Ionradh mhná na hÉireann ar pheil na hAstráile faoi lán seoil

18 bean as Éirinn atá ag dul chun páirce san Astráil an deireadh seachtaine seo

Ionradh mhná na hÉireann ar pheil na hAstráile faoi lán seoil

Nuair a chuirfear tús le Sraithchomórtas Peile Ban na hAstráile (AFLW) an deireadh seachtaine seo chugainn beidh ocht nduine dhéag a d’imir i gCraobhacha idirchontae CLG Pheil na mBan na hÉireann ar liostaí na gclubanna a bheas san iomaíocht.

Ba í Cora Staunton an chéad duine nárbh Astrálach í a shínigh conradh le foireann san AFLW nuair a chuaigh sí chuig Great Western Sydney Giants trí bliana ó shin. Sa samhradh seo caite bhain gortú di a d’fhág an baol ann nach n-imreodh sí arís choíche, ach buíochas le Dia níorbh amhlaidh an cás agus scóráil Cora dhá chúl dá foireann i gcluiche dúshláin an deireadh seachtaine seo caite tar éis di filleadh ón mbaile, áit ar ndearna sí a cion i mbua Cheathrú na gCon i gCraobh Shinsearach Mhaigh Eo don 20ú bliain as a chéile.

Is léiriú ar an meas atá thall ar an Standúnach gur vótáil a comhghleacaithe le gairid go mbeadh sí mar ionadaí de chuid an chlub sa bhfeachtas Pacific Women’s Sports Leadership Program – tionscnamh rialtais ar mhaithe le méadú a chur ar rannpháirtíocht an phobail sa spórt.

Beidh an Conallach Yvonne Bonner mar chomrádaí imeartha ag Cora an séasúr seo arís. Ba í bean Ghleann Fhinne a scóráil ‘Cúl na Bliana’ do na Giants an séasúr seo caite. Tá sise chomh tugtha sin don chluiche thall agus nár fhill sí ar an mbaile le linn an tsamhraidh beag ná mór agus go mb’éigean dá contae dúchais déanamh dá huireasa i gcraobhchomórtas CLG.

A bhuíochas do scéim a bhfuil ‘Cross Coders’ mar ainm air a d’éirigh le formhór na nÉireannach dul thar tairseach i bPeil Ban na hAstráile. Dhá bhliain ó shin eagraíodh campa i Melbourne ag ar tugadh deis do pheileadóirí Éireannacha a gcuid scileanna a léiriú agus léargas a thabhairt freisin ar an gcumas a bheadh iontu na scileanna sin a chur in oiriúint don liathróid ubhchruthach.

Anuraidh ba i mBaile Átha Luain a bhí sé ar bun, áit ar chaith na hAstrálaigh deireadh seachtaine ag tabhairt a mbreithiúnais ar mhianach na gcailíní Éireannacha – imreoirí rugbaí agus camógaíochta chomh maith leis na peileadóirí.

Tá seisear a d’fhreastail ar an gcampa ina measc siúd ar tairgeadh conarthaí dóibh agus iad le n-áireamh i measc na n-ocht nduine dhéag Éireannach a bheas ag imirt san AFLW i mbliana. Orthu sin tá na deirfiúracha Niamh agus Grace Kelly as Both Chomhla i dTuaisceart Mhaigh Eo a d’fhág postanna múinteoireachta ina ndiaidh go dtiocfadh siad ag imirt le ceann de na foirne nua atá sa tsraith i mbliana – na West Coast Eagles atá lonnaithe in Perth.

Bean eile a d’fhág post den chineál céanna ina diaidh is ea Mairéad Seoighe as Cumann Naomh Pádraig ar an bhfairche, bean a bhí ag teagasc ar an gCaisleán Nua in aice Bhaile Átha an Rí. Le cumann nua eile North Melbourne a imreoidh Mairéad, áit a mbeidh Aileen Gilroy as Cill Ala mar chomrádaí aici – d’imir an bheirt acu in aghaidh a chéile i bPáirc an Chrócaigh i mí Lúnasa sa caite nuair a bhuaigh Gaillimh ar Mhaigh Eo de chúilín i mbabhta leathcheannais na hÉireann.

Áth Cliath a bhuaigh an chraobh sin faoi dheireadh ar ndóigh agus beidh beirt a bhí ar an bhfoireann sin – Sinéad Goldrick agus Niamh McEvoy ag imirt le Melbourne, an club is mó sa gcomórtas a bhfuil ceangal leis an tír seo acu mar ar ndóigh go mba leo a bhí Jim Stynes.

Is é Melbourne príomhchathair na peile san Astráil. Is ansiúd atá leath na bhfoirne atá i sraithchomórtas na mban agus na bhfear. Collingwood an ceann is gaire de lár na cathrach agus ceapann an club sin gur mór atá i ndán do Sarah Rowe as Béal an Átha a bhfuil dhá bhliain caite aice ina dteannta. Níl sí ach 24 bliain d’aois, lúthchleasaí den scoth a d’imir sacar d’Éirinn freisin agus a fuair an gradam ‘Imreoir na Bliana’ in Collingwood anuraidh. Ní ón ngaoth a thug sí é. Bhí a seanathair Paddy Jordan ar dhuine acu siúd a bhuaigh bonn chraobh na hÉireann le Maigh Eo i 1951.

Go dtí le fíorghairid bhí baol láidir ann nach mbuailfí aon chic ar an liathróid i séasúr 2020 an AFLW – bhí na himreoirí agus na húdaráis in adharca a chéile agus líon na gcluichí a d’imreofaí i gcaitheamh an tséasúir ar an gcnámh spairne ba mhó eatarthu. Bhí na himreoirí ag éileamh tuilleadh cluichí ós rud é go raibh curtha le líon na bhfoirne agus gan iad siúd atá i gceannas ag teacht leo.

Faoi dheireadh thángthas ar réiteach – 16 cluiche a bheas i gceist i mbliana, méadófar sin an dá shéasúr dár gcionn. Méadófar freisin tuarastal na n-imreoirí atá roinnte in ceithre ghrád. $30,000 Astrálach (€18,000) a thuillfidh imreoirí Grád 1 agus as sin síos go dtí tuairim a leath a bheidh le fáil ag imreoirí Grád 4 nó ‘rookies’ mar a thugtar orthu.

Mar is léir uaidh sin ní hé an t-airgead atá ag mealladh na mban seo ach deis a fháil mian a gcroí a leanacht agus seans a thapú saol an lúthchleasaí ghairmiúil a leanacht.

Níl duine acu is mó a thuilleann sin ná an Conallach Katy Herron a tógadh ar fheirm chaorach i nGleann Fhinne. Tá deich mbliana caite ag Katy, múinteoir ar an Srath Bán, ag imirt le foireann shinsearach Dhún na nGall. Nuair a bheadh daoine eile a bhfuil mac 7 mbliana d’aois acu ag cuimhneamh ar éirí as an imirt, fuair Herron tairiscint nár fhéad sí a eiteachtáil ag tús an tséasúir seo ó na Western Bulldogs. Tá sise agus Joshua ag súil go mór anois leis an gcéad chluiche in aghaidh na Goldcoast Suns Dé Sathairn seo chugainn.

Níor chaill ‘bean an mhisnigh’ riamh ach an oiread é!

Seo iad na himreoirí:

• Sinéad Goldrick (Melbourne FC / Áth Cliath)

• Niamh McEvoy (Melbourne FC / Áth Cliath)

• Cora Staunton (GWS Giants / Maigh Eo)

• Yvonne Bonner (GWS Giants / Dún na nGall)

• Sarah Rowe (Collingwood / Maigh Eo)

• Aishling Sheridan (Collingwood / An Cabhán)

• Aisling McCarthy (Western Bulldogs / Tiobraid Árann)

• Katy Herron (Western Bulldogs / Dún na nGall)

• Niamh Kelly (West Coast Eagles / Maigh Eo)

• Grace Kelly (West Coast Eagles / Maigh Eo)

• Kate Flood (Fremantle / Lú)

• Áine Tighe (Fremantle / Liatroim)

• Aileen Gilroy (North Melbourne / Maigh Eo)

• Mairéad Seoighe (North Melbourne / Gaillimh)

• Ailish Considine (Adelaide Crows / An Clár)

• Orla O’Dwyer (Brisbane Lions / Tiobraid Árainn)

• Joanne Doonan (Carlton Blues / Fear Manach )

• Clara Fitzpatrick (St Kilda / An Dún)

Fág freagra ar 'Ionradh mhná na hÉireann ar pheil na hAstráile faoi lán seoil'