Imní ar Acadian Seaplants faoi ghanntanas feamainne do thionscal Arramara

Deir Jean Paul Deveau, fear ceannais Acadian Sea Plants, go bhfuil obair thábhachtach déanta ag Arramara le bliain anuas, ach go gcaithfí stiúir níos eagraithe a chur ar bhaint feamainne sna cladaí

Feamainn14-3610

Tá an fheamainn bhuí ag éirí gann sna cladaí a raibh Arramara Teoranta ag brath orthu go dtí seo in iarthar na hÉireann agus is cúis imní é sin d’úinéirí nua an chomhlachta, Acadian Sea Plants as Nova Scotia i gCeanada.

Bhí Jean Paul Deveau, fear ceannais Acadian Sea Plants, ar cuairt go Conamara an tseachtain seo, aon bhliain amháin théis comhlacht Arramara a cheannach ó Údarás na Gaeltachta.

Dúirt sé go raibh obair thábhachtach déanta ag Arramara le bliain anuas, ach go bhféadfadh lúb ar lár a bheith sa scéal muna ndéanfar rud éigin go gairid le stiúir níos eagraithe a chur ar bhaint feamainne sna cladaí.

Tá bainte siar roinnt as Acadian Sea Plants de bharr staidéir atá déanta – agus atá ar bun fós – ar an méid feamainne maithe, fásta atá ar fáil i gcladaí Chonamara anois, arsa Deveau agus é i mbun agallaimh faoin ábhar an tseachtain seo.

‘B’fhéidir nach dtuigtear go forleathan go bhfuil go leor píosaí cladaigh lom go maith anois,’ a dúirt sé. ‘Tá sin tarlaithe mar go raibh baint mhór dá déanamh le riar blianta. Chomh maith leis sin, tá comhlachtaí eile ag fiach ar fheamainn bhuí anois freisin.’

Is é an toradh atá air seo uilig ná go bhfuil laghdú ar an méid feamainne atá ar fáil d’Arramara sa mhonarcha i gCill Chiaráin le hais mar a bhí acu an bhliain roimhe sin. Dá réir sin, a deir Deveau, beidh orthu súil a chaitheamh in athuair ar na pleananna a bhí acu d’Arramara i dtosach.

Bhíodar ag súil go méadófaí ar an lear feamainne a chuirtear isteach chuig monarchan Chill Chiaráin ó thuairim is 24,000 tonna sa mbliain go dtí tuairim is 40,000 tonna sa mbliain. Creideann na saineolaithe a chuireadar ag obair gur féidir 40,000 tonna a bhaint sna cladaí as a bhfaigheadh Arramara an soláthar go dtí seo ach eagar ceart a chur ar bhaint na feamainne.

JPdeveau
Jean Paul Deveau, Uachtarán Acadian Seaplants

Is é is brí atá le ‘eagar ceart,’ a deir Deveau, ná go mbeadh áiteacha ann chuile bhliain a bhféadfadh daoine baint iontu agus go bhfágfaí gan bhaint píosaí eile cladaigh nó go dtiocfadh fás ceart feamainne iontu. Ní féidir é sin a dhéanamh, a deir sé, gan córas ceadúnais no riaracháin a bheith i bhfeidhm agus dream éigin a bheith i gceannas air. Baineann an cheist sin le Rialtas na hÉireann, ar an gcéad iarraidh, arsa Deveau. Caithfear an scéal mar atá sé a láimhsiú ar an bpointe, a deir sé.

‘Tá dea-scéala ann freisin agus sin gur féidir 40,000 tonna feamainne a fháil isteach sa mbliain as cladaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo – sin, ar ndóigh, ach bainistíocht cheart a dhéanamh air.

‘Ach níos gaire don láthair níor mhór dúinn gearradh siar ar an mbaint i gcuid mhaith ceantar – éirí as nó go dtiocfaidh fás ceart faoin bhfeamainn arís. Fágann sin bearna le líonadh,’ a deir Deveau.

Dúirt sé go bhfuil áiteacha ann a bhfuil feamainn ag fás go tréan iontu agus nár mhór go mbeadh bainteoirí ‘in ann a dhul ina héadan sin’.

‘Theastódh go mbeadh réiteach idir lucht bainte feamainne agus an pobal sna háiteacha seo. Tá feamainn ansin nár baineadh le fada an lá.’

Bliain go ham seo a ghlac Acadian Sea Plants ceannas ar Arramara Teoranta. Cheannaigh siad an comhlacht ó Údarás na Gaeltachta. Níor dúradh go poiblí ó shin cén praghas a íocadh leis an Údarás. Tháinig an cheist seo chun cinn ag cruinniú d’fhochoiste Dála agus Seanaid agus ní raibh cuid de bhaill an choiste sin sásta nach dtabharfadh ionadaithe an Údaráis soiléiriú an scéal.

Dúirt Deveau, an ceannasaí ar Acadian Sea Plants, i gConamara an tseachtain seo go raibh an rúndacht faoin bpraghas ar cheann de na socruithe a bhain leis an margadh agus nach mbeadh Acadian Sea Plants ag tabhairt aon eolas faoi. ‘Glacaim leis go gcoinneoidh an Stát anseo leis an margadh agus leis an gconradh sin freisin,’ a deir sé.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, coinneofar téarmaí an mhargaidh sin ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir ‘clásal rúndachta’ sa chomhaontú díolacháin.

Tugadh le fios i miontuairiscí cruinnithe de chuid Bhord an Údaráis, a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go bhféadfadh ‘iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú’.

 

 

Fág freagra ar 'Imní ar Acadian Seaplants faoi ghanntanas feamainne do thionscal Arramara'