In ainneoin an mhéaldráma tá téagar sa scéal cúirte ‘You Don’t Know Me’

Tá an tsraith ‘You Don’t Know Me’ bunaithe ar úrscéal Imram Mahmood agus a fhiche bliain taithí mar abhcóide ag cosaint daoine as pobail imeallaithe Londan

In ainneoin an mhéaldráma tá téagar sa scéal cúirte ‘You Don’t Know Me’

Seasann an cosantóir os comhair an ghiúiré agus an bhreithimh ag deireadh a chás cúirte. Dúnmharú curtha ina leith agus an bhreis ina aghaidh ag an bpointe seo óir go bhfuil argóintí agus fianaise láidir curtha os comhair na cúirte ag lucht an ionchúisimh. Tá a dhlíodóir scaoilte chun siúil aige agus é i gceist aige an argóint mhullaigh a dhéanamh é féin. Tosaíonn sé ag eachtraí scéil… 

Tús méaldrámata má bhí a leithéid riamh ann, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa meabhraíonn an breitheamh dó nach bhfuil cead aige fianaise nua a chur os comhair na cúirte. Is fianaise nua gach cuid den scéal, áfach, rud a fhágann rian beag na háiféise ar imeachtaí na cúirte as sin amach.  

Bhí cad é bús faoin tsraith ceithre chlár You Don’t Know Me (BBC 1, Dé Domhnaigh) sara gcraoladh é mar go bhfuil sé  bunaithe ar leabhar an abhcóide Imram Mahmood agus gur cliar/carachtair den chine daite atá sa scéal. Tá Hero (Samuel Adewunmi) cúisithe as Jamil (Roger Jean Nsengiyumva), bithiúnach is díoltóir drugaí áitiúil, a chur de dhroim seoil.  

Is geall le duine den ghiúiré sinne an lucht féachana agus tosaíonn Hero ag cur abhaile orainn go bhfuil dúnmharú Jamil fite fuaite le scéal mistéireach a chailín, Kyra (Sophie Wilde). Vae linn ansin trí shraith iardhearcthaí a thugann éachtaint ar fhorás an ghaoil eatarthu agus conas mar a chuaigh sí ar iarraidh go tobann. Fear óg stuama go maith é Hero atá umhal don dlí; post breá aige mar dhíoltóir carranna agus é go maith dá mháthair agus dá dheirfiúr. Tosaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar air agus é ag iarraidh teacht ar Kyra agus rudaí a chur ina gceart. Déantar a scéal cráite siúd a chur os ár gcomhair diaidh ar ndiaidh chomh maith.  

Cé go bhfuil Kyra i lár an scéil, sé Hero an príomhcharachtar agus déanann Adewunmi é a léiriú mar Thadhg an mhargaidh atá ag iarraidh treabhadh leis sa saol. Ceann feadhna caithiseach inchreidte é agus tacaíocht bhreá aige ón gcuid eile den chliar.  

Tá úrscéal Mahmood bunaithe ar an bhfiche bliain taithí atá aige ag cosaint daoine óga cosúil le Hero agus cuireann sin bunchlocha téagartha leis an scéal. Léirítear dúinn go caolchúiseach, ach go leanúnach, go bhfuil pobail i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste timpeallaithe ag an gcoiriúlacht agus gur fuirste don duine óg sleamhnú ina treo. Ní féidir éalú ó chúrsaí cine; is den chine dubh iad na coirpigh is na híobartaigh ar fad. Iad sáinnithe ag éagothroime an tsaoil; an choiriúlacht a eascraíonn as sin á dtarraingt i dtreo na haimléise.   

Cé gur dóigh liom go dtéann an saothar amú anseo agus ansiúd tá téagar sa scéal bleachtaireachta is cúirte seo.  

Fág freagra ar 'In ainneoin an mhéaldráma tá téagar sa scéal cúirte ‘You Don’t Know Me’'