Imní faoi ardú ar líon na ndaoine sna hospidéil

Deir an tAire Simon Harris gurb é ‘is dóichí’ a tharlóidh ná go mbeidh gá le srianta Leibhéal 4 a thabhairt isteach sa Stát go léir ach ‘nár ghá go dtarlódh sin’

Imní faoi ardú ar líon na ndaoine sna hospidéil

Tá ráite ag Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, gur “údar imní” an t-ardú is déanaí ar líon na ndaoine atá á gcur sna hospidéil.

238 duine atá sna hospidéil faoi láthair, méadú 24 ón oíche aréir, agus 29 duine a bhí in ICU, laghdú beag ó 30 aréir.  201 duine atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 24 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tagann fógairt na bhfigiúirí is déanaí sna sála ar áiteamh an Aire Ardoideachais Simon Harris inniu gurb í seo “uair na cinniúna” don tír. Dúirt Harris nach raibh “ach achar fíorbheag ama againn chun a chinntiú nach mbeidh orainn filleadh ar na srianta”. Dúirt sé gurb é “is dóichí” a tharlóidh ná go mbeidh gá le srianta Leibhéal 4 a thabhairt isteach sa Stát go léir ach “nár ghá go dtarlódh sin”.

Is iad na difríochtaí is mó idir Leibhéal 4 agus Leibhéal 3 nach bhfuil cead oscailte faoi Leibhéal 4 ach ag gnóthaí, siopaí agus seirbhísí atá riachtanach agus nach gceadaítear aon chuairteoirí chun an tí ná ócáid shóisialta ar bith.

Tá srian breise á chur le leibhéal 3 agus beidh cosc náisiúnta ó mheán oíche anocht ar chuairteoirí chun an tí agus tá Leibhéal 4 á thabhairt isteach i dtrí chontae cois teorann, Dún na nGall, Muineachán agus contae an Chabháin.

Idir an dá linn 763 cás nua d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu agus ceathrar eile atá básaithe ó thuaidh den teorainn de dheasca an ghalair.

69,121 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 23,878 cás ó thuaidh den teorainn agus 45,243 cás ó dheas di.

2,441 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 606 duine ó thuaidh agus 1,835 ó dheas.

Tá scoileanna an Tuaiscirt le dúnadh ar feadh coicíse ón Luan seo chugainn mar chuid de na srianta nua atá á dtabhairt isteach le srian a chur le scaipeadh rábach an Covid-19 ó thuaidh. Beidh na bialanna agus na tithe tábhairne dúnta ach amháin i gcomhair seirbhís tabhair leat.

Fág freagra ar 'Imní faoi ardú ar líon na ndaoine sna hospidéil'