‘Irish’ Micky Ward le leagan Béarla Rocky Ros Muc a sheoladh i mBostún amárach

Is é iarchuradh dornálaíochta an domhain Micky Ward a sheolfaidh The Man Who Was Never Knocked Down amárach, leagan Béarla den leabhar a insíonn scéal Sheáin Uí Mhainnín

‘Irish’ Micky Ward le leagan Béarla Rocky Ros Muc a sheoladh i mBostún amárach

Seolfaidh iarchuradh dornálaíochta an domhain Micky Ward an leagan Béarla den leabhar Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire i mBostún tráthnóna amárach.

The Man Who Was Never Knocked Down teideal an leabhair nua atá aistrithe ag Rónán Mac Con Iomaire féin.

Is Meiriceánach é Ward a bhfuil ceangal láidir aige le hÉirinn. ‘Irish’ Micky Ward an leasainm a bhíodh air agus é ag troid. Bhuaigh Ward craobh mharcmheáchan éadrom an IBF in 2000 agus bunaithe ar a shaol a bhí an scannán mór The Fighter.

Seolfaidh Ward an leabhar nua i JJ’s Irish Pub & Grille in Dorchester i mBostún amárach ag 6.00i.n. (am na háite).

Beidh seoladh eile ann i Nua-Eabhrac Dé Sathairn seo chugainn, an 30 Meitheamh, i Keane’s Bar & Restaurant sna Bronx, ag 6.00i.n.

Bhí an-ghlacadh le Rocky Ros Muc nuair a foilsíodh ar dtús é in 2013. Leabhar é a chuireann síos ar shaol Sheáin Uí Mhainnín, a throid do Chraobh Dornálaíochta an Domhain in Madison Square Garden tar éis dó Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe a fhágáil ag tús na 1970í.

Is iad Rowman & Littlefield, ceann de na foilsitheoirí neamhspleácha is mó i Meiriceá, atá ag foilsiú an leabhair.

“Tá mé féin thar a bheith sásta go mbeidh an leabhar á fhoilsiú i mBéarla agus go dtarraingeoidh sé tuilleadh airde ar scéal Sheáin agus an méid a bhain sé amach,” a dúirt Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie nuair a fógraíodh go raibh an conradh sínithe aige leis na foilsitheoirí anuraidh.

Dúirt an t-údar go mbeadh an leabhar mórán mar a chéile leis an leagan Gaeilge ach go raibh ábhar nua tagtha chun solais ó shin agus gur cuireadh é sin isteach agus gur baineadh ábhar eile amach nach bhfeilfeadh léitheoirí idirnáisiúnta.

Tá gradaim idirnáisiúnta buaite ag an scannán faisnéise Rocky Ros Muc atá bunaithe ar an leabhar agus ba é an chéad scannán fada faisnéise Gaeilge a bhain áit amach ar fhadliosta na n-ainmniúchán do na Gradaim Oscar.

Fág freagra ar '‘Irish’ Micky Ward le leagan Béarla Rocky Ros Muc a sheoladh i mBostún amárach'