: Liverpool

Fág freagra ar 'Is ag Liverpool atá an fhoireann is fearr ach draíocht Pochettino ag Spurs'