‘IRISH PAPER 1 WAS SO SIMPLE I WALKED OUT HALF AN HOUR EARLY’ – daoine sásta go maith le scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh

Dealraíonn sé nár chuir páipéir scrúdaithe Gaeilge an Teastais Shóisearaigh mórán anró ná stró ar scoláirí na hÉireann inniu

‘IRISH PAPER 1 WAS SO SIMPLE I WALKED OUT HALF AN HOUR EARLY’ – daoine sásta go maith le scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh

Is cosúil gur beag mairg a chuir páipéir scrúdaithe Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ar scoláirí inniu.

Bhíothas sásta nach raibh aon rud ar an dá pháipéar nach mbeifeá ag súil leis agus tuairiscítear go raibh an dá pháipéar féaráilte.

I measc na n-ábhar a bhí ar pháipéir an lae inniu bhí sliocht as Dialann Dúradán (Diary of a Wimpy Kid) agus píosa faoin gcraoltóir Eoghan McDermott a bhí le hathscríobh san aimsir chaite.

I measc na sleachta eile ar na páipéir, bhí sliocht as ‘An Lamborghini Buí’ le hIarla Mac Aodha Bhuí agus na dánta ‘Deireadh na Feide’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus ‘Breacsholas’le Colette Nic Aodha.

Den chuid is mó is ag trácht ar chomh héasca is a bhí an scrúdú Gaeilge a bhí na scoláirí a roinn a gcuid tuairimí faoi ar na meáin shóisialta.

Ar ndóigh ní scrúdú Gaeilge go gearán faoi chanúint Dhún na nGall sa chluastuiscint.

Is cosúil freisin go rabhthas ag súil go mór go mbeadh gearrscéal cáiliúil Phádraic Uí Chonaire ‘An tÁdh’ ar an bpáipéar.

Mheas duine eile go mb’fhéidir go raibh sé sa chinniúint go mbeadh Eoghan McDermott luaite sa scrúdú.

Fág freagra ar '‘IRISH PAPER 1 WAS SO SIMPLE I WALKED OUT HALF AN HOUR EARLY’ – daoine sásta go maith le scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh'

  • Dónall

    Canúint Dhún na nGall ar an pháipéar scrúdaithe. Dá ndéanfaí go leor cleachtadh ní bheadh aon fhadhb. Tá múinteoirí ann nach mbacann é a dhéanamh lena ndaltaí mar nach dtuigeann siadsan é. Náireach.

  • Colin Ryan

    An ndearnadh simplí d’aonghnó é chun go n-éireodh leis an uimhir ab airde sa scrúdú? Tá sé thar am agaibh thall (ní Éireannach mé) an Ghaeilge éigeantach a chaitheamh i dtraipisí. Níl de thoradh uirthi ach seafóid agus easpa cumais.

  • Bibi

    Ní dóigh liom gur rud maith é caighdeán a ísliú chun go bhféachfadh staitisticí sláintiúil.
    Is dóigh liom gur masla é don dteanga go dtabharfaí le tuiscint do scoláirí go bhfuil cáilíocht pas acu san Teastas Sóisireach agus gan mórán tuisceana acu ar an dteanga, ach táimse sean aimseartha!

  • Mánus

    Má bhí an scrúdú éasca do scoláirí na meánscoileanna Bhéarla cinnte le Dia gur jóc a bhí ann do scoláirí na nGaelscoileanna.
    Teastaíonn curaclam eile dos na Gaelscoileanna le scrúdú ar comhchaighdeán leis an scrúdú Bhéarla.