If you come again, speak whatever language you like as long as you understand the Welsh for ‘get out’ and ‘bigot’ — an-tóir ar fhreagra tábhairneora ar léirmheas frithBhreatnaise

Maíodh ar TripAdvisor gur iompaigh custaiméirí i dteach tábhairne in iarthuaisceart na Breataine Bige ar an mBreatnais a luaithe is a thuig siad gur Sasanaigh a bhí tagtha ina measc

If you come again, speak whatever language you like as long as you understand the Welsh for ‘get out’ and ‘bigot’ — an-tóir ar fhreagra tábhairneora ar léirmheas frithBhreatnaise

Tá an-tóir ar líne ar fhreagra a thug tábhairneoir sa Bhreatain Bheag ar léirmheas ar TripAdvisor inar léirigh duine a mhíshástacht faoi dhaoine a bheith ag labhairt na Breatnaise sa teach tábhairne ‘Y Sior’ i mbaile Bethesda.

Drochléirmheas ‘aon réalta’ a thug an léirmheastóir, ‘Jon G’, ar Tripadvisor, i ndiaidh dó cuairt a thabhairt le grúpa cairde ar an teach tábhairne ina iarthuaisceart na Breataine Bige.

Mhaígh sé sa léirmheas, a baineadh anuas ón suíomh taistil ó shin, gur iompaigh custaiméirí ar an Bhreatnais a luaithe is a thuig siad gur Sasanaigh é féin agus a chairde. 

‘Straight away when we ordered the locals realised we were English and then started talking in Welsh and laughing,’ a scríobhadh sa léirmheas.

Mhaígh sé chomh maith gur chuir custaiméirí sa teach tábhairne an júcbhosca ar siúl ‘an-ard’ ionas nach bhféadfadh sé féin agus a chairde comhrá a dhéanamh.

Dúirt sé sa léirmheas nach dtabharfadh sé cuairt ar an teach tábhairne arís agus mhaígh sé gur chaill an tábhairne gnó mar gheall ar an eachtra.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tábhairneoir, Dewi Sion, gur bhain sé an-sult as  léirmheas Jon G a léamh, agus dúirt sé go magúil go raibh an taithí chéanna aige féin agus é ar saoire san Ungáir, sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus sa Spáinn.

“We were absolutely devastated by the fact that when we walked into the bar everyone started conversing in Hungarian, French, Spanish and German instead of Welsh!

‘What is surprising though that this is not an uncommon occurrence though as an acquaintance of mine who is from Amadeupcountry who is fluent in Amadeuplanguage once told me of his visit to Shropshire when he became thirsty and in need of a beer.

‘He was heartbroken to hear everyone change their language from Amadeuplanguage to English!’

Dúirt sé fosta go raibh sé ag súil nach dtabharfadh an léirmheastóir cuairt ar a theach tábhairne arís.

‘No one in this pub has any recollection of you being here and quite frankly, with an attitude like yours I really hope that you never will.

‘But however, if you do come here again for the first time please introduce yourself in whatever language you choose so long as you understand Welsh for ‘get out’ and ‘bigot’.’

Spreag an léirmheas go leor freagraí eile ó dhaoine a shíl gur léiríodh dearcadh frithBhreatnaise ann.

Dúirt duine amháin nach n-iompaíonn muintir na háite ar an Bhreatnais nuair a thagann daoine nach bhfuil Breatnais acu isteach.

The locals don’t switch to speaking Welsh upon the arrival of non-Welsh speakers, they were already speaking Welsh.”

Dúradh gurb í an Bhreatnais ‘príomhtheanga an bhaile agus an tí tábhairne’.

Dúirt turasóir eile a thug cuairt ar ‘Y Sior’ gur teach tábhairne Breatnaise atá ann ach go gcuirtear fáilte ó chroí roimh thurasóirí.

Tá scéal an fhreagra a thug Dewi Sion scaipthe ag na mílte ar líne.

Fág freagra ar 'If you come again, speak whatever language you like as long as you understand the Welsh for ‘get out’ and ‘bigot’ — an-tóir ar fhreagra tábhairneora ar léirmheas frithBhreatnaise'

  • leitheoir

    An-speisiuil go deo. B’fhiu sacgadh a dheanamh ar an gcomhfhreagras sin o thaobh na soch-theangeolaiochta dhe.

  • leitheoir

    Cen Ghaeilge ata ar ‘fock off’ arsa meisceoir liom oiche amhain (i mBearla) nuair a chuala se mise agus pairti liom ag spalpadh Gaeilge sa tabhairne. Cheapas fein i gconai go ‘labhrann’ tu teanga .i. ‘speak’. Ach usaideann daoine a bhionn ag iarraidh a bheith drochmheastuil ar Ghaeilgeoiri an nath ‘talk Irish’. ‘Fag an ait uaim’, arsa mise leis mar fhreagra. No ‘seachain uaim as sin’. No, sa nua-Ghaeilge, ‘Focail leat….a bhroghais!’ Ta seasamh mo choda ionam fos!
    Aon mholtai eile?

  • Mise Áine

    Ón leabhar ‘Colourful Irish Phrases’ le Michaél Ó Conghaile:

    Bíodh an fheamainn aige!

  • Bríd "Rogha Bhríde"

    “Bíodh an fheamainn aige!” :-)

    Bíodh sí acu uilig!