‘Imeaglú samhnasach’ é comharthaí sráide Gaeilge a scrios

Baineadh óna philéir ar fad comhartha sráide dátheangach amháin i ndeisceart Bhéal Feirste agus fágadh an dara ceann ina dhá leath

‘Imeaglú samhnasach’ é comharthaí sráide Gaeilge a scrios

Tá sé “samhnasach” go bhfuil “imeaglú” á dhéanamh ar dhaoine agus scrios déanta ar chomharthaí sráide Gaeilge le huirlis chumhachta i ndeisceart Bhéal Feirste an tseachtain seo.

Baineadh dá philéir ar fad an comhartha sráide dátheangach in Ascaill Pháirc an Fhéir/Haypark Avenue agus fágadh comhartha ar Chearnóg San Iúd, nó St Judes Square, ina dhá leath i gceantar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, gur “coireanna fuatha” atá sna hionsaithe atá á ndéanamh ar chomharthaí dátheangacha i ndeisceart na cathrach.

“Tá sé samhnasach go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh imeaglú a dhéanamh ar na pobail sin a bhfuil comharthaíocht dhátheangach roghnaithe acu.

“Is léir ó na sráideanna atá faoi chaibidil anseo go bhfuil, i gcás Chearnóg San Iúd, gach duine a d’fhreagair an suirbhé ar son an dátheangachais ar an chomharthaíocht sráide, agus is gcás Ascaill Pháirc an Fhéir, bhí mórthromlach i bhfabhar, timpeall 88% dóibh siúd a léirigh tuairim.”

Deir Conradh na Gaeilge gur faoi Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste atá sé rogha na gcónaitheoirí a chur i bhfeidhm agus a chosaint.

“Ní mór dóibh na céimeanna atá ar bun acu le cur i gcoinne na gcoireanna fuatha seo a chur in iúl agus a chur i gcrích, rud a bhfuil dualgais orthu a dhéanamh de réir fhorálacha na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha Mionlaigh.”

Seo an tríú huair le thart ar thrí mhí anuas a bhfuil loitiméireacht nó scrios déanta ar an chomhartha sráide Gaeilge ar Ascaill Pháirc an Fhéir, sráid atá gar do cheantar dílseach.

I mí Lúnasa seo caite a ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le hiarratais ar chomharthaí sráide dátheangacha d’Ascail Pháirc an Fhéir agus Cearnóg San Iúd agus iad i measc na gcéad iarratas a ceadaíodh faoina bpolasaí nua.

De réir an pholasaí, a bhfuil mar aidhm aige an próiseas iarratais ar chomharthaí sráide dátheangacha a dhéanamh níos fusa do dhaoine, is féidir le duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge.

Ní gá ach do 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid glacadh leis an mholadh ina dhiaidh sin.

As an 11 comhairle áitiúil sa Tuaisceart, tá cúig chomhairle a bhfuil móramh náisiúnaithe iontu a chuireann fáilte roimh iarratais ar chomharthaí Gaeilge, rud a fhágann go bhfuil níos mó comharthaí sráide Gaeilge le feiceáil i gceantair áirithe sa tuaisceart ná mar a bhíodh roimhe seo.

“Sna figiúir is déanaí atá feicthe ag Conradh na Gaeilge tá 1,121 iarratas déanta ar chomharthaíocht dhátheangach Béarla-Gaeilge i mBéal Feirste ó tháinig an polasaí úr i bhfeidhm i mí Iúil 2022,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“Cé nach bhfuil ach 10% de na hiarratais, timpeall 110 sráid, sin tugtha chuig pointe go bhfuil comharthaí úra dátheangacha in airde, tá an timpeallacht teanga sa chathair ag athrú, céim ar chéim.”

Fadhb leanúnach í an loitiméireacht a dhéantar ar chomharthaí dátheangacha i mBéal Feirste agus i gceantair eile sa tuaisceart. An mhí seo caite, scriosadh dhá chomhartha sráide dátheangacha nua a cuireadh in airde ar an Ómaigh i dTír Eoghain.

Cosnaíonn sé thart ar €1,000 ar chomhairlí comhartha sráide dátheangach nua a chur in áit ceann a scriostar.

Cháin Comhairleoirí áitiúla de chuid an SDLP agus Shinn Féin an loitiméireacht a rinneadh ar na comharthaí sráide i ndeisceart Bhéal Feirste.

Dúirt Conor Mc Kay, Comhairleoir de chuid Shinn Féin, gur údar díomá dó go raibh ionsaithe á ndéanamh ar fhéiniúlacht áirithe.

Dúirt Gary McKeown, Comhairleoir de chuid an SDLP do dheisceart Bhéal Feirste, nach bhféadfaí glacadh leis an loitiméireacht ar chomharthaí sráide dátheangacha, comharthaí, a dúirt sé, “ar mian” le lucht cónaithe na háite a bheith le feiceáil agus a léiríonn “éagsúlacht” na ndaoine sa cheantar.

Fág freagra ar '‘Imeaglú samhnasach’ é comharthaí sráide Gaeilge a scrios'

  • Máirín

    Ba chóir Edwin Poots a bhaint den phíosa magúil in “Ar son na Cúise” i dTuairisc atá fós le feiceáil ach é go hiomlan as dáta anois.
    Tá mionlach ann i gcónaí a dhéanfas dochar do fógraí sráide. Tá cúpla glún le dul sula imoeos é sin. Ní Poots is ciontach.

    Is beag aitheantas a tugadh sna 26 contae don méid a dhúirt Edwin Poots agus tacaíocht á thaispeaint aige do Seacthain na Gaeilge le deireanas.

  • WTF

    Iad a ghreamú ar bharr an fhalla!