Imeartas focal agus diabhlaíocht

Roinneann abhcóide a chuid smaointe linn faoin méid a scríobh Bruce Arnold faoin 'éiginnteacht' san fhoclaíocht maidir leis an reifreann ar an bpósadh comhghnéis

BunreachtHead

Mar dhlíodóir agus duine a bhfuil Gaeilge aige, is aoibhinn liom saothar Myles na gCopaleen. Bhí bua na héigéille as an ngnách ag Myles.

Má bhí saothar scríofa ar ghannchuid céille, nó ar easpa céille ar fad, ba léir don dall an méid sin tar éis do Mhyles dianscrúdú a dhéanamh air.

Chuimhnigh mé ar Myles agus mé ag baint taitnimh as alt a scríobh Bruce Arnold le gairid. Gan an t-alt a mhilleadh go hiomlán ort, is é tuairim Bruce ní hamháin nár chóir go n-éirodh leis an reifreann ar an bpósadh comhghnéis, ach nár chóir go gcuirfí faoi bhráid an phobail ar chor ar bith é. Tá an moladh lochtach sa mhéid is go bhfuil éiginnteacht san fhoclaíocht.

Sin tuairim phearsanta Bruce Arnold agus, mar iaririseoir, bheadh an-chur amach aige ar fhoclaíocht lochtach.

Le barr snais a chur ar an excursus bunreachtúil, tugann Bruce le fios go bhfuil (ar a laghad) abhcóide sinsir amháin, chomh maith le dlíodóiri acadúla céimiúla, ar aon tuairim leis.

Ní cosúil go bhfuil a leithéid de rud ann agus abhcóide nó aturnae céimiúil, nó b’fhéidir gurb amhlaidh gur i saol an academia amháin atá teacht ar an ainmhí áirithe sin.

Luaitear na dlíodóiri céimiúla seo mar leathbhádóirí Bruce, ach faraor is ag ‘am cuí a nochtfar a dtuairimí’. Níl an t-am sin buailte linn fós.

In éagmais a leathbhádóirí, níl an dara rogha ag Bruce ach luí ar na maidí agus foclaíocht an leasaithe a shonrú.

Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.

Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex

Maíonn Bruce sa chás go n-éireodh leis an reifreann go mbeidh sé de cheart ag beirt dul le pósadh, ach gur ceart cnuasaitheach a bheadh ann, seachas ceart aonair. Cáineann Arnold an méid seo. An é go bhfuil sé i bhfabhar posádh aonair?

Bheadh costas níos lú ag gabháil leis an bpósadh aonair, agus fuílleach spáis san eaglais dá bharra, cinnte, ach seo ceist dos na saineolaithe atá ina bhfir ionaid ag Bruce: cad is fiú ceart pósta aonair?

Go hiondúil, pósann duine amháin duine eile. Má éiríonn leis an reifreann, beidh sé de cheart ag A pósadh le B: cibé acu fear nó bean A nó B. Ní bheidh cosaint níos lú ann do chearta pósta A nó B toisc go luaitear na cearta sin ar bhonn cnuasaitheach (i.e. comhchoiteann), seachas ar bhonn aonair.

De réir Arnold, fágtar amuigh aon idirdhéalú dlíthiúil ar bhonn gnéis:

The words ‘their sex’ imply that the two persons are of the same sex.

Is fiú machnamh air seo. Luaitear ‘two persons’ sa leagan Béarla. Ansin, luaitear ‘their sex.’ Is gné daonna aonair é gnéas. Tá gnéas áirithe ag duine A. Tá gnéas áirithe ag duine B. Má éiríonn leis an reifreann, beidh cead pósta ag an mbeirt sin, A agus B, is cuma más fir nó mná iad.

Nach bhfuil sé soiléir go dtagraíonn ‘their sex’ do ghnéas duine A agus ghnéas duine B, seachas do ghnéas comhchoiteann na beirte?

Ní fheicim bunús loighiciúil ná teangeolaíoch leis an gciall a bhaineann Arnold as na focail. Ní bheadh an locht sin ann dá mba rud é go raibh ‘their sexes’ sainráite san alt, b’fhéidir.

Sin leagan ciotach, tuathalach nach bhfuil aon ghá leis i gcáipéis bhunreachtúil údarasch, shollúnta.

Seo le Arnold ag brath ar théacs tiarnasach na Gaeilge.

“In Irish, cibé acu is fir nó mná iad means quite clearly whether they are men or women.”

De réir fhoclaíocht an leasaithe, féadfaidh beirt conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.

Ach dar le Arnold nach mbeadh aon chiall le sainmhiniú a chuireann cosc ar phósadh idir fear agus bean. Sin díreach an locht a fhaigheann Bruce air.

Más é sin an t-aon éiginnteacht a thaibhsítear dó a bheith ann, ní mórán é.

Is beag an baol go gcuirfí cosc ar phósadh idir bean agus fear. Ní thabharfadh aon dlíodóir dáiríre an léamh sin ar an leasú.

Ach, nach cuma cén léamh teibí is féidir le dlíodóir (céimiúil nó a mhalairt) a thabhairt ar an bhfoclaíocht? Feictear do Bruce go bhfuil baol san éiginnteacht.

Dar leis go bhféadfadh dhá thoradh a bheith ar an leasú: (1) go mbeadh soláthar bunreachtúil do lánúineacha comhghnéis amháin nó (2) go bhfágfaí an bunreacht gan leasú ar chor ar bith.

An gcreideann Bruce go mbeidh breithimh na cúirte uachtaracha ar aon intinn leis, agus nach mbeidh aon bhac bunreachtúil ar reachtaíocht a chuirean cosc ar phósadh idir fear agus bean? Ní dóigh liom é.

Imeartas focal, diabhlaíocht, scigaithris ar conas foclaíocht an Bhunreachta a scrúdú le teann grinn. Comhartha ómóis do Myles, b’fhéidir?

An Milleánach

Fág freagra ar 'Imeartas focal agus diabhlaíocht'