Innealra tugtha i dtír in Inis Oírr agus lucht tógála ag réiteach le tosú ag obair ar ché nua

Fógraíodh €35.8 milliún d’fhorbairt ché Inis Oírr mí Lúnasa seo caite, ceann de na hinfheistíochtaí aonair is mó a rinne Roinn na Gaeltachta riamh

Innealra tugtha i dtír in Inis Oírr agus lucht tógála ag réiteach le tosú ag obair ar ché nua

Tá cuid den innealra a bheidh in úsáid le síneadh a chur le cé Inis Oírr i nGaeltacht na Gaillimhe tugtha i dtír agus táthar ag réiteach le tús a chur leis an obair mhór ar ché nua a thógáil san oileáin.

Tháinig tochaltóirí i dtír ar bhád róró le deireanas agus tá an lucht tógála ag réiteach na talún timpeall ar an gcé leis an obair a thosú go luath. Tá an muirmhúr nó an balla atá le feistiú mar chuid de na hoibreacha á dhéanamh píosa ar phíosa i Ros an Mhíl faoi láthair, agus tabharfar isteach go hInis Oírr go luath é.

Bhí cruinniú ann i Halla Inis Oírr le déanaí le muintir na háite a chur ar an eolas faoi na pleananna atá beartaithe don ché nua agus faoi na hathruithe a bheidh i bhfeidhm ar chóras tráchta an oileáin a fhad is a bheidh an obair ar bun.

Beidh an tseanchéibh ar oscailt mar a bhí riamh agus beidh teacht ag na báid farantóireachta uirthi ionas nach gcuirfear isteach ar na seirbhísí go Ros an Mhíl, Dúlainn, agus na hoileáin eile.

Cuirfear tús an mhí seo leis an dreideáil agus leanfaidh sé sin ar aghaidh go dtí mí Lúnasa. Marcálfar an limistéar dreideála le baoithe. Cuirfear crann tógála in áit ar bháirse 400T ar thaobh na farraige den ché freisin. Tá plean bainistithe tráchta le cur i bhfeidhm agus deirtear gur fíorbheagán innealra a bheidh á thiomáint ar bhóithre an oileáin.

Beidh cosán ar leith ar fáil do na daltaí scoile a bheidh ag siúl i ngar don suíomh tógála agus ní bheidh cead ag feithiclí ná innealra ón suíomh a bheith á dtiomáint leathuair an chloig roimh am scoile ná leathuair an chloig ina dhiaidh. Ní chuirfear isteach ar líon na n-áiteanna páirceála do mhúinteoirí ag an scoil ach an oiread.

Fógraíodh €35.8 milliún d’fhorbairt ché Inis Oírr mí Lúnasa seo caite, ceann de na hinfheistíochtaí aonair is mó a rinne Roinn na Gaeltachta riamh. Bronnadh €30 milliún den mhaoiniú sin ar an gcomhlacht Ward & Burke Construction, ar éirigh leis sa phróiseas tairisceana.

Tugadh cead pleanála don athfhorbairt ar an gcé Ghaeltachta den chéad uair in 2008. Tá sé ina imní le fada ag muintir an oileáin go bhfuil an ché mar atá an-chontúirteach. Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív sa Dáil in 2020 go marófaí duine éigin ar an gcé mura ndéanfaí í a athfhorbairt.

Cuirfear síneadh coincréite leis an gcé agus tonnchosc chun cosaint a thabhairt ar thonnta arda agus stoirmeacha. Beidh spás breise ann do bháid, rud a deirtear a bhíonn ag teastáil i gcaitheamh an tsamhraidh agus na mílte turasóir ag tarraingt ar an oileán.

Fág freagra ar 'Innealra tugtha i dtír in Inis Oírr agus lucht tógála ag réiteach le tosú ag obair ar ché nua'