The Man Who Was Never Knocked Down – scéal Sheáin Uí Mhainnín le foilsiú i mBéarla

Tá Rocky Ros Muc, leabhar Rónáin Mhic Con Iomaire faoin dornálaí, le foilsiú i mBéarla den chéad uair an bhliain seo chugainn

The Man Who Was Never Knocked Down – scéal Sheáin Uí Mhainnín le foilsiú i mBéarla

Tabharfar The Man Who Was Never Knocked Down ar an leagan Béarla den leabhar a insíonn scéal an iardhornálaí, Seán Ó Mainnín, nuair a fhoilsítear é an bhliain seo chugainn.

Tá conradh sínithe ag údar Rocky Ros Muc, Rónán Mac Con Iomaire, le foilsitheoir Meiriceánach Rowman & Littlefield chun scéal an Mhainnínigh a chur i gcló i mBéarla agus é a chur ar fáil go hidirnáisiúnta.

Seán Ó Mainnín

Glacadh go maith le Rocky Ros Muc nuair a foilsíodh ar dtús é in 2013 agus an leabhar ag cur síos ar shaol Uí Mhainnín, a throid do Chraobh Dornálaíochta an Domhain in Madison Square Garden tar éis dó Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe a fhágáil ag tús na 1970í.

Léirigh comhlachtaí foilsitheoireachta i Meiriceá agus sa Bhreatain suim sa leabhar agus is iad Rowman & Littlefield, ceann de na foilsitheoirí neamhspleácha is mó i Meiriceá, a chuirfidh an leagan Béarla ar fáil.

Tá scannán faisnéise atá bunaithe ar leabhar Mhic Con Iomaire anois á thaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus deir an t-údar go gcuireann sé fáilte roimh aon rud a chuirfidh gaiscí Uí Mhainnín chun cinn.

“Tá mé féin thar a bheith sásta go mbeidh an leabhar á fhoilsiú i mBéarla agus go dtarraingeoidh sé tuilleadh aird ar scéal Sheáin agus an méid a bhain sé amach.”

Deir Mac Con Iomaire féin cé gurb é an scéal céanna a bheidh á insint aige agus a d’inis sé i Rocky Ros Muc, go mbeidh roinnt oibre le déanamh aige ar an leabhar nua, agus ní toisc go mbeidh sé dírithe ar phobal idirnáisiúnta an t-aon údar leis an obair bhreise sin.

“Cosúil le gach rud a fhoilsítear, tá ábhar nua tagtha chun solais a bheidh mé ag iarraidh a chur isteach. Beidh ábhar eile le baint amach, ábhar, b’fhéidir, nach bhfeilfeadh pobal idirnáisiúnta,” a deir Mac Con Iomaire.

Is i ndeireadh an earraigh 2018 a fhoilseofar The Man Who Was Never Knocked Down.

Fág freagra ar 'The Man Who Was Never Knocked Down – scéal Sheáin Uí Mhainnín le foilsiú i mBéarla'