Iodálach 21 bliain d’aois neamhchiontach i mórdhíobháil choirp a dhéanamh do Sheán Cox

Phléadáil Filippo Lombardi, arb as an Róimh dó, neamhchiontach as an ionsaí ar Sheán Cox roimh an gcluiche idir Liverpool agus Roma i Sraith na Seaimpíní mí Aibreáin

Iodálach 21 bliain d’aois  neamhchiontach i mórdhíobháil choirp a dhéanamh do Sheán Cox

Fuarthas neamhchiontach inniu fear 21 bliain d’aois as an Iodáil i mórdhíobháil choirp a dhéanamh do Sheán Cox, an fear as contae na Mí a gortaíodh go dona in eachtra fhoréigneach roimh chluiche ag Anfield i mí Aibreáin.

Phléadáil Filippo Lombardi, arb as an Róimh dó, neamhchiontach as an ionsaí ar Cox roimh an gcluiche idir Liverpool agus Roma i Sraith na Seaimpíní mí Aibreáin. Phléadáil Lombardi ciontach cheana as mí-iompar foréigeanach agus gearradh téarma príosúin trí bliana air as an gcúis sin.

Maíodh i gCúirt Chorónach Preston gurbh fhear eile, ar tugadh N40 air, a bhuail an buille a leag Cox ach gur tharraing Lombardi crios air agus é ag titim.

Chualathas i gCúirt Chorónach Preston inniu go raibh drochbhail fós ar Sheán Cox, atá 53 bliain d’aois, go bhfuil sé gan urlabhra agus nach féidir leis suí suas as a stuaim féin. 

Dúirt an Breitheamh  Mark Brown go raibh cáil ar an sacar mar “an cluiche álainn” ach gur smál ar an gcáil sin ab an t-ionsaí gránna a rinneadh ar Sheán Cox agus an foréigean a tharla taobh amuigh d’Anfield mí Aibreáin.

Fág freagra ar 'Iodálach 21 bliain d’aois neamhchiontach i mórdhíobháil choirp a dhéanamh do Sheán Cox'