Inniu an Lá Dearg ar son cearta teanga i mBéal Feirste

Gach eolas dóibh siúd a bheidh páirteach i mórshiúl an ‘Lá Dearg’ i mBéal Feirste tráthnóna

Inniu an Lá Dearg ar son cearta teanga i mBéal Feirste

Tá an ‘Lá Dearg’ tagtha agus súil leis na mílte i mBéal Feirste tráthnóna chun páirt a ghlacadh i mórshiúl ar son cearta teanga do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. 

Meastar go mbeidh an ócáid ar cheann de na cinn is mó dá bhfuil eagraithe ag lucht feachtais na Gaeilge agus suas le 25 bus le daoine a thabhairt ó Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, Dún na nGall agus gach cuid de Thuaisceart Éireann chomh fada le Béal Feirste. 

Na gealltanais gan chomhlíonadh faoin reachtaíocht teanga don Tuaisceart an spreagadh don ‘Lá Dearg’ atá á eagrú ag an Dream Dearg.  

Fágfaidh an mórshiúl ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar na cathrach tráthnóna ag tabhairt aghaidh ar Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste, áit a mbeidh óráidí is slógadh. 

Deir lucht eagraithe an ‘Lá Dearg’ go bhfuil “tacaíocht ollmhór” léirithe don ócáid. 

“Tá tacaíocht ollmhór ón phobal don Acht Gaeilge agus don fheachtas trí chéile agus tá muid uilig ag súil le slua stairiúil i mBéal Feirste don Lá Dearg,” a deir Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis an Dream Dearg. 

“Nuair a amharcann muid siar ar an Lá Dearg deiridh a rinne muid in 2017 níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta againn mar phobal. Tá gréasán ollmhór gníomhaithe ag eagrú agus ag pleanáil le míonna fada anuas agus anois tá deis againn mar phobal ár nguth a ardú arís eile os comhair an domhain.  

“Beidh na Gaeil chun tosaigh, glórach agus bródúil, ag éileamh cearta teanga a diúltaíodh dúinn le breis agus 20 bliain. Bhrúigh muid ceist na Gaeilge go croílár na polaitíochta anseo agus níl muid ag dul áit ar bith go n-aithníonn an stát seo ár dteanga dhúchais agus ár bpobal sa dlí. Beidh An Lá Dearg seo ollmhór. Siúlaigí linn. Seasaigí linn. Le chéile athróidh muid an domhan seo.” 

Halla na Cathrach i mBéal Feirste

Cá mbeidh an slua ag bailiú? 

Cuirfear tús leis an mórshiúl ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál sa chathair. Iarrtar ar dhaoine teacht le chéile taobh amuigh den Chultúrlann ag 1.00pm, roimh thús an mhórshiúil. 

Beidh na busanna ag fágáil daoine ag Spórtlann na hÉireann ag Coláiste Feirste, cúig nóiméad ón gCultúrlann. 

Iadsan a bheidh ag tiomáint go dtí an mórshiúl, beidh páirceáil saor in aisce á cur ar fáil ag an Dream Dearg idir 10.30am-4.30pm sa charrchlós ar chúl Choláiste Mhuire in Ard na bhFeá agus i gcarrchlós Scoil Naomh Doiminic ar Bhóthar na bhFál. 

Nuair a shroichfidh daoine an Chultúrlann, iarrtar orthu dul isteach sna grúpaí cuí chun eagar a choinneáil ar chúrsaí. Cruinneoidh grúpaí faoi leith le chéile ar na sráideanna timpeall na Cultúrlainne – grúpaí teanga agus ealaíon ar Shráid Fallswater, lucht na nGaelscoileanna ar Shráid Nansen, An Dream Dearg ar Shráid Shiels agus grúpaí pobail, cumainn CLG, ceardchumainn agus páirtithe polaitíochta ar Shráid Brighton. 

Conair an mhórshiúil? 

Rachaidh an mórshiúl suas Bóthar na bhFál, Sráid Divis, Millfield, Cearnóg Smithfield Thuaidh, Sráid Winetavern agus ansin North Street sula gcasfar síos i dtreo Royal Avenue agus Donegal Place agus as sin chuig Halla na Cathrach. 

Beidh bóithre á ndúnadh don mhórshiúl agus comhairle tugtha ag an PSNI go mbeidh brú tráchta sa cheantar le linn na hócáide. 

Céard a bheidh ar siúl ag Halla na Cathrach? 

Ach a msroichfidh na daoine Halla na Cathrach, labhróidh lucht feachtais, daoine óga agus baill de ghrúpaí pobail leis an slua faoin tábhacht a bhaineann le cearta teanga do phobal na Gaeilge. 

‘Atmaisféar ceiliúrtha” atáthar ag súil leis ón slua, a deir an lucht eagraithe agus beidh ceol, péinteáil aghaidheanna agus imeachtaí eile do theaghlaigh ar siúl.  

Tá Halla na Cathrach féin le soilsiú le soilse dearga freisin mar chomhartha tacaíochta do chearta teanga. Soilseoidh comhairlí i gceantair eile roinnt hallaí agus foirgnimh s’acu i ndearg freisin chun a dtacaíocht a léiriú. 

Meastar go gcríochnóidh na himeachtaí ag Halla na Cathrach thart ar 3.30pm. 

Cad a tharlóidh i ndiaidh an mhórshiúil? 

Tá sé beartaithe go mbaileofar iad siúd a tháinig ar bhusanna príobháideacha i lár na cathrach thart ar 4pm. Beidh an pháirceáil saor in aisce sna scoileanna ar oscailt go dtí 4.30pm. 

Beidh ‘An Chóisir Dhearg’ á reáchtáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich anocht idir 6.45pm-10.30pm. Beidh seisiún ceoil agus DJ beo ann agus tugtar cuireadh do dhaoine a n-uirlis cheoil féin a thabhairt leo chun a bheith páirteach sa seisiún. 

Fág freagra ar 'Inniu an Lá Dearg ar son cearta teanga i mBéal Feirste'