‘If I was ordered, I’d shoot you in the morning’ – Séamus Deasy agus a shaol sna scannáin

Chas ár gcolúnaí leis an gceamaradóir iomráiteach Séamus Deasy faoi na scéalta móra atá feicthe aige tríd a lionsa ó na seascaidí ar aghaidh

Bhí an scéala mór le fógairt ag 10 am ar maidin agus ní fhéadfadh Séamus casadh  liom go mbeadh sé cloiste aige. Fear a chaith a shaol ag scannánú scéalta móra an lae – bhí a shuim i gCúirt Uachtarach na Breataine agus a gcinneadh maidir leis an bParlaimint, ag cur moill ar ár gcaife.

Tháinig sé isteach sa gcaifé agus fonn cainte air. Ach ní sa mBreatimeacht a bhí mo shuim ach i scéal Shéamuis féin. Ní haon iontas go mbeadh súil á coinneáil aige ar chúrsaí reatha agus scéalta móra an lae feicthe aige trí lionsa a cheamara ó na seascaidí ar aghaidh.

Agus comóradh á dhéanamh i mbliana ar thús na dTrioblóidí ó thuaidh, shíl mé go dtosódh muid ag caint ar 1969. Ach mheabhraigh sé dom go raibh sé i láthair nuair a d’éirigh an Taoiseach Seán Lemass as oifig – “shiúil sé isteach, labhair sé, shiúil sé amach – gan ceisteanna ná preasocáid”.

B’in mar a bhíodh cúrsaí cumarsáide i 1966. Ach ba roimhe sin arís a thosaigh Séamus i mbun na ceamaradóireachta. Ar chláracha feirme le Justin Keating a thosaigh sé i 1964. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé le Seven Days, agus ar scannáin faisnéise. Ach is maith is cuimhin leis na laethanta a chaith sé féin agus a dheartháir Brendan (fear fuaime) ó thuaidh.

“I 1972, d’oibríomar 220 lá do RTÉ agus astu sin, chaitheamar 120 acu sa Tuaisceart,” a deir Séamus liom. D’oibrigh sé ar an clár cáiliúil faisnéise  Belfast 1972, ach is cosúil nach bhfuil aon chóip iomlán den scannán sin coinnithe anois. Ar ‘negative’ a dhéantaí cláracha den chineál sin go minic, agus d’úsáidtí giotaí den scannán i gcláracha eile ina dhiaidh sin. Ní raibh ar a gcumas na giotaí a chóipeáil – mar sin, ghearrtaí stiallacha den scannán amach – le súil is go gcuirfí ar ais arís iad le téip ghreamaithe. Ach mo léan, go minic níor tharla sin agus fágadh bearnaí, é sin nó milleadh an scannán ar fad.

Is cuimhin leis a bheith i mbun an cheamara i mBéal Feirste agus Brendan taobh leis. Bhí gach éinne ag lorg foscaidh agus fógra buamála tugtha. Leag Brendan a lámh ar ghuaillí Shéamuis agus shín a mhéar i dtreo bean a raibh leanbh óg ina baclainn aici. Bhí sí ag caoineadh go truamhéalach.

“Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an radharc sin go brách,” a deir Séamus. Is ar an mbean sin a bhí a cheamara dírithe nuair a phléasc an buama i gcarr sa chúlra.

Ar an taobh eile den sconsa, chaith sé féin agus Brendan roinnt seachtainí i mbun clár faisnéise faoi Bhóthar na Seanchille. Bhí duine de na dílseoirí á ngardáil an t-am ar fad – fiú agus iad ag triall ar an leithreas. Ag deireadh na hoibre, agus iad ag fágáil slán ag a chéile, cheap sé gur eascair sórt cairdeas eatarthu. Bhíodar an-chompordach i gcomhluadar a chéile. Luaigh sé sin lena ‘chara’ ón tSeanchill. “Yes,” a dúirt seisean. “But if I was ordered, I’d shoot you in the morning.”

I rith na mblianta, rinne Séamus cuid de na scannáin agus na cláracha faisnéise ba mhó a raibh trácht orthu. Deir sé liom nach raibh ach 6 chlár sa tsraith The Green Linnet le Tony Mac Mahon agus Barney McKenna, ach athchraoltar chomh minic sin í go gceaptar go raibh i bhfad níos mó ann.

Chuir sé aithne ar dtús ar Bhob Quinn nuair a rinne Bob an clár The Island faoi Chliara amach ó Mhaigh Eo. D’fhág Bob RTÉ ina dhiaidh sin ach choinnigh siad i dteagmháil lena chéile. Chuir sé glaoch ar Shéamus nuair a bhí an scannán ‘Poitín’ á bheartú aige.

Ba é sin an chéad scannán drámaíochta a rinne Séamus, sa mbliain 1977. Ar éigean go raibh aon tionscal scannán sa tír ag an am. Agus ba é an chéad fhadscannán drámaíochta é a rinneadh i nGaeilge. Bhí cuid de na réalta ba mhó i saol na haisteoireachta i Poitín – Cyril Cusack, Donal McCann, Niall Tóibín, Mick Lally agus go leor eile. Bhí cáil mhór freisin ar an aisteoir Mairéad Ní Chonghaile go háirithe as ucht a cuid oibre sa Taibdhearc.

Mac le Mairéad, Cathal Ó Cuaig, a d’iarr ar Shéamus oibriú arís lena sheanchomhghleacaí Tony Mac Mahon ar an scannán a rinne Cathal ‘Slán leis an gCeol.’ Chuir Cathal i gcuimhne dá stiúrthóir ceamaradóireachta, gur chas sé leis den chéad uair ar an seit do ‘Poitín’ nuair a thug Mairéad ar an láthair é agus é ina leanbh óg.

Chinn Bob Quinn an oscailt a eagrú ina phictiúrlann féin ar an gCeathrú Rua, Cinegael.

Is cuimhin le Séamus gur leaindeáil an stiúrthóir cáiliúil John Boorman ar an gCeathrú Rua ina Rolls Royce, don ‘première’ oifigiúil.

Ina dhiaidh sin chuir sé aithne níb fhearr ar Boorman agus d’iarr an stiúrthóir cáiliúil air a bheith ina fhear ceamara ar scannáin éagsúla dá chuid – The General, Queen and Country, agus The Tiger’s Tail ina measc.

Ceann de na scannáin ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar Shéamus féin ná My Name is Emily, a rinne sé leis an stiúrthóir Simon Fitzmaurice. Bhásaigh Simon go gairid ina dhiaidh sin den ghalar Néarón Luadrach (Motor Neurone.) “Tá mé an-bhródúil as an scannán sin,” a deir Séamus.

Ón 8 Deireadh Fómhair ar aghaidh, beidh an tsraith coiriúlachta Darklands, ar oibrigh Séamus uirthi le feiceáil ar Virgin Media gach seachtain.

Agus an tseachtain seo caite bhí Séamus ag obair ar ghrádú don fhadscannán is déanaí ar oibrigh sé air – The Warrior Queen of Jhansi. Bunaithe ar fhíorscéal a bhaineann le banríon ón India a fhearann cogadh ar Impireacht na Breataine i lár an 19ú haois, thug an obair sin go dtí tuaisceart na hIndia, Oileán Ghóá agus Maracó é. Beidh sé le feiceáil ar dtús sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus san India féin.

Ach sula bhfeicfear an scannán sin, tá tionscnamh eile idir lámha aige, tionscnamh a bhaineann le RTE. Stiúrthóir eile ar oibrigh sé leis thar na blianta is ea mo leathbhádóir féin, Gerry Gregg. Trí scannán faisnéise a rinne siad le chéile leis an bhfear cróga sin, Tomi Reichental, agus is gearr ó chríochnaigh siad clár faisnéise eile le chéile don BBC. Ach an babhta seo, is ag triall ar oirthear na hEorpa a bheas siad agus scéal iarchogaidh eile le hinseacht – sa Chosaiv an uair seo.

Ná cuir an pas i dtaisce go fóill, a Shéamuis.

Fág freagra ar '‘If I was ordered, I’d shoot you in the morning’ – Séamus Deasy agus a shaol sna scannáin'