Ionad nua réamhscolaíochta le tógáil i gCois Fharraige

Fógróidh Aire Stáit na Gaeltachta amárach deontas le tacú le tógáil ionad luathoideachais ar láthair scoil na bhForbacha

Ionad nua réamhscolaíochta le tógáil i gCois Fharraige

Tá ionad nua réamhscolaíochta lán-Ghaeilge le tógáil i nGaeltacht Chois Fharraige.

Fógróidh Aire Stáit na Gaeltachta amárach go bhfuil deontas le híoc le Coiste Naíonra na bhForbacha i gConamara le tacú le tógáil ionad luathoideachais ar láthair scoil na bhForbacha le hais an chladaigh.

Is ar an láthair chéanna a fhógróidh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne san iarnóin amárach go bhfuil deontais €425,000 san iomlán le caitheamh ar dhá thogra – ionad nua na bhForbacha agus an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán.

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil an maoiniú á cheadú “mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus don pholasaí don oideachas Gaeltachta araon”.

 

Fág freagra ar 'Ionad nua réamhscolaíochta le tógáil i gCois Fharraige'