‘Iomaíocht ón AE’ ar cheann de ‘na dúshláin’ maidir le hearcú Gaeilgeoirí

Deir Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na státseirbhíse go raibh ‘bóthar fada le taisteal’ chun go mbainfí amach sprioc an rialtais i dtaobh earcú Gaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí

‘Iomaíocht ón AE’ ar cheann de ‘na dúshláin’ maidir le hearcú Gaeilgeoirí

Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse, David Cagney

“Iomaíocht” ón Aontas Eorpach le haghaidh Gaeilgeoirí líofa ceann de na dúshláin a bhaineann le cur le líon na nGaeilgeoirí sa státseirbhís, a dúradh ag cruinniú i dTithe na Oireachtais.

Dúirt Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse, David Cagney, a bhí os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, go raibh “bóthar fada le taisteal” chun go mbainfí amach sprioc an rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi 2030.

Dúirt Cagney gur léirigh tuairisc a rinne na Coimisinéir Teanga nach raibh cumas sa Ghaeilge ach ag 2.62% de státseirbhísigh agus nach raibh ach 0.4% de phostanna aitheanta mar phostanna a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Dúirt sé chomh maith go mbíonn líon na n-iarratas a dhéantar ar phoist do dhaoine dátheangacha “an-íseal go deo”. Ó 2017 i leith chuaigh níos lú ná 1% d’earcaigh nua na státseirbhíse go dtí poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

“Tá bóthar fada le taisteal chun an sprioc earcaíochta dhúshlánach a bhaint amach – go mbeidh 20% d’earcaigh nua in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge faoi 2030,” a dúirt sé.

Dúirt sé go gcinnteodh an spriocdháta sin agus comhoibriú na státseirbhíse “that best endeavours are made to meet these targets. “

Ar na dúshláin eile a luaigh sé, bhí an “iomaíocht dhíreach” ón AE le haghaidh Gaeilgeoirí líofa.

“Faoin mbliain 2022 beidh an Ghaeilge mar theanga oibre oifigiúil iomlán an Aontais Eorpaigh agus cuirtear fáilte roimis seo. Ciallaíonn sé sin, áfach, faoi láthair go bhfuil iomaíocht dhíreach ann idir Státseirbhís na hÉireann agus na Seirbhísí Aistriúcháin in Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis an líon beag de na hoibrithe oilte dátheangacha atá ann faoi láthair, go háirithe ó bunaíodh Aonad Aistriúcháin Gaeilge an Aontais Eorpaigh i mBaile Átha Troim i gContae na Mí le déanaí.”

Léirigh an méid sin go léir “scála an dúshláin” maidir leis an ghealltanas atá déanta ag an Rialtas i leith earcú Gaeilgeoirí, a dúirt Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse.

Dúirt Cagney go ndéanfaí an “iarracht is fearr” ab fhéidir  chun an sprioc earcaíochta i leith cainteoirí Gaeilge a bhaint amach.

Tionscadal fadtéarmach é a bhfuil “go leor dúshlán” roimhe agus bhí gá le cur chuige “praiticiúil ar fud na státseirbhíse”, a dúirt sé.

Tugadh le fios le linn chruinniú an chomhchoiste Gaeilge go mbeidh ról “lárnach” ag Roinn na Gaeltachta i dtaobh beartas earcaíochta na seirbhíse poiblí.

Maidir le céimithe le Gaeilge a mhealladh chuig an státseirbhís, dúirt Aodhán Mac Cormaic,  ​​Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, go mbeadh “níos mó béime” á chur acu ar neartú na seirbhíse poiblí “sa bhaile” as seo amach.

Cháin an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly an easpa dul chun cinn a rinneadh ó thaobh neartú na Gaeilge sa státseirbhís ó foilsíodh tuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2019.

“Ar rith sé leis an Roinn go raibh géarchéim ann nuair a foilsíodh an tuarascáil sin agus má rith, cad a rinne sibh ó thaobh oiliúint a chur ar an bhfoireann uilig ó thaobh tábhacht na Gaeilge agus líofacht sa Ghaeilge agus daoine a mhealladh?” a d’fhiafraigh Catherine Connolly.

Mar fhreagra ar an cheist sin, dúirt Cagney go raibh cúrsaí á gcur ar fáil ag OneLearning agus ag Gaelchultúr dá mbaill foirne ar spéis leo cúrsa Gaeilge a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, nach ndéanfar “aon dul cinn” faoin cheist seo go dtí go gcuirfear an córas earcaíochta faoina gceaptar daoine le Gaeilge chuig an státseirbhís ina cheart.

Tá an chuma ar an scéal gur “poist Ghaeilge amháin”, a dúirt sé, atá ar fáil do chainteoirí dátheangacha a chuireann isteach ar phainéal a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leis.

D’aontaigh an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh leis an méid sin.

Is gá a chinntiú nach ndéanfar “pigeonholing ar Ghaeilgeoirí” sa chóras earcaíochta, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Iomaíocht ón AE’ ar cheann de ‘na dúshláin’ maidir le hearcú Gaeilgeoirí'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Faoin mbliain 2022 beidh an Ghaeilge mar theanga oibre oifigiúil iomlán an Aontais Eorpaigh agus cuirtear fáilte roimis seo. Ciallaíonn sé sin, áfach, faoi láthair go bhfuil iomaíocht dhíreach ann idir Státseirbhís na hÉireann agus na Seirbhísí Aistriúcháin in Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis an líon beag de na hoibrithe oilte dátheangacha atá ann faoi láthair, go háirithe ó bunaíodh Aonad Aistriúcháin Gaeilge an Aontais Eorpaigh i mBaile Átha Troim i gContae na Mí le déanaí.”

    Ní ghlacfainn leis an leithscéal seo ón státseirbhís. Más mian leis an státchóras a bheith in ann freastal ar dhaoine sa tír seo sa dá theanga oifigiúla atá againn, ba cheart níos mó airgid a íoc le daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga oifigiúil, seachas ceann amháin. Dá mbeadh 10% breise ar fáil dóibh is gearr, ach caighdeán ard ábaltachta a bheith leagtha síos, is gearr go sroisfí an sprioc de 20% de earcaigh nua.

    Maidir le stádas iomlán oibre a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eorpach an chéad bhliain eile, cuireann sé samhnas orm, caithfidh mé a rá. Is sampla é de mheon na hAithbheocana: níos mó béime curtha ar stádas iomlán a bheith ag an nGaeilge sa mBruiséal ná stádas iomlán oibre a bheith ag an teanga sna comhairlí contae atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid! Dá mbainfí é sin amach bheadh rud éicint fiúntach déanta.

    An bhfuil aon pholaiteoir le Gaeilge amuigh ansin, beag nó mór, sásta a rá go poiblí an rud a deireann siad go príomháideach: gur seafóid amach is amhach an stádas bréagach atá ag an nGaeilge san AE?

  • Seán Mag Leannáin

    Is díol suntais é go ndéanann David Cagney tagairt d’altanna i dTuairisc chun tacú lena chás. Díríonn sé go háirithe ar an anailís a léirigh nach raibh ach 0.4% de phostanna na státseirbhíse aitheanta mar phostanna a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo. B’shin 88 post as na 25,000 post ar fad sa státseirbhís, a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil dóibh. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara. Ní fhéadfá é seo a chumadh!

    “Is iad na ranna nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.”

    Is fiú smaoineamh air: cé go bhfuil 6,766 duine fostaithe sa Roinn Coimirce Sóisialaí – an Roinn is mó teagmháil leis an bpobal – níl oiread agus post amháin sa roinn, a bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth dó. “Nuair a chuirtear na poist sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as an áireamh, níl ach 21 post a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa 17 roinn Rialtais eile. Is ionann sin agus 0.09% de na poist uile sa státseirbhís.”

    Deirtear anois go mbeidh 200 post do Ghaeilgeoirí san AE sula i bhfad agus tá comparáid shearbhasach á déanamh ag daoine idir an líon seo agus an 88 post sa státseirbhís abhus. Ceapaim nach bhfuil sé seo cothromach. Níl an fhadhb san AE – tá an fhadhb sa státseirbhís anseo.

    Sa chéad áit is deargsheafóid é an figiúr seo 88 post. Níl ach 88 post i gceist toisc go ndearna bainistíocht na státseirbhíse an cinneadh nach mbeadh ach an líon sin áirithe mar phoist a mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag baint leo. Caithfidh tú cuimhneamh nach bhfuil Gaeilge riachtanach fiú do na hoifigigh idirghabhála (liaison) leis an gCoimisinéir Teanga sna Ranna éagsúla! An chuid is mó díobh siúd níl Gaeilge líofa acu. Smaoinigh air – tá muid chomh dáiríre faoi chúrsaí Gaeilge sa Roinn s’againne nach gcuireann muid an stró orainn féin Gaeilgeoir amháin a aimsiú i measc na mílte fostaí anseo chun déileáil le hOmbudsman na Gaeilge i nGaeilge!

  • Eoin Ó Fátharta

    Cén uair a thuigfidh daoine nach bhfuil aon mheas ag an rialtas ar an nGaeilge nó ár gcultúr Gaelach go ginearálta. Tabhair faoi deara cad a bhí le rá ag Varadkar le déanaí go m’bhféidir go mbeadh orainn stádas oifigiúil na teanga a ghéilleadh i gcás athaontaithe leis na sé chontae. Is réimeas domhanda frith-náisiúnta atá i gceannas sa tír – ta ár gceannairí “tofa” faoi smacht ag fórsaí trasnáisiúnta ar nós an AE, IMF, na Stáit Aontaithe agus ar ndóigh na comhlachtaí móra idirnáisúnta (Google, Facebook, State Street, PwC, KPMG …) – agus dá bhrí sin feileann sé dóibh go mbeadh tús áite tugtha do ‘lingua franca’ na cruinne, an Béarla, agus neamhaird a dhéanamh den Ghaeilge. I ndáiríre níor tháinig deireadh le coilíneachas le bunú an tSaorstáit, ach anois tá muid i mbraighdeanas ag lucht an airgid agus na holagarcaí!

  • 💚Teanga

    Tâ sé ráite agat Dhonncha. Tá tú ar an marc aríst. Dia Leat. Comhairlí Condaetha le freagracht orthu do na ceantair Ghaeltachta ag tabhairt eastáit tithìochta ar láimh do leithèide Chlùid ins na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tìr go fóill agus dèanann Comhairle Chondae na Gaillimhe è seo ionas nach mbeidh gá le ceangal/clabhsáil teanga ar an gComhairle. Dreamanna ag aistriù isteach sna heastáit tithíochta seo gan focal Gaeilge, formhòr acu gan pioc ceangal acu leis an nGaeltacht agus an Stáit tar éis teipthe ar na daoine seo gan dídean cheana féin agus na pobail Ghaeltachta á mbánú tuilleadh de bharr clisteacht leithèidì Chomhairle Chondae na Gaillimhe agus iad ag dèanamh beag & neamhní dá ndualgas don Ghaeilge. Castar sìos òige na Gaeltachta ansin i bpleanáil tì a thògáil ar a dtalamh féin. Bánú na tuaithe = Comhairle Chondae na Gaillimhe. Cá bhfuil Ùdaràs na Gaeltachta!? Cèn chùis go bhfuileadar à cheadù seo ar a dtàirseach féin?

  • Seán Mag Leannáin

    Is díol suntais é go ndéanann David Cagney tagairt d’altanna i dTuairisc chun tacú lena chás. Díríonn sé go háirithe ar an anailís a léirigh nach raibh ach 0.4% de phostanna na státseirbhíse aitheanta mar phostanna a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo. B’shin 88 post as na 25,000 post ar fad sa státseirbhís, a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil dóibh. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara. Ní fhéadfá é seo a chumadh!
    “Is iad na ranna nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.”
    Is fiú smaoineamh air: cé go bhfuil 6,766 duine fostaithe sa Roinn Coimirce Sóisialaí – an Roinn is mó teagmháil leis an bpobal – níl oiread agus post amháin sa roinn, a bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth dó. “Nuair a chuirtear na poist sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as an áireamh, níl ach 21 post a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa 17 roinn Rialtais eile. Is ionann sin agus 0.09% de na poist uile sa státseirbhís.”
    Deirtear anois go mbeidh 200 post do Ghaeilgeoirí san AE sula i bhfad agus tá comparáid shearbhasach á déanamh ag daoine idir an líon seo agus na 88 post sa státseirbhís abhus. Ceapaim nach bhfuil sé seo cothromach. Níl an fhadhb san AE – tá an fhadhb sa státseirbhís anseo.