Ioncam fógraíochta Raidió na Gaeltachta le caitheamh ar sheirbhísí eile RTÉ

Os cionn €600,000 a thuill RTÉ Raidió na Gaeltachta ó fhógraí tráchtála ó cuireadh deireadh leis an gcosc fógraíochta, ach ní fhanfaidh an t-airgead sin i gciste an stáisiúin Gaeltachta féin

Ioncam fógraíochta Raidió na Gaeltachta le caitheamh ar sheirbhísí eile RTÉ

Caithfear an t-ioncam nua atá ag Raidió na Gaeltachta ó fhógraí ar na seirbhísí uilig atá ag RTÉ seachas ar an stáisiún Gaeilge amháin.

Tuigtear do Tuairisc gur tuilleadh os cionn €600,000 ó fhógraí tráchtála a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le breis agus bliain anuas ach ní fhanfaidh an t-airgead sin i gciste an stáisiúin Ghaeltachta féin.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid RTÉ do Tuairisc an tseachtain seo go gcruinnítear an t-ioncam ar fad ó fhógraí tráchtála “go lárnach” in RTÉ agus go gcaitear an t-airgead ar gach cainéal agus seirbhís de chuid an chraoltóra seirbhíse poiblí.

Fágann sé seo go bhféadfadh sé go gcaithfear airgead a fuarthas trí fhógraí a dhíol ar RTÉ RnaG ar stáisiúin eile raidió dála RTÉ Radio One nó RTÉ Lyric FM nó RTÉ 2fm nó ar stáisiúin teilifíse dála RTÉ One nó RTÉ News Now, nó ar ábhar d’ardáin ar líne na heagraíochta dála RTÉ Entertainment.

Faoin reachtaíocht teanga a tugadh isteach in 2021, tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fógraí ar na meáin Ghaeilge.

Is é an tuiscint a baineadh as an bhforáil faoin 5% sin ná gur ar leas na meán Gaeilge a ghabhfadh an t-airgead. Ach fágann an t-eolas nua seo ó RTÉ go bhfuil an baol ann nach bhfaighidh RTÉ RnaG aon phingin ón ioncam a  thuilltear ó na fógraí a chraoltar ar an stáisiún.

Cinneadh mór a bhí ann deireadh a chur leis an gcosc ar fhógraí tráchtála ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anuraidh. Bhí an cosc i bhfeidhm ó bunaíodh an stáisiún os cionn leathchéad bliain ó shin i 1972. Tháinig an t-athrú ar an bpolasaí fadbhunaithe i bhfeidhm tar éis do lucht bainistíochta an stáisiúin a machnamh a dhéanamh ar an dualgas reachtúil a tugadh isteach do chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraí a chur i nGaeilge.

Dúirt lucht bainistíochta RnaG ag an am gurbh é an plean a bhí ann an t-ioncam nua a úsáid le hinfheistíochtaí caipitil a dhéanamh sa teicneolaíocht agus le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí RnaG agus ar chartlann an stáisiúin. Thug ceannasaí RnaG, Gearóid Mac Donncha, le fios in 2022 go dtarlódh go ndéanfaí níos mó craoltaí seachtracha chomh maith.

Craoltar na fógraí ar Raidió na Gaeltachta ar bhuille na huaire ar feadh dhá nóiméad go leith gach uair an chloig idir 7am agus 7pm.

Tharraing droch-chaighdeán na teanga agus na foghraíochta ar chuid de na fógraí stáit a craoladh ar RTÉ RnaG anuraidh gearáin go leor. Dúirt Muireann Ní Mhóráin, iarcheannasaí na Comhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, go raibh an Ghaeilge chomh holc sin ar chuid de na fógraí a craoladh ar Raidió na Gaeltachta go raibh siad “dothuigthe”. Thug Gearóid Mac Donncha geallúint go n-éireodh an stáisiún as a bheith ag craoladh na bhfógraí lochtacha sin.

Fág freagra ar 'Ioncam fógraíochta Raidió na Gaeltachta le caitheamh ar sheirbhísí eile RTÉ'

  • an cantalóir is measa riamh

    is léir domsa nach bhfuil RTÉ doicheallach ó thaobh na gaelainn de. náireach ar fad

  • WTF

    Cén chaoi a gceapann siad go bhfuil sé sin ceart nó cóir?
    Na cearca ag breith thiar agus na huibhe á n-ithe thoir acu?

  • Éisteoir Rialta

    Cén sciar den airgead a shaothrós RTÉ ina iomláine de bharr fógraíocht ar na stáisiúin éagsúla a chuirfear i dtreo RnaG, an bhfuil a fhios agaibh? An bhfuil an baol ann gur lú ná €600,000 a chaithfí ar RnaG, abair?

    Agus ós ag caint ar chaighdeán Gaeilge na bhfógraí stáit é, an bhfuil lucht bainistíochta RnaG den tuairim go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal ó shin? Ní léir dom féin go bhfuil, agus cheapfainn gurb é a fhearacht chéanna é ag éisteoirí go leor eile.