Íomhánna ón spás scaipthe ag Roinn na Gaeltachta mar léiriú ar an scrios a dhéanann loscadh sléibhe

Deir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil sé ‘contúirteach chomh maith le bheith mífhreagrach’ brú mar seo a chur ar acmhainní an stáit agus an tír ag déileáil le paindéim

Íomhánna ón spás scaipthe ag Roinn na Gaeltachta mar léiriú ar an scrios a dhéanann loscadh sléibhe

Tharraing an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan, aird inniu ar íomhánna satailíte a thóg Áisíneachta Spáis na hEorpa den loscadh sléibhe uafásach i gCill Mhantáin le cúpla lá. 

Agus í ag tagairt do na pictiúir, dúirt an tAire Madigan:

“Tá Rabhadh Tine Oráiste i bhfeidhm go dtí an 20 Aibreán agus léiríonn na híomhánna seo go soiléir an scrios, an slad agus méid ainmhithe agus plandaí atá curtha den saol ag falscaithe atá in aghaidh an dlí.”

Dúirt an tAire Madigan go gcloíonn formhór feirmeoirí agus úinéirí talún leis an dlí maidir le dó fásra agus go mbíonn siad an-chúramach lenár n-oidhreacht nádúrtha.

Dúirt sí go raibh sé “contúirteach chomh maith le bheith mífhreagrach” brú mar seo a chur ar acmhainní an stáit agus an tír ag déileáil le paindéim.   

Íomhá satailíte den loscadh sléibhe 3 chiliméadar ó thuaidh de Ghleann Dá Loch i gcontae Chill Mhantáin. Pictiúr: Áisíneachta Spáis na hEorpa

 

Íomhá satailíte gearrthoinne infridhearg den loscadh sléibhe ag scaipeadh suas an cnoc 3 chiliméadar ó thuaidh de Ghleann Dá Loch. Pictiúr: Áisíneachta Spáis na hEorpa

 

Íomhá satailíte gearrthoinne infridhearg de 114 acra talún dóite 3 chiliméadar ó thuaidh de Ghleann Dá Loch. Pictiúr: Áisíneachta Spáis na hEorpa

 

Íomhá satailíte gearrthoinne infridhearg de réimse mór talamh dóite tar éis tinte sléibhe eile 4 chiliméadar soir ó dheas de Bhaile an Chnocáin i gcontae Chill Mhantáin. Pictiúr: Áisíneachta Spáis na hEorpa

Fág freagra ar 'Íomhánna ón spás scaipthe ag Roinn na Gaeltachta mar léiriú ar an scrios a dhéanann loscadh sléibhe'