Imní faoin lorg a fhágfaidh ciorruithe RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge

Ní raibh Ard-Stiúrthóir RTÉ i bhfad ag cur deireadh le haon chaint go ndéanfaí eisceacht de chraoltóireacht na Gaeilge sna ciorruithe diana atá beartaithe aige

Imní faoin lorg a fhágfaidh ciorruithe RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge

Tá imní ann go mbeidh craoltóireacht na Gaeilge thíos go mór leis na ciorruithe diana atá á mbeartú in RTÉ.

Ní raibh Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, i bhfad ag cur deireadh an tseachtain seo le haon chaint go bhféadfaí eisceacht a dhéanamh de chraoltóireacht na Gaeilge agus an gearradh siar á dhéanamh.

I measc na gciorruithe atá beartaithe, tá babhta iomarcaíochta deonaí, cosc ar earcaíocht agus cosc ar chaiteachas neamhriachtanach.

Tá trí fholúntas ag RnaG faoi láthair – clár-reachtairí i gCasla agus i nDoirí Beaga agus reachtaire leanúnachais i gCasla – agus tuigtear go mbeidh a thuilleadh folúntas ann go luath.

D’fhéadfadh an cosc earcaíochta fadhbanna móra a chruthú do RnaG nuair a rachaidh daoine ar scor agus chuirfeadh clár iomarcaíochta deonaí brú mór chomh maith ar an stáisiún ó thaobh acmhainní.

Cuireadh ceist i dTeach Laighean ar Bakhurst faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag na ciorruithe do Raidió na Gaeltachta, ach is beag sólás a bhí ag an ardstiúrthóir do lucht na craoltóireachta Gaeilge.

“Tá an fhadhb seo suntasach a dóthain go gcaithfidh mé gníomh láidir a dhéanamh i dtaca leis an eagraíocht go léir.

“Tuigim go maith na himpleachtaí do dhaoine agus d’fhoirne agus déanfaimid ár ndícheall é sin a mhaolú a oiread agus is féidir, ach tá dúshlán an-mhór romhainn agus, faoi mar a dúirt mé, an rud deireanach a theastaíonn uaim a dhéanamh ná rith amach as airgead agus a bheith i dtaobh leis an iomarcaíocht éigeantach. Dhéanfadh sin dochar do dhaoine in RnaG chomh maith.”

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Brendan Griffin gurb amhlaidh go raibh “buntáiste mór ar bheagán infheistíochta” ag RTÉ as Raidió na Gaeltachta agus go mbeadh impleachtaí níos tromchúisí ag ciorruithe agus cosc earcaíochta in áiteanna amhail stiúideo RnaG i mBaile na nGall.

Mhaígh Griffin go bhfuil go leor áiteanna eile in RTÉ gurbh fhurasta gearradh siar orthu ná Raidió na Gaeltachta agus cúrsaí foirne.

Mhaígh an Teachta Dála as Ciarraí go raibh “lán úlloird” de ‘low hanging fruit’ ann in eagraíocht ina raibh níos mó ná 100 duine ag fáil níos mó ná €108,000 sa bhliain.

Dúirt Kevin Bakhurst nach raibh a leithéid de rud ann is “low-hanging fruit” fad is a bhain sé leis na ciorruithe a bhí le déanamh.

Dúirt Bakhurst, go mbeadh an infheistíocht a dhéantar i dtrealamh nua thíos leis na ciorruithe chomh maith agus tá sé ina imní anois sa raidió nach ndéanfar aon infheistíocht go ceann i bhfad i dtrealamh nár deineadh aon infheistiú ann ná uasdátú air le blianta.

Tá an imní chéanna i measc bhaill foirne i seomra nuachta TG4 soir an bóthar i mBaile na hAbhann, mar a mbíonn fadhbanna le heaspa foirne agus trealamh seanchaite.

Faoi chiorruithe a tugadh isteach in 2021 ní bhíonn aon cheamara dá gcuid féin ag Nuacht TG4, a dhéanann RTÉ do TG4, i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin bíonn lucht na nuachta Gaeilge i dtaobh le ceamara amháin san ardchathair Dé Máirt.

Maidir le soláthar Gaeilge RTÉ féin tá iarracht ar bun cur le líon na gclár Gaeilge a chraoltar ó chinn an coimisinéir teanga gur sháraigh an craoltóir an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin.

Beifear ag súil nach ligfear do na ciorruithe cur as do phlean an chraoltóra cur lena soláthar Gaeilge.

€10.006 milliún a chuir RTÉ ar fáil in 2002 do Raidió na Gaeltachta, de réir na tuarascála bliantúla a d’fhoilsigh RTÉ le déanaí. B’in méadú ó €9.759 milliún in 2021.

De réir na tuarascála céanna chuir RTÉ luach €7.37 milliún de chláir ar fáil do TG4 anuraidh.

Tá iarrtha ag RTÉ ar an rialtas ciste eatramhach €35 milliún a chur ar fáil dóibh chun dul i ngleic leis na deacrachtaí airgid. Deir RTÉ go mbeidh €21 milliún eile níos lú acu mar nach bhfuil daoine ag íoc as ceadúnas teilifíse.

Dúirt Kevin Bakhurst le baill foirne inné gur cúis aithreachais dó na ciorruithe mar gurb é sceideal an chraoltóra, cúrsaí trealaimh agus forbairtí digiteacha a bheidh thíos leis.

“Mar gheall ar an laghdú mór ar ioncam an cheadúnais teilifíse agus an éiginnteacht faoi mhaoiniú eatramhach stáit, is é sin [na ciorruithe] an t-aon rud stuama is féidir linn a dhéanamh.”

Shéan Bakhurst go raibh RTÉ “ar tí a bheith bancbhriste”. Dúirt sé go raibh “dúshláin mhóra airgeadais” roimh an gcraoltóir agus go gcaithfí a bheith fíorchúramach faoi chaiteachas.

Tá RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh iad i mí an Mheithimh go raibh an pá a íocadh le Ryan Tubridy, idir 2017-2022 €345,000 níos airde ná mar a thuairiscigh RTÉ go poiblí.

Fág freagra ar 'Imní faoin lorg a fhágfaidh ciorruithe RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge'