Ionradh á dhéanamh ag alfraitsí Kneecap ar an seansaol

Tá rith an rása le Kneecap ar an saolta seo, go mórmhór i ndiaidh a ngaisce scannánaíochta agus alftraitsíochta ag féile Sundance. Ní haon ionadh go bhfaigheadh siad glaoch ón Late Late Show. An clár ón seansaol ag cur agallaimh ar an saol nua, b’ait an feic é ar uairibh Go deimhin más fíor scéal […]

Ionradh á dhéanamh ag alfraitsí Kneecap ar an seansaol

Tá rith an rása le Kneecap ar an saolta seo, go mórmhór i ndiaidh a ngaisce scannánaíochta agus alftraitsíochta ag féile Sundance. Ní haon ionadh go bhfaigheadh siad glaoch ón Late Late Show. An clár ón seansaol ag cur agallaimh ar an saol nua, b’ait an feic é ar uairibh

Go deimhin más fíor scéal thosaigh an drámaíocht agus an gach re sea sular gcuadar amach ar stáitse fiú. Léiritheoirí RTÉ ag bagairt go gcuirfí an t-agallamh agus an taispeántas ar ceal mura gcloífeadh siad le polasaí an stáisiún agus gan suaitheantas polaitiúil a chaitheamh, sa chás seo tacaíocht do mhuintir na Palaistíne. Ní fada a bhíodar suite nuair a bhain DJ Próvaí a gheansaí de lena T-léine tacaíochta a nochtadh. Thosaigh Patrick Kielty ag breith chuige féin agus b’éigean dó dríodar cainte a dhéanamh faoin oibiachtúlacht agus dhá insint ar gach scéal. Bhí fuar aige. D’fhreagair Móglaí Bap é go pointeáilte á rá go rabhadar tiomanta a n-ardán a úsáid le haird a dhíriú ar an slad sa Phalaistín.

Ní fada ina dhiaidh sin gur bhronn DJ Próvaí balaclava trídhathach air agus meabhraíodh d’fhear an Dúin nárbh é an chéad uair aige ceann a chaitheamh (tagairt do mhír ghrinn a dhein Kielty ina óige ar an gclár céanna). Bhí sé ag éirí corrthónach, míchompordach. Mar a dúirt sé go seanbhlastúil níos déanaí ba bhreá leis dá mbeadh cuid de na freagraí ar eolas aige roimh ré. Bhí airgead á thuilleamh aige. Bhí amanna go raibh sé os cionn a bhuille, áfach. Agus é ag trácht ar dhúil an triúir sa cheol dúirt sé nach Run-DMC a bhíodh aige ina óige féin ach “Run from the RUC”.

Ní ag fonóid amháin atá na fearaibh seo, tá rud le téagar le rá acu faoi cheisteanna éagsúla – ón tráma idirghlúine go staid na teanga. Ní seicteachas atá ina gcuid cainte ach aoir, tá fúthu pobail a tharraingt le chéile seachas iad a scaradh. Ní thuigeann lucht a gcáinte, seanphlandaí an DUP go háirithe, gur spreagadh dóibh atá sa cháineadh agus san alltacht. Is dual san do cheardaithe na haoire trí chéile.

Tá a gcion féin déanta ag an triúr seo don Ghaeilge. Mo Chara ag rá go bhfuil sé ceart go leor Gaeilge a labhairt i mBaile Átha Cliath ach is rud conspóideach, polaitiúil é an rud céanna a dhéanamh dhá uair an chloig suas an bóthar. Faoi mar a luaigh siad go minic is fuirist a bheith conspóideach sna Sé Chontae.

Ba mhithid gur dreas cainte faoin nGaeilge a chuir clabhsúr lena n-agallamh ar an Late Late. Móglaí Bap ag maíomh gur le gach duine an teanga agus gur rud í a d’fhéadfadh na pobail a tharraingt le chéile.

Fág freagra ar 'Ionradh á dhéanamh ag alfraitsí Kneecap ar an seansaol'

  • Paul Laughlin

    b’ait an feic é gan amhras. Deacair a shamhlú a leithéid de rud ag tarlú nuair a bhí Ryan Tubridy i réim ! Maith iad uilig!