Iontais na n-ealaíontóirí le blaiseadh ag IMRAM 2022 gan tabhairt faoi aon turas farraige

Tá ceol, drámaíocht, filíocht, prós is draíocht geallta d’óg is aosta ag Féile IMRAM 2022 i mBaile Átha Cliath

Iontais na n-ealaíontóirí le blaiseadh ag IMRAM 2022 gan tabhairt faoi aon turas farraige

Agus a scíth ligthe anois ag lucht pinn is ceoil an Oireachtais tá féile mhór eile chugainn sa bpríomhchathair – féile IMRAM 2022, áit a bhféadfar iontais na n-ealaíontóirí a bhlaiseadh gan tabhairt faoi aon turas farraige.

Tá an fhéile seo ar siúl ón 10 -20 Samhain agus éagsúlacht bhreá á soláthar in ionaid éagsúla san ardchathair.

Cuirfear tús le cúrsaí i leabharlann an Lexicon ar bhruach na mara i nDún Laoghaire ag Imram na nÓg mar a mbeidh Gráinne Holland agus a cairde ceolmhara faoi réir le páistí idir 5-9 mbliana a thabhairt ar thuras draíochta go tír na sí le scéalta, ceol, amhráin agus rince.

Istigh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag am lóin beidh triúr scríbhneoirí, Máirín Nic Con Iomaire, Seán Ó Muireagáin agus Ógie Ó Céilleachair, ag léamh as a gcuid leabhar nua féin.

Ar an Luan an 12 Samhain beidh ócáid an-spéisiúil in Ionad an Scríbhneoirí agus beirt fhilí as Ciarraí ag tabhairt éachtaint ar a saothar agus an tionchar a bhíonn ag an nádúr air. Sa scannán Mapaí agus Finscéalta scrúdaíonn an file Paddy Bushe an nasc idir an fhilíocht, an dinnseanchas agus an mhiotaseolaíocht. Ag an ócáid chéanna seolfar leabhar dátheangach nua filíochta le Ceaití Ní Bheildiúin Lig don nGiorria Suí agus aistriúchán Béarla déanta ag Pady Bushe ar na dánta, a bhfuil an tírdhreach thart faoi Chnoc Bréanainn ina lár.

San ionad céanna tráthnóna Dé Máirt beidh an scríbhneoir bisiúil Darach Ó Scolaí faoi agallamh poiblí ag Cathal Póirtéir.

Oíche speisialta eile a bheidh in Ionad na Scríbhneoirí ag a 7.00pm, an 16 Samhain. nuair a bheidh an scríbhneoir Tomás Mac Síomóin á chomóradh agus é imithe uainn ar shlí na fírinne. ‘File agus Fear Conspóide’ atá tugtha ar an gcomóradh agus painéal breá ann lena shaol agus a shaothar a phlé – Cathal Póirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Mícheál Mac Aonghusa, Máirín Nic Eoin, Celia de Fréine agus Éamon Ó Ciosáin.

An lá dár gcionn, beidh GRINDR, SAGHDAR & CHER, trí mhonalóg á léiriú ar stáitse amharclann Smock Alley ag a 8.00pm, saothar a chonaic solas an lae ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

I Smock Alley freisin a bheidh ‘Port an tSaoil Tionscadal Kate Bush’ againn agus Caitríona O’Leary agus a cairde ceoil ag cur leagan Gaeilge, a chum an t-aistritheoir nótáilte Gabriel Rosenstock, d’amhráin Bush inár láthair.

An Rosenstock ildánach céanna a bheidh ag déanamh moltóireacht ar an gcomórtas filíochta do Dhuais Haiku Bashō. Tionscadal do dhaltaí iar-bhunscoile é seo inar iarradh ar na daltaí haiku a chumadh, i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach agus déanfaidh Gabriel, máistir Haiku é féin, breithiúnas ar thoradh a saothair. Ba é Bashō na Seapáine a chum an chéad Haiku sa seachtú haois déag.

Tá an t-eolas go léir le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Iontais na n-ealaíontóirí le blaiseadh ag IMRAM 2022 gan tabhairt faoi aon turas farraige'

  • Gabriel Rosenstock

    Díreach le rá nárbh é Matsuo Basho a chum an chéad haiku riamh ach b’eisean a thug an seánra chun foirfeachta.
    Tháinig duaisiarrachtaí sa chomórtas haiku as Ciarraí, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin, dála an scéil.
    Mura bhfuil a fhios ag daoine cad is haiku ann, tá scata leabhar ilteangach saor in aisce ar fáil, mar shampla:
    https://www.edocr.com/v/r9vj0jpl/gabrielrosenstock/a-scent-of-loneliness