Imní ann go gcaillfidh Cois Fharraige maoiniú mar gheall ar a stádas i bplean forbartha an chontae

Dúirt comhairleoir áitiúil go mbeadh ‘fadhb’ ann don cheantar amach anseo i dtaobh maoiniú a fháil mar nach raibh an ceantar aitheanta mar ‘Lonnaíocht Tuaithe’

Imní ann go gcaillfidh Cois Fharraige maoiniú mar gheall ar a stádas i bplean forbartha an chontae

Tá díomá léirithe ag coiste pobail i gConamara faoin stádas atá tugtha dá gceantar i bplean nua forbartha na Gaillimhe.

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige (CFCF) go bhfuil díomá orthu nach bhfuil an stádas “cuí” tugtha do cheantar Indreabháin sa bplean nua agus go bhfuil an baol ann go bhfágfar an ceantar ar gcúl ó thaobh maoinithe agus áiseanna de amach anseo.

D’aontaigh comhairleoirí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe Plean Forbartha Contae 2022-2028 an tseachtain seo caite ach ní hé chuile dhuine atá sásta leis na leasuithe atá déanta ar an bplean nua.

Bhí CFCF ag iarraidh go n-aithneofaí ceantar Indreabháin ina ‘Lonnaíocht Tuaithe’ faoin bplean nua ach ní raibh feidhmeannaigh pleanála na Comhairle sásta glacadh leis an moladh.

I gceantar Indreabháin, tá na seirbhísí uilig a theastódh i gceantar lonnaíochta faoin tuath, idir ollmhargadh mór, tithe tábhairne, stáisiún Gardaí, meánscoil agus bunscoil, Ionad Cúram Leanaí, séipéal, teach tórraimh, reilig, áiseanna spóirt den scoth, dhá eastát tionsclaíochta agus seirbhísí airgeadais ón gComhar Creidmheasa, gan caint ar amharclann, comharchumann agus an coláiste Gaeilge is mó sa tír,” a dúirt urlabhraí ón gCumann Forbartha.

“I bhfianaise an stádas atá tugtha ag an gComhairle Contae do Ros a’ Mhíl agus don Tulaigh/Baile na hAbhann mar Lonnaíochtaí Tuaithe (7a), is deacair a thuiscint cén caoi a bhféadfaí Indreabhán a fhágáil ar lár ón liosta.”

Dúirt CFCF go bhfuil cruinniú á iarraidh anois ag an gcoiste le comhairleoirí áitiúla chun míniú a fháil ar an scéal.

Tá an baol ann mura ndéantar an leagan amach a leasú nuair a thagann an Plean Forbartha os comhair na gcomhairleoirí contae arís i gceann cúpla mí eile, go bhfágfar ceantar Indreabháin ar chúl maidir le forbairt tithíochta, tionsclaíochta agus áiseanna pobail amach anseo.”

Dúirt CFCF go bhfuil sé i gceist acu dul i gcomhairle leis an bpobal áitiúil faoin scéal chomh luath agus a bheidh sé sábháilte cruinniú poiblí a eagrú.

Agus é ag labhairt le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire go mbaineann an fhadhb le cé chomh scaipthe amach is atá an ceantar.

“Tá ceantair Indreabháin tarraingthe amach,” a dúirt Mac an Iomaire. “Má thógann tú bailte eile [a fuair stádas mar Lonnaíocht Tuaithe], Cinn Mhara déarfaidh muid, tá sé sin istigh ina bhaile beag féin. Tá fadhb againne in Indreabhán, tá sé ag dul ón Spidéal siar chomh fada le Baile na hAbhann.”

Dúirt an comhairleoir de chuid Fhine Gael go raibh an-chuid áiseanna sa cheantar ach nach raibh na feidhmeannaigh sásta an stádas mar Lonnaíocht Tuaithe a bhronnadh ar Indreabhán. Luaigh sé freisin go raibh fadhbanna ó thaobh séarachais le réiteach sa gceantar.

D’aithin Mac an Iomaire go mbeadh “fadhb” ag an gceantar ó thaobh tuilleadh maoinithe a fháil ón gComhairle Contae ach dúirt sé go mbeadh sé féin agus comhairleoirí áitiúla eile ag brú an scéil chun cinn.

Cuirfear an plean forbartha nua faoi bhráid an phobail san earrach.

Fág freagra ar 'Imní ann go gcaillfidh Cois Fharraige maoiniú mar gheall ar a stádas i bplean forbartha an chontae'