Tá toscaireacht thar ceann mhuintir oileáin na hÉireann i láthair ag comhdháil idirnáisiúnta atá á reáchtáil ag Cumann Oileáin Bheaga na hEorpa, ESIN, an tseachtain seo.
‘Inmharthanacht na nOileán’ mórthéama na comhdhála atá ar siúl ar Oileán Hven sa tSualainn agus béim á leagan i mbliana ar an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht ar leith do na hoileáin.
Tabharfar léargas le linn na comhdhála ar na tíortha a bhfuil reachtaíocht agus polasaí ar leith i bhfeidhm iontu do na hoileáin agus ar na tíortha sin atá fós i mbun reachtaíocht oileáin a fhorbairt nó iadsan atá gan ar aon reachtaíocht ná polasaí do na hoileáin.

I ráiteas a chuir urlabhraí ó Chomhdháil na nOileán chuig Tuairisc.ie dúradh gur “tráthúil” mar atá an chomhdháil seo á reáchtáil faoi láthair ó tharla gur inné a bhí an chéad chruinniú den Choiste Idir-Rannach maidir le Forbairt na nOileán ar siúl, coiste a bhfuil faoi polasaí a fhorbairt do na hoileáin.
“Ar an drochuair, tá Éire i measc an mionlach beag tíortha nach ann do pholasaí oileáin ná reachtaíocht oileáin, agus tá daonra oileánaigh na hÉireann tite ó 8,200 go 2,700 le céad bliain anuas,” a dúirt an t-urlabhraí ó Chomhdháil Oileán na hÉireann.
Ag tagairt dó don chéad chruinniú den Choiste Idir-Rannach maidir le Forbairt na nOileán, dúirt an tAire Seán Kyne go raibh sé “ag súil go mór” dul i mbun oibre le comhghleacaithe ó na ranna Rialtais eile go léir a bhfuil ról acu ar na hoileáin chun “polasaí oileán tras-rialtais” a fhorbairt.
Tá cáineadh déanta ag Comhdháil Oileán na hÉireann ar chur chuige an Aire maidir le polasaí a fhorbairt do na hoileáin, polasaí a deir siad “nach bhfuil ag teacht leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr”.
“Aontaíodh ag Comhdháil ESIN 2019 sa tSualainn gurb é an dea-chleachtas agus reachtaíocht agus polasaí i leith na n-oileán á réiteach go rachfaí i gcomhairle le pobal na n-oileán, go gcinnteofaí go mbeadh seirbhísí oideachais ar fáil, go mbeadh na hoileáin tarraingteach do theaghlaigh, agus go mbeidís inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta agus na timpeallachta.
“Ní raibh an rath céanna ar iarrachtaí a rinneadh i dtíortha áirithe san Eoraip nuair a shocraigh áisíneachtaí stáit, forais reachtúla, ranna rialtais agus ‘saineolaithe’ eile céard ab fhearr do na hoileáin agus dá bpobail gan dul i gcomhairle i gceart leis na daoine is mó a bheadh thíos leis na polasaithe sin, muintir na n-oileán, fostóirí sna hoileáin agus na daoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do na hoileáin,” a dúradh sa ráiteas.
Sa bhliain 1984 a bunaíodh Comhdháil na nOileán agus sé oileán déag cláraithe ina mbaill. Ba í an aidhm a bhí acu aird a tharraingt ar na deacrachtaí a bhí ag oileánaigh maidir le forbairt shocheacnamaíochta. Ba é a dtuairim nach rabhthas ag díriú ar na fadhbanna sin ar bhonn réigiúnach ná ar bhonn náisiúnta.
Fág freagra ar 'Inmharthanacht na n-oileán agus reachtaíocht ar leith dóibh á bplé ag comhdháil idirnáisiúnta an tseachtain seo'