Intleacht shaorga: tá sé ag teacht, agus suaitheadh sóisialta leis

Cuir ort do chrios sábháilteachta! Go háirithe más máinlia, cuntasóir nó aistritheoir thú. I gceann cúpla bliain, is mó a thuillfidh gruaigeadóir ná thusa.

Tá sé in am againn intleacht shaorga (IS, nó artificial intelligence i mBéarla) a phlé. Óir is í an intleacht shaorga, agus ní géarchéim eacnamaíochta, ionradh teifeach ná fiú athrú aeráide, a athróidh an domhan ó bhun go barr as seo go ceann roinnt bheag blianta.

Sula rachaimid níos faide leis an scéal, míniú gairid ar cad is intleacht shaorga ann. Níl sé cabhrach intleacht shaorga a shamhlú mar róbait (robots) amháin; níl ansin ach cuid de.

Cuid mhór den intleacht shaorga atá timpeall orainn sa lá atá inniu ann, níl cruth fisiciúil aici ar chor ar bith.

Samplaí maithe: aistritheoir Google, Siri a fhreagraíonn do chuid ceisteanna ar an iPhone, nó na córais a shocraíonn praghas do thicéad eitleáin bunaithe ar éileamh, fáil agus iliomad fachtar eile (níor cheap tú gur duine a shocraigh praghas to thicéad eitleáin a thuilleadh, ar cheap?)

Gáire dóite an aistritheora

Cloímis le haistritheoir Google ar feadh tamaill. Is minic a bhíonn an intleacht shaorga seo ina ceap magaidh ag lucht na Gaeilge toisc go dtagann sí aníos le seodra mar seo: ‘Tá hintleachta saorga a bhí an dúshlán is mó don todhchaí.’ Sin é an t-aistriúchán a thug sí ar abairt a chuir mé féin isteach i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, le haghaidh píosa spraoi. ‘Is í an intleacht shaorga an dúshlán is mó don todhchaí’ an t-aistriúchán a dhéanfainn féin air.

Ach fuair intleacht shaorga Google abairt níos simplí i gceart: ‘Tá an leabhar ar an mbord’ a thug sí ar an leagan Ísiltírise de ‘Tá an leabhar ar an mbord’.

Cuimhnimís nach raibh aistritheoir Google ar bith ann roimh an mbliain 2007. Faoi láthair, cuireann an tseirbhís aistriúcháin réasúnta cruinn ar fáil i nócha teanga. Agus slámanna airgid á gcaitheamh ag an ollchomhlacht ar an tseirbhís, is fánach a cheapadh nach mbeidh aistritheoir Google ar comhchéim le haistritheoir daonna as seo go ceann scaithimh.

Is ag an aistritheoir daonna a bheas an gáire dóite ansin, mar tá aistritheoir Google saor in aisce.

Dochtúirí ar an dól

i-robot-2004-42-g11-1024x565

Beidh an t-aistritheoir daonna (an té a bhíonn ag plé le téacsanna neamhliteartha, ach tuilleadh faoi sin ar ball) as post. Ach ní bheidh sé leis féin. Beidh cuntasóirí, máinlianna agus roinnt mhaith dochtúirí, dlíodóirí agus iriseoirí ag fáil an dóil ina theannta. Ó, agus ar luaigh mé saighdiúirí?

Is é an chaoi nach fada uainn an lá go sáróidh intleacht shaorga cumas an duine i réimsí a mbíonn go leor cruinnis ag teastáil. Obráid chroí a dhéanamh, mar shampla, nó súil a choinneáil ar riarachán airgeadais comhlachta. Cás cúirte simplí a réiteach gan na réamhchlaontaí a bheadh ag breitheamh nó giúiré daonna. Nó duine a mharú ó achar fada: tá an róbatshaighdiúr ann cheana féin agus é fostaithe in arm na Coiré Theas.

An dara réabhlóid thionsclaíoch

Seans, más rud é gur éirigh liom do shuim a mhealladh go nuige seo, gurb é a déarfaidh tú: ‘tá Alex ag spalpadh ráiméise’. Ní sháróidh ríomhaire ar bith intinn an duine go brách, gan trácht ar Ghaeilge ghlan Ghaelach a chur ar théacs i dteanga eile!

Ní maith liom do thrioblóid, ach is mór an seans go bhfuil dul amú ort. Más rud é go bhfuil tú ar comhaois liomsa (40) nó níos sine, chaith tú leath do shaoil, nó níos mó de, gan guthán póca. Agus níor shamhlaigh tú, ag pointe ar bith roimh lár na 1990í, go mbeadh a leithéid d’fhearas ag gach duine beo – gan trácht ar do shaol ar fad a bheith fite fuaite leis an bhfearas sin.

Go hiondúil, ní fheiceann an duine a bhfuil mórathruithe teicneolaíochta agus sóisialta díreamh amach roimhe na hathruithe sin go dtí go mbíonn siad faoi lán tseoil. Dá ndéarfá le duine thiar i 1995 go mbeadh cuid mhór dá shaol á stóráil ‘i scamall’ faoi cheann fiche bliain, chuirfeadh sé glao discréideach ar an ospidéal meabhairghalar ar do shon.

Rud eile. Amhail is cumhachtaí agus is forleithne a bheidh an teicneolaíocht, is ea is sciobtha a tharlóidh na hathruithe. Thóg an t-athrú ó ghuthán póca go guthán cliste deich mbliana. Ní gá go dtógfadh an chéad chéim eile, pé treo ina gcuirfear é, ach cúig bliana. Tógfaidh an chéad mhórchéim eile ina diaidh sin dhá bhliain go leith, agus mar sin de. Tá an dara réabhlóid tionsclaíochta ar leic an dorais againn, mar a mhíníonn Andrew McAfee, duine d’údair The Second Machine Age, leabhar faoi intleacht shaorga a tháinig amach le gairid, san fhíseán seo.

Suaitheadh sóisialta

Sa chéad réabhlóid thionsclaíoch, cuireadh na milliúin duine as post nuair a thóg inneallra a n-áit. Bhogadar go dtí an chathair, fuaireadar postanna i monarchana, éilíodh cearta oibre. Tháinig an sóisialachas, agus ina dhiaidh sin an cumannachas, chun cinn i gcuid den domhan.

D’fhéadfadh a leithéid d’athruithe sóisialta a bheith romhainn arís agus na milliúin á gcur as post ag intleacht shaorga. An iarraidh seo, áfach, ní hiad an chosmhuintir a bheidh as post ach cuid de na daoine is oilte sa tsochaí; daoine a mbíodh ardmheas ar a bproifisiún go dtí seo ach nach mbeidh éileamh orthu, is baolach, nuair a sháróidh intleacht shaorga iad.

Is é an chaoi go bhfuil intleacht shaorga an-mhaith nuair a bhíonn tascanna intleachtúla i gceist. Ach, go fóilleach pé scéal é, bíonn intleacht shaorga fíorchiotach nuair a bhíonn tascanna fisiciúla – tascanna a dhéanann an duine daonna gan smaoineamh orthu – i gceist. Creid é nó ná creid, ach is túisce a labhróidh róbat Gaeilge níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin ná mar a ghearrfaidh sé do chuid gruaige.

Sampla eile. Tá sé go hiomlán insamhlaithe go ndéanfaidh intleacht shaorga diagnóis orainn, i gceann cúpla bliain, nuair a bhímid tinn. Ach, faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, níl sé insamhlaithe ar chor ar bith go n-aimseodh róbat a bhealach féin i dteach, suas staighre cam agus síos an pasáiste chun an dara doras ar chlé a oscailt d’fhonn cúram a thabhairt don seanduine atá tinn sa leaba ansin. Thitfeadh an intleacht shaorga den staighre.

maxresdefault
Andrew McAfee

Ar dhaoine a thugann aire do dhaoine eile, a dhéanann obair láimhe agus a dhéanann obair chruthaitheach is mó a bheidh éileamh amach anseo, agus táthar ann a mhaíonn gur cheart dúinn ár gcórais oideachais a chur in oiriúint cheana féin don réaltacht nua eacnamaíochta agus shóisialta atá romhainn. ‘Léamh, scríobh, comhaireamh: seo rudaí a dhéanann ríomhairí níos fearr ná daoine cheana féin,’ a deir Andrew McAfee, duine d’údair an leabhair The Second Machine Age. ‘Ach beidh gá le teiripeoirí maithe fós sa todhchaí.’

Dúirt mé go bhfillfinn ar an aistritheoir bocht a bheith fágtha gan phost ag aistritheoir Google (nó ag intleacht shaorga chomhlachta eile.) Rud amháin is ea Gaeilge a chur ar théacs tur teicniúil. Rud eile ar fad is ea é saothar Mháirtín Uí Chadhain, abair, a aistriú go teanga eile.

Rud eile arís é leabhar a scríobh, nó dán nó amhrán a chumadh as an nua. Go deimhin, beidh géarghá againn le daoine cruthaitheacha amach anseo. Is iad a chuirfidh ar ár gcumas dul i ngleic, go síceolaíoch, leis an suaitheadh sóisialta a d’fhéadfadh a bheith romhainn: na haicmí sóisialta seanbhunaithe caite bunoscionn.

An éireoidh le réabhlóid na hintleachta saorga – de thaisme, nach mór – san áit ar theip ar an gcumannachas, agus an mbeidh gach duine ar comhchéim feasta? Nó an é go sáróidh an intleacht shaorga an aigne dhaonna in am trátha agus an bhfuil ‘dia’ nua á chruthú againn féin a bheidh ina mháistir orainn ar chaoi nach raibh dia ar bith go dtí seo? Sin ceisteanna don tseachtain seo chugainn, sa dara halt den tsraith seo.

– Seo an chéad alt i sraith dhá alt faoi intleacht shaorga. Foilseofar an dara halt an tseachtain seo chugainn

Fág freagra ar 'Intleacht shaorga: tá sé ag teacht, agus suaitheadh sóisialta leis'