Imní faoin tionchar a bheidh ag teagasc teanga iasachta sa bhunscoil ar an nGaeilge

Tá imní léirithe ag daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais go ndéanfar cinneadh an t-am a chaitear ar an nGaeilge a laghdú chun freastal ar an teanga nua

Imní faoin tionchar a bheidh ag teagasc teanga iasachta sa bhunscoil ar an nGaeilge

Tá imní ann go mbeidh drochthionchar ar mhúineadh na Gaeilge ag cinneadh ón Roinne Oideachais tús a chur le teanga iasachta a mhúineadh do pháistí bunscoile.

Tuairiscíodh le gairid go bhfuil athrú suntasach ar an gcuraclam bunscoile le fógairt ag an Roinn Oideachais san athbhliain agus go mbeidh teanga iasachta le foghlaim ag páistí sa bhunscoil.

De réir tuairisc san Irish Times, tá sé i gceist go gcaithfí uair an chloig sa tseachtain, ó Rang a 3 ar aghaidh, ar mhúineadh na Fraincise, na Gearmáinise, na Spáinnise nó teanga iasachta eile.

Dúradh go dtiocfaidh laghdú leathuair an chloig sa tseachtain ar mhúineadh an Reiligiúin chun cuid den am a bheidh ag teastáil a fháil ach níl sé soiléir cá as a thiocfaidh an 30 nóiméad eile.

Tá imní léirithe ag daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais go ndéanfar an t-am a chaitear ar an nGaeilge a laghdú chun freastal ar theagasc na teanga nua.

Ghlac Conradh na Gaeilge páirt sa phróiseas comhairliúcháin a reáchtáil an Roinn maidir leis na hathruithe ar an gcuraclam agus deir Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go raibh an eagraíocht in amhras faoi na moltaí a bhí ag teacht chun cinn.

“Bhíomar páirteach sa phróiseas mar go rabhamar ag iarraidh cur ina choinne,” arsa de Spáinn. “D’aithníomar go raibh an baol sin ann [go bhféadfaí laghdú a dhéanamh ar uaireanta teagaisc na Gaeilge]. Mhol siad trí mhúnla éagsúil chun an t-am a chur ar fáil do theanga iasachta agus bhí na trí cinn acu ag moladh am a bhaint ón nGaeilge nó am a bhaint ón mBéarla. Ní raibh reiligiún luaite mar chuid de sin ag an am.

“Tá ceist ann an bhfuil an leathuair an chloig sin le baint ón nGaeilge mar níl aon chinnteacht ann maidir cá as a thiocfaidh sí.”

Deir de Spáinn gur sprioc uaillmhianach é an tríú teanga a mhúineadh sa bhunscoil agus go gcuireann an Conradh fáilte roimh an ilteangachas. Ach deir sé gur cheart a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á múineadh i gceart sula mbogfar ar aghaidh chun teanga eile a mhúineadh do pháistí.

Tá imní léirithe le roinnt blianta anuas ag cigirí na Roinne Oideachais féin faoi chaighdeán Gaeilge daltaí bunscoile na tíre. De réir aiseolas a fuair an Conradh ó mhúinteoirí bunscoile, meastar go ndéanfaí dochar go leor do mhúineadh na Gaeilge agus do mhúineadh an Bhéarla dá ndéanfaí aon laghdú ar an am teagaisc.

Laghdaíodh i 1980 an líon ama a chaitear ar an nGaeilge sna bunscoileanna ó 5 uair an chloig go dtí 3.5 uair an chloig.

“An ndearnadh aon taighde ar na himpleachtaí a bhí aige seo ar chumas na ndaltaí sa Ghaeilge roimh 1980 agus i ndiaidh 1980 agus níos lú ama á chaitheamh uirthi sa churaclam?” a deir Julian de Spáinn.

Ceistíonn sé freisin cá as a thiocfaidh na múinteoirí chun an tríú teanga a mhúineadh.

“An bhfuil an Roinn chun cúrsaí inseirbhíse a chur ar fáil do mhúinteoirí? An mbeidh na nuatheangacha mar riachtanais iontrála sna coláistí oiliúna amach anseo?”

Tuigtear go bhfuil a mbeannacht tugtha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) do na hathruithe ar churaclam na bunscoile agus go bhfógróidh an tAire Norma Foley iad go luath.

Fág freagra ar 'Imní faoin tionchar a bheidh ag teagasc teanga iasachta sa bhunscoil ar an nGaeilge'

  • Caoimhín

    Ní bheinn féin ró-bhuartha faoin easpa mhúineadh an Bhéarla mar tá muid go léir breá tumtha i mbolgán Béarla aonteangach sa saol mór.

    Ó thaobh an ilteangachas de beidh teangacha iasachta maith go leor, ach an mbeidh an caighdeán labhartha/scríofa ag na múinteoirí sách-mhaith chun iad a mhúineadh? Más rud é go mbeidh, ba dhochar ar bith é cúpla frása Gearmáinise nó Iodáilise a thabhairt do na páistí.

  • Seán ÓM

    Is deas an smaoineamh é – go bunúsach, smaoineamh maith. Ach tar éis an phraisigh a dhearna an Roinn de chur i bhfeidhm an chórais T1/T2 don Ghaeilge sna meánscoileanna, níl muinín ar bith fágtha agam iontu.
    Tubaiste eile ar na bacáin is dócha.