IMEACHTAÍ: Oireachtas na Samhna 2018 – clár na féile

An bhfuil tú ag triall ar Oireachtas 2018 i gCill Áirne, nó an bhfuil tú ann cheana féin? Beidh gach eolas gach lá faoi imeachtaí na féile ar Tuairisc.ie...

IMEACHTAÍ: Oireachtas na Samhna 2018 – clár na féile

Dé hAoine

8.00 a.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Adhmhaidin – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Ródaí, RTÉ , Raidió na Gaeltachta
9.30 a.m. COMÓRTAS 1 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (Faoi 9) – IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue
9.30 a.m. COMÓRTAS 2 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (9-12) – IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Paza
9.30 a.m. COMÓRTAS 5 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (Faoi 9) – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
9.30 a.m. COMÓRTAS 6 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (9-12) – IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
9.30 a.m. COMÓRTAS 20 – Réamhbhabtha Lúibíní (12-15) – Roghnófar rogha iomaitheoirí ón réambhabtha le páirt a ghlacadh sa bhabtha craoibhe tráthnóna Dé hAoine, a chraolfar beo mar chuid den chlár ar TG4, Lár Stáitse, ag 8.00 – 9.30 p.m. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
10.00 a.m. COMÓRTAS 37: Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná faoi 35 – IONAD: Seomra Onóra, Leibhéal 1, INEC
10.00 a.m. COMÓRTAS 38: Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir faoi 35 – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
10.00 a.m. – 5.00 p.m. AN SEOMRA TEAGHLAIGH – Arna eagrú ag Glór na nGael. – Clár Ceoil, Amhráin & Siamsaíochta do Pháistí, ag freastal ar gach aoisghrúpa. Beidh Giggles, an Fear Grinn, i láthair don lá ar fad. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle
10.15 a.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Sinéad ar Maidin – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Ródaí, RTÉ , Raidió na Gaeltachta
11.00 a.m. COMÓRTAS 3 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (12-15) – IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue
11.00 a.m. CEARDLANN RINCE NUA-AIMSEARTHA – le Siobhán de Paor ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle
11.30 a.m. COMÓRTAS 4 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (15-18) – IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
12.00 p.m. COMÓRTAS 7 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (12-15) – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
12.00 p.m. CAINT PHOIBLÍ: DO CHUID ATHCHÚRSÁLA – Arna eagrú ag Voice Ireland. – Cad a théann isteach i do bhosca athchúrsála? Cén cineál plaisteach ar féidir athchúrsáil in Éirinn? An bhfuil a fhios agat cá dtéann do chuid Bruscair Athchúrsála? Tá Voice Ireland ag an Oireachtas le do cheisteanna a fhreagairt. Tá sé tábhachtach – Téigh i ngleic le do chuid bruscair! – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
12.00 p.m. CÚINNE SCÉALAÍOCHTA – leis an Scéalaí Máirín Mhic Lochlainn ó Ghaeltacht Chonamara. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle
12.00 p.m. – 2.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Bróinse na Féile – Comhchraoladh raidió idir Raidió na Life agus Raidió Fáilte – Clár irise le nuacht na féile, ceol, amhránaíocht, agallaimh le hiomaitheoirí agus rannpháirtithe. – IONAD: ‘An Nead’, Lobbaí, Óstán Gleneagle
12.10 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: An Saol ó Dheas – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
1.00 p.m. COMÓRTAS 8 – Amhránaíocht ar an Sean-Nós (15-18) – IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
1.00 p.m. COMÓRTAS 36: Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir os cionn 35 – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
1.00 p.m. SEOLADH FHÉILE NA GEALAÍ 2019 – Seolfar Féile na Gealaí 2019 go hoifigiúil. Craic, ceol agus aíonna speisialta ar Ardán an Aonaigh. Tá an fhéile ar an bhfód le trí bliana anuas agus í ag fás de réir a chéile bliain i ndiaidh bliana. Beidh Féile na Gealaí 2019 ar siúl i Ráth Chairn idir an 14-16 Meitheamh 2019. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
1.00 p.m. PÉINTEÁIL AGHAIDHE – le hEdel Ní Bhraonáin ó Ghaeltacht Uíbh Ráithigh. – Ag déanamh Puipéid Balúin, saor spraoi agus cluichí le Giggles an Fear Grinn & Foireann Ghlór na nGael. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle
1.30 p.m. SEOLADH TUAIRISCE – Arna eagrú ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh – “Próifíl Shocheacnamaíoch na Seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn” – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
2.00 p.m. COMÓRTAS 35: Corn Mháire Nic Dhonnchadha – Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná os cionn 35 – IONAD: Seomra Onóra, Leibhéal 1, INEC
2.00 p.m. COMÓRTAS 24 – Réamhbhabhta Damhsa ar an Sean-Nós (Daoine Fásta) – IONAD: Óstán Killarney Avenue
2.00 p.m. COMÓRTAIS 30 & 33 – Lúibíní & Amhrán Saothair – BEO ÓN OIREACHTAS ar www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
2.00 p.m. SEOLADH LEABHAIR – Mise an Mac San: ag cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire – Le hEilís Uí Bhriain agus Pat O’Brien – Agus é ag iarraidh aird an phobail a tharraingt air arís roimh a chomóradh sa bhliain 2020, caitheann Mise an Mac San súil úr ar údar Shéadna agus Mo Scéal Féin, fear a raibh cáil fud fad na tíre air tráth ach atá leath-dhearmadta anois. – Arna fhoilsiú ag Fermoy Print. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
2.30 p.m. ÚSÁID FOCLÓIR.IE AGUS TEANGLANN.IE – Arna eagrú ag Foras na Gaeilge – Cur i láthair c. 30 nóiméad ag taispeáint conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí ar líne ag www.focloir.ie agus www.teanglann.ie – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle
2.45 p.m. CEARDLANN RINCE AR AN SEAN-NÓS – le Caoimhe Ní Mhaolagáin ó Bhaile Átha Cliath. Aoisghrúpa 0-6. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle
3.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Rónán Beo@3 – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
3.00 p.m. SEISIÚN EOLAIS – Scéimeanna Fhoras na Gaeilge. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
3.20 p.m. CEARDLANN RINCE AR AN SEAN-NÓS – le Caoimhe Ní Mhaolagáin ó Bhaile Átha Cliath. Aoisghrúpa 6+. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle
4.00 p.m. ATHSHEOLADH www.focal.ie MAR BHUNACHAR FOCAL NA NUA-GHAEILGE AGUS FOCAL AR FHOCAL: TIONSCADAIL FOCLÓIREACHTA FHORAS NA GAEILGE – Déanfaidh Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, an suíomh www.focal.ie a athsheoladh mar shuíomh tairsí arb aidhm dó gach focal Nua-Ghaeilge a liostú mar aon le naisc chuig na foinsí foclóireachta agus téarmaíochta ina bhfuil siad le fáil. – Ina dhiaidh sin beidh seisiún eolais ar an dul chun cinn i dtionscadail foclóireachta uile Fhoras na Gaeilge agus ar a bhfuil ar na bacáin iontu. – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle
4.00 p.m. SEOLADH LEABHAIR – Micí s’againne le Caoimhin Mac a’ Bhaird agus Christopher Ammentorp á sheoladh ag Joe Ó Dónaill. – Leabhar do dhaoine óga atá lán d’eachtraíocht agus de spraoi. – Arna fhoilsiú ag Éabhlóid – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
4.00 p.m. BALLET POULET – Seó nua iontach ó mhuintir Fanzini. – Arna eagrú ag Glór na nGael. – IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle
5.00 p.m. COMÓRTAS 32: Corn Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin – Amhrán Nua-Chumtha (Daoine Fásta) – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
5.00 p.m. SEOLADH DLÚTHDHIOSCA – ‘An Tobar Séimh’ le Cárthach Mac Craith á sheoladh ag An Dr. Stíofán Ó Cadhla. – Cnuasach breá é seo d’amhráin na nDéise, cuid aca atá aitheanta agus cúpla seod nár taifeadadh riamh cheana. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
5.00 p.m. SEOLADH CLÁR TEILIFÍSE – ‘Sé Mo Laoch: Sarah Ghriallais’ á sheoladh ag Aniar TV. – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
5.00 p.m. SEARMANAS BRONNTA THEASTAIS TEG – Arna eagrú ag Foireann TEG – Tá foireann Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG), Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad ag súil go mór le teastais sa Ghaeilge a bhronnadh ar iarrthóirí rathúla TEG ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Thug breis agus 600 iarrthóir faoi scrúduithe TEG in ionaid timpeall na hÉireann agus thar lear i mbliana. Chomh maith leis sin, bronnfar Gradam TEG ar Scoil Íosagáin (Baile Átha Cliath) as an dul chun cinn eiseamláireach atá déanta ag an scoil i dtaca le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge. Bígí linn! – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
6.30 p.m. AN BHFUIL CEAD AGAM? – Arna eagrú ag Meitheal na mBan Béal Feirste. – Tá fáilte roimh an bpobal ar fad – mná, fir agus daoine neamh-dhénartha – ag an bpainéal plé seo atá á reáchtáil ag Meitheal na mBan. Beidh siad ag plé cúrsaí tola agus ceada – céard atá i gceist leo agus céard iad na himpleachtaí a bhíonn ann nuair nach n-iarrtar cead roimh ghnéas. Plé oscailte agus bríomhar a bheidh ann. Fáilte roimh chách. – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle
7.00 p.m. COMÓRTAS 40: Sean-Nós na bhFear – BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
7.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Nuacht TG4 – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
8.00 p.m. COMÓRTAS 28 – Scéalaíocht – Comórtas Cáilithe (Daoine Fásta) – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
8.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Is clár teilifíse é Lár Stáitse, a bheidh dírithe ar thraidisiún na dtaibhealaíona béil i measc na ndaoine óga. Craolfar babhta craoibhe an comórtas Lúibíní (12-15) chomh maith le scoth na n-agallamh beirte, lúibíní, scéalaíochta agus aithriseoireachta le linn an chláir. – IONAD: INEC
8.30 p.m. SEOLADH LEABHAIR – ‘An tAgallamh Muimhneach’ le Seán Ó Muimhneacháin. – Sa bhailiúchán seo tá Agallaimh Bheirte, Lúibíní, Ceapóga agus Amhráin Saothair, agus blas na Gaeltachta le brath go tiubh iontu. Mar is léir ón ainm, gabhann an leabhar seo le canúint na Mumhan chomh fada agus is féidir, canúint Mhúscraí go háirithe, agus le nósanna na n-agallamh sa cheantar sin. Tá an leabhar roinnte ina ranna éagsúla, roinn in oiriúint do lucht bunscoile, roinn do lucht meánscoile agus roinn do dhaoine fásta. Laistigh de na ranna san tá Agallaimh Bheirte, Lúibíní, Ceapóga agus ar deireadh tá Amhráin Saothair. Ar an iomlán tá 122 píosa cumadóireachta ar fad ann agus is mór ab fhiú do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna a leithéid d’áis teagaisc a bheith acu i múineadh na Gaeilge. Tá na hagallaimh seo lán de ghreann, de chlisteacht agus de shaibhreas cainte agus taitneamh le baint astu ag óg agus aosta. – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
9.30 p.m. CÓISIR NA MAC LÉINN – Le fíor scoth an cheoil ó Emma Ní Fhioruisce, KNEECAP agus Scannal. Cóisir Bréagéide le duaiseanna iontacha le buachan. – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
10.30 p.m. CLUB AMHRÁNAÍOCHTA – ‘Casadh an tSúgáin’ le Máirín Uí Chéide – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
11.00p.m. CLUB NA FÉILE – le Pólca 4 – IONAD: INEC

Dé Sathairn

9.30 a.m. COMÓRTAS 22 – Veidhlín – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
9.30 a.m. #parkrun! – IONAD: Teach Mhucrois, An Pháirc Náisiúnta, Cill Airne
10.00 a.m. COMÓRTAS 27 – Scéalaíocht: Príomhchomórtas – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
10.30 a.m. COMÓRTAS 23 – Ceol Beirte – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
10.30 a.m. AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ – Ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Seolfar suíomh gréasáin nua an Aontais ag ócáid i ndiaidh an chruinnithe. – IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
11.00 a.m. SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS – Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge – Aoichainteoirí: Máire Ní Neachtain, Anna Ní Ghallachóir, Daithí Mac Cárthaigh, Dónall Ó Cnáimhsí & Róisín Ní Mhaoláin. – Cathaoirleach: Dara Ó Cinnéide – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
11.00 a.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Seó an Oireachtais – Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
11.00 a.m. – 12.00 p.m. CÓISIR CÚLA4 – Ba mhór ag Cúla4 tú a bheith ina dteannta nuair a sheolfar an tsraith nua ‘Ár Scéal’. Is sraith nua beo-aicsin é Ár Scéal atá léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4. Tá fáilte roimh chách ag an ócáid teaghlaigh seo. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
12.00 p.m. COMÓRTAS 31 – Amhránaíocht Nach Sean-Nós Í – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
12.30 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Iarnóin – Clár cúrsaí reatha curtha i láthair ag Barra Mac Aodha Bhuí ó Raidió na Life – Plé ar imeachtaí nuachta na seachtaine agus na mórcheisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – IONAD: ‘An Nead’, Lobbaí Óstán Gleneagle
12.45 p.m. PRÍOMHCHOMÓRTAIS RINCE AR AN SEAN-NÓS – Gach aoisghrúpa – Beo ar TG4 – IONAD: INEC
1.00 p.m. COMÓRTAS ÓRÁIDE: 5 nóiméad d’óráid ar an ábhar ‘I dtreo Éire Nua’ – Arna eagrú ag Sinn Féin – Urraithe ag Liadh Ní Riada FPE – IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
1.00 p.m. SEIMINEÁR: Gairmeacha le Gaeilge – Arna eagrú ag Foras na Gaeilge – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
1.00 p.m. BLIAIN NA GAEILGE – Súil Siar ar an mBliain & An Chéad Chéim Eile – Bíodh lón agat agus breathnú siar ar phríomh imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge 2018. Chomh maith leis sin seolfar feachtas nua do na Gaeil a chuirfidh críoch leis an mBliain. – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
1.30 p.m. AN CHÚIRT FILÍOCHTA – Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d’fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé. Cuirfear fáilte roimh ghnáthphobal an Oireachtais a bheith i láthair chun a bheith ag éisteacht nó chun dán a aithris más mian leo. Ba chóir d’fhilí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chúirt teagmháil a dhéanamh roimh ré leis an sirriam gníomhach @ pmacabhaird@gmail.com – Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge – IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
2.00 p.m. ÚSÁID FOCLÓIR.IE AGUS TEANGLANN.IE – Arna eagrú ag Foras na Gaeilge – Cur i láthair c. 30 nóiméad ag taispeáint conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí ar líne ag www.focloir.ie agus www.teanglann.ie – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle
2.00 – 4.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – Clár Raidió: Raidió ar an Ród – Irischlár siamsaíochta le craoltóirí Raidió Fáilte ina measc Eoghan Ó Néill, Edel Ní Churraoin, Ciarán Mag Uidhir, Caoimhe Ní Chathail, Dónall Mac Murchaidh agus J.J Ó Dochartaigh. – IONAD: ‘An Nead’, An Lobbaí, Óstán Gleneagle
2.00 p.m. – 5.00 p.m. NA PÍOBAIRÍ UILLEANN – Beidh píobairí aitheanta ag casadh ceoil beo ar an lá agus beidh cur síos freisin ar stair na bpíobaí. – Beidh deis freisin do dhaoine iarracht a bhaint as na píobaí. – IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
2.00 p.m. CLUICHÍ BOIRD – Scrabble & Monopoly, arna n-eagrú ag Glór na nGael – IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
2.00 p.m. SEOLADH LEABHAIR – Gáire in Éag – Cnuasach scéalta ficsin le Seán Ó Muireagáin á sheoladh go hoifigiúil ag Ciarán Ó Cofaigh. – Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dtrioblóidí in Éirinn. – Arna fhoilsiú ag Éabhlóid – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
3.00 p.m. DRÁMA An Mhéar Fhada – le Johnny Cóil Mhaidhc – Cliar: Pádraicín a’Táilliúra Ó Conghaile, Danny Wallace, Máirín Mhic Lochlainn, Bríd Uí Choisdealbha. – Dearthóir Seite: John Keane – Cúntóirí Léirithe: Pádraic Ó Súilleabháin, Bairbre Ní Thuairisc – Léiritheoir: Seosamh Mac Donnacha – Táille Iontrála: €15 (Ní chlúdaíonn ticéad na féile an imeacht seo) – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
3.00 p.m. CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN – Do mhic léinn tríú leibhéil – Rún: ‘Tá na meáin chumarsáide thraidisiúnta cloíte ag na meáin shóisialta’ – Aoichainteoir: Eoghan Ó Néill, Iriseoir agus Craoltóir – Cathaoirleach: Seán Ó Ceallaigh – Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn airgid an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí. Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit. – (Eagraithe i gcomhar le Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill, Conradh na Gaeilge) – IONAD: Ballroom, Óstan Gleneagle
3.00 p.m. MÓRSHEOLADH LEABHAR – Arna eagrú ag Leabhar Breac – Seolfar na leabhair seo a leanas: – An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra – Teach an Gheafta le Cathal Ó Searcaigh – Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson – Na Gamail (The Twits) le Roald Dahl (aistrithe ag Muiris Ó Raghallaigh) – Cú 3 le Paul Bolger – Trí leabhar nua sa tsraith ‘Macán’ agus sa tsraith ‘Mac Tíre’ do pháistí – Eagrán nua de Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin – Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí (leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana). – I measc na léitheoirí i mbliana beidh Feargal Ó Béarra féin, fear na Tromdháimhe; Niamh Ni Argáin a léifidh sliocht as a haistriúchán ar Charlie agus Monarcha na Seacláide a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana; Bernadette Nic an tSaoir a léifidh sliocht as scéinséir nua atá á haistriú aici, Chourmo; agus Darach Ó Scolaí a léifidh sliocht as Táin Bó Cuailnge. – Beidh ceol, siamsaíocht, fíon agus blaistíní ag an ócáid, chomh maith le comórtas dathadóireachta do na léitheoirí óga. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
3.30 p.m. FORAM – Arna eagrú ag Glór na nGael – Déanfar cur i láthair gairid ar obair an ghrúpa atá ag plé leis an doiciméad I dTreo Plean Straitéiseach don Ghaeilge mar Theanga Clainne. – Pléifear feasacht, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil, gréasánaíocht agus acmhainní. Baileofar eolas agus barúlacha tuismitheoirí maidir leis na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge. – IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
4.00 p.m. LÉAMHA PRÓIS – ‘SLIOCHT’ arna eagrú ag Cló Iar-Chonnachta – IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
4.00 p.m. – CRUINNIÚ POIBLÍ – Arna eagrú ag Teacht Aniar – ‘Pleanáil Teanga agus forbairt pobail’ – IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
5.00 p.m. CLUB NA FÉILE NA nÓG – Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth! – Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais ardáin an Oireachtais agus dá gcairde. – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
5.15 p.m. SEIRBHÍS MHACHNAIMH – Arna eagrú ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann – IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle
5.30 p.m. CEOLCHOIRM NA gCÓRACHA – Rannpháirtíocht ó chóir Ghaelacha agus aíonna speisialta ón mBreatain Beag. – IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
6.00 p.m. CAINT PHOIBLÍ: “Misneach in aimsir na nÉigeandálaí” – Tabharfaidh baill de Mhisneach caint ar ghnéithe éagsúla den streachailt atá ar bun ar son todhchaí phobal na Gaeilge agus na hÉireann trí chéile. Labhrófar ar ról agus obair Mhisneach, ar ghéarchéim na Gaeltachta, ar an bhfeimineachas mar chuid de chúis na nGael agus ar an mbunús eacnamaíochta atá leis na trioblóidí polaitiúla, sóisialta agus timpeallachta atá ag bagairt ar na Gaeil agus ar an gcine daonna go léir. – IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
7.00 p.m. COMÓRTAS 41: CORN UÍ RIADA – An Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós – BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.tg4.tv aguswww.antoireachtas.ie. – IONAD: INEC
7.00 p.m. DRÁMA Caifé-ar-Ais – Arna léiriú ag Aisteoirí Bulfin – Dráma aonghnímh a scríobh Aodh Ó Domhnaill i 1986. – Tarlaíonn trí bheirt ó thráthanna éagsúla le chéile sa chaifé rúndiamhair seo áit éigin ar an mór-roinn, caifé atá faoi stiúir freastalaí diamhair, François, agus a chócaire, Chef Máirtín. Tá cuimhní gach duine lárnach don dráma, agus is de réir a chéile a thagann sé chun solais cé chomh lárnach! – CLIAR: Justin Ó Scannail, Rónan Lynagh, Lionel Mac Cárthaigh, Elaine O’Dea, Seán Ó Broin, Fidelma Ní Ghallchobhair, Eimear Ní Mhéalóid, Aoileann Ní Chonchubhair, Áine Ní Ghlinn, Seán Mac Dhonnagáin, Ed Cotter. – LÉIRITHEOIR: Fidelma Ní Ghallchobhair – DEARADH SOILSE: Mike Donoghue – FUAIM & SOILSE: Mike Donoghue – CULTACHA: Lelia Ní Chinnéide – BAINISTEOIR STÁITSE: Lelia Ní Chinnéide – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
8.00 p.m. DRÁMA Dearmad na Fola – Arna léiriú ag Aisteoirí Bulfin. – Dráma Aodh Uí Dhomhnaill. – Díríonn an dráma ar an tsochaí agus forbairt na teicneolaíochta inar féidir le comhlachtaí móra cuimhne daonna a cheannach. Tugann siad geallúint dá gcuid custaiméir go ndéanfar caomhnú ar a gcuid smaointe agus taithí saoil agus go ndéanfar staidéar cuimsitheach ar na smaointe céanna tar éis a mbáis. – Cé go gcreideann taighdeoir amháin go bhfuil sí ag obair i dtreo leigheas a fháil ar iompar síceapatach, deirtear le taighdeoir eile go bhfuil príomhaidhm an taighde rúnda agus dainséarach. – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
10.15 p.m. – GaelGÁIRÍ – Tá gigeanna grinn ó cheann ceann na tíre eagraithe ag GaelGÁIRÍ, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa chruinne uile. I measc na bhfuirseoirí beidh; Julie Jay, Aideen McQueen, Cillian Ó Braonáin, Seán T. Ó Meallaigh agus Eoin P. Ó Murchú (lena sheó Google Translate agus an Dr. Zúlú Lord). – Beidh aoi speisialta ann ar an oíche… – Le tacaíocht ó Bhliain na Gaeilge 2018. – IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
11.00 p.m. CLUB AMHRÁNAÍOCHTA – ‘Casadh an tSúgáin’ – le Máirín Uí Chéide – IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
11.00 p.m. CLUB NA FÉILE – le Pólca 4 – IONAD: INEC

Dé Domhnaigh

11.00 a.m. Aifreann an Oireachtais – Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta – IONAD: Séipéal an Aiséirithe Cill Airne
12.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – ‘Togha agus Rogha’ – IONAD: An Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Oireachtas na Samhna 2018 – clár na féile'