‘Inár gcroíthe go deo’— an Ghaeilge agus cás cáiliúil cearta teanga mar inspioráid d’amhrán nua ó Fontaines D.C.

Deir banna ceoil iomráiteach gur ghoill sé an-mhór orthu go gceapfadh aon duine sa lá atá inniu ann gur rud conspóideach an Ghaeilge a chur ar leac chuimhneacháin

‘Inár gcroíthe go deo’— an Ghaeilge agus cás cáiliúil cearta teanga mar inspioráid d’amhrán nua ó Fontaines D.C.

Tá amhrán a bhfuil teideal Gaeilge air agus a phléann le cás cáiliúil cearta teanga ar albam nua ceann de na bannaí rac is mó atá i mbéal an phobail faoi láthair.

Le port den teideal Inár gcroíthe go deo a chuireann Fontaines DC as Baile Átha Cliath tús lena dtríú albam, Skinty Fia.

Ba é ‘Inár gcroíthe go deo’ an teachtaireacht ómóis i nGaeilge ar diúltaíodh cead do theaghlach i Sasana í a chur ar leac chuimhneacháin a máthar, Margaret Keane.

“Ghoill sé sin an-mhór orainn go léir mar Éireannaigh,” a dúirt Grian Chatten, príomhamhránaí Fontaines D.C faoin gconspóid a spreag an chéad amhrán ar a n-albam nua, a eiseofar mí Aibreáin.

“A bheith á léamh sin sa lá atá inniu ann? Gur measadh fós go raibh an Ghaeilge róchonspóideach chun go gcuirfí ar leac uaighe í? Ach ní gleo ná doirn an phuinc an freagra a bhí againn air. Brón an freagra a bhí againn.

“Nílimid ag iarraidh a bheith ar an saghas banna a théann amach ar an ardán i gcónaí ag fógairt ‘Is faoi seo atá an t-amhrán seo!’ Ag iarraidh rud éigin níos impriseanaíche a chruthú atáimid. Ní gá dúinn ár nglór a ardú an t-am go léir.”

‘Inár gcroí go deo’ greanta i leac uaighe Margaret Keane

Cuireadh ar ceal sa chúirt eaglasta is airde i Sasana anuraidh cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe sa reilig in Coventry.

Tarraingíodh aird mhór ar chás mhuintir Keane i Meitheamh 2020, nuair a dhiúltaigh Seansailéir Dheoise Coventry Shasana, don achainí go gcuirfí ráiteas i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin a máthar, arbh as Maigh Eo ó dhúchas di.

Dúirt an Seansailéir sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Banna iarphunc as Baile Átha Cliath iad Fontaines D.C ar thuill a gcéad dá albam –Dogrel agus A Hero’s Death – ardmholadh ó lucht critice, gradaim go leor agus lucht tacaíochta ó chian agus ó chóngar. Ar an 22 Aibreán a eiseofar a dtríú halbam.

Fág freagra ar '‘Inár gcroíthe go deo’— an Ghaeilge agus cás cáiliúil cearta teanga mar inspioráid d’amhrán nua ó Fontaines D.C.'

  • An Teanga Bheo

    Theanga Bheo na hEoraip curtha ar ceal ag Sasana nach mian leo fós ár dteanga a chuir síos.