Intleacht shaorga: an bhfuil Dia á chruthú an athuair againn?

Cé leis an intleacht shaorga? Agus céard a tharlódh dá n-éireodh sí níos cliste ná sinne? Seo an dara halt i sraith dhá alt faoi intleacht shaorga

woman-506322_1280

Luaigh róbatshaighdiúirí le duine agus is mór an seans go gceapfaidh an duine sin go bhfuil ródhúil agat san fhicsean eolaíochta. Ní ficsean iad a thuilleadh, áfach, ach fíric: tá róbatshaighdiúirí ag feidhmiú mar chuid d’arm na Coiré Theas. 

Róbait iad na Super aEgis II a tógadh chun daoine a mharú. Ach tógadh ar shlí iad nach bhfuil sé ar a gcumas sin a dhéanamh gan cead a fháil ó dhuine ar dtús. 

Tá go maith, mar sin. Tá na róbait seo, atá in úsáid ar theorainn an dá Choiré ach i dtíortha áirithe sa Mheánoirthear freisin, faoi smacht. Fiú más i bhfad ó pháirc an áir é, tá méar duine daonna ar an truicéar. 

Intleacht shaorga uathoibreach mharfach

Díol spéise, áfach, go raibh sé i gceist i dtús báire ag DoDAAM, an comhlacht sa Choiré Theas a thógann an Super aEgis II, róbatshaighdiúr a thógáil a bheadh go hiomlán uathoibríoch. Na custaiméirí a d’iarr orthu an ‘chosaint’ dhaonna a chur isteach sa chóras.

Ar an gcaoi chéanna, tá an teicneolaíocht ann cheana féin chun róbatshaighdiúr a thógáil a d’aithneodh dath craicinn, inscne nó aois duine, nó a d’aithneodh líon na ndaoine ina thimpeall sula bpléascfadh sé. A bhuíochas le teicneolaíocht na ladrann (drones), d’fhéadfaí intleacht shaorga uathoibríoch mharfach mar seo a chur ag eitilt freisin.

Ceist mhorálta

Éiríonn an scéal níos scanrúla fós. A bhuíochas leis an bhforbairt ollmhór atá tagtha ar an intleacht shaorga, is féidir róbatshaighdiúirí a chur ag smaoineamh dóibh féin. Bunaithe ar shonraí a thabharfaí dóibh, bheadh ar a gcumas a gcinntí féin a dhéanamh. Agus ní féidir a chur as an áireamh go ndéanfadh róbatshaighdiúr a mbeadh anailís déanta aige ar scór ionsaithe sceimhlitheoireachta cinneadh, go hiomlán as a stuaim féin, slám mór páistí a mharú toisc gur léir dó, bunaithe ar an anailís a rinne sé, gur sceimhlitheoirí a bheidh sna páistí seo nuair a bheidh siad fásta suas.

Ceist: cé a bheadh freagrach as bás na bpáistí sin? An róbat?

Litir

An fhaitíos go bhfuil tromluí den chineál sin romhainn a thug ar Elon Musk, Steve Wozniak, Stephen Hawking agus os cionn míle eolaí eile atá ag obair i réimse na hintleachta saorga litir oscailte a chur faoi bhráid an phobail le deireanas ag comhdháil mhór faoin intleacht shaorga i gcathair Buenos Aires.

Sa litir sin, scríobhann Musk (bunaitheoir PayPal agus Tesla Motors), Wozniak (comhbhunaitheoir Apple), an cosmeolaí Hawking agus na heolaithe eile go gcreideann siad gur féidir leis an gcine daonna go leor leasa a bhaint as an intleacht shaorga, ach go gcaithfear ‘rása róbatarm’ a chosc. Agus chuige sin, caithfear airm a dhéanann a gcinntí féin, gan idirghabháil dhaonna, a chosc.

Seans maith nach bhfuil sé rómhall fós a leithéid de chosc a chur i bhfeidhm. Tá an teicneolaíocht ann – ach níl fáil éasca uirthi. Tá an taighde sa réimse seo á mhaoiniú ag na tíortha is mó a dhéanann infheistíocht i dteicneolaíocht chogaíochta: na Stáit Aontaithe, an Rúis, Iosrael agus roinnt tíortha eile, an Choiré Theas ina measc. Má dhéanann siad sin comhchinneadh stop a chur leis an maoiniú, sin sin don róbatchogaíocht.

Cé leis an intleacht shaorga?

I gcás na róbatchogaíochta, mar sin, is maith an rud é gur i lámha dornán beag tíortha atá an teicneolaíocht ar fad. Ach tá réimse na hintleachta saorga i bhfad níos leithne ná réimse na róbatshaighdiúirí amháin. Ceann de na rudaí is mó a chuireann imní ar dhaoine ar spéis leo an t-ábhar ná gur i seilbh líon beag comhlachtaí ollmhóra atá na gléasanna teicneolaíochta a athróidh ár saol ó bhun go barr as seo go ceann cúpla bliain. 

Agus seo á scríobh, tá barr feabhais á chur ag Google ar charr uathoibríoch agus tá an dúrud tograí eile a bhainfidh úsáid as intleacht shaorga idir lámha ag an gcomhlacht. Teastaíonn ó Amazon ladrainn ardluais a úsáid chun pacáistí a sheachadadh. Chuige sin, mhol an comhlacht, an tseachtain seo caite, go gcruthófaí aerspás ar leith i spéartha an domhain do ladrainn. Tá ladrann ollmhór dá chuid féin á fhorbairt ag Facebook a chuirfidh ceangal idirlín ar ardchaighdeán ar fáil ó na spéartha anuas i gceantair nach bhfuil seirbhís shásúil ar fáil.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de gur chun a leasa féin atá na hollchomhlachtaí sin agus comhlachtaí eile nach iad nuair atá na mílte milliúin á gcaitheamh acu ar thograí a bhaineann úsáid as intleacht shaorga. 

Ach an féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil na cinntí morálta cearta á ndéanamh ag dreamanna arb é an brabús a bpríomhchuspóir? Agus an bhfuil an baol ann go bhfuil tús á chur le próiseas a rachaidh ó smacht?

Céard a tharlóidh, mar shampla, nuair a éireoidh intleacht shaorga níos cliste ná sinne? 

Dia nua

Tá tráchtairí ann a deir nach bhfuil ann ach ceist ama sula dtarlóidh a leithéid; ní hamháin sin ach go mbeidh an intleacht shaorga ina dia nua orainn. 

Deir an fealsamh Nick Bostrom, ina leabhar Superintelligence: Paths, Dangers, Strategies go bhféadfadh sé gurb í an intleacht shaorga ‘an dúshlán is tábhachtaí agus is scáfaire dá raibh roimh an gcine daonna riamh’.

An fás easpónantúil (exponential) a bheidh ar intleacht shaorga is cúis lena bhfaitíos: go dtiocfadh oiread forbartha ar intleacht shaorga go gcruthódh sí coinsias dá cuid féin as a stuaim féin.

Tá tráchtairí eile ann, áfach, a cheapann go mbeidh constaicí dósháraithe sa bhealach ar intleacht shaorga a bheadh ag iarraidh a leithéid a dhéanamh. San aiste seo díríonn an t-eolaí núicleach, Edward Moore Geist, aird ar thástálacha de chuid Google féin a léiríonn, dar leis, go gcuireann eolas moill ar intleacht shaorga: dá mhéad eolais a shealbhaíonn córas intleachta saorga is ea is moille a éiríonn sé san iarracht an t-eolas ar fad a phróiseáil.

Ceist dúinn ar fad

I bhfad ó shin, nuair a tháinig an duine amach as an bpluais, chum sé scéalta a mhíneodh an domhan dó. Ceann de na scéalta sin, nár cruthaíodh riamh, ná gur chruthaigh déithe, nó Dia amháin, an domhan agus an duine. 

Ag brath ar na heolaithe, fealsaimh agus tráchtairí ina gcuireann duine a mhuinín, d’fhéadfadh sé go bhfuil an duine ar tí Dia a chumadh don dara huair. Dar leo siúd go mbeidh ar chumas na hintleachta saorga coinsias dá cuid féin a fhorbairt in am trátha. Ní scéal a bheadh sa dia seo, ach fíric.

An dteastaíonn sé sin uainn? An bhfuil sé inmholta na cinntí morálta a bhaineann le forbairt na hintleachta saorga a fhágáil faoi ollchomhlachtaí? An cuma sa tsioc linn toisc go bhfuil ár nguthán cliste díreach tar éis gliondar a chur orainn go bhfuil leantóir nua againn ar Twitter nó ‘is maith liom’ eile faighte againn ar Facebook? 

Sin í an cheist.

-Seo an dara halt i sraith dhá alt faoi intleacht saorga. Is féidir an chéad alt a léamh anseo.

Fág freagra ar 'Intleacht shaorga: an bhfuil Dia á chruthú an athuair againn?'