Idir thorthaí maithe is drochthorthaí d’fhoirne Gaeltachta

Bhí cumainn Ghaeltachta in aicsean i gcluichí craoibhe i nGaillimh, i nDún na nGall agus i gCiarraí an deireadh seachtaine seo. Idir thorthaí maithe is drochthorthaí a bhí ar a gcuid cluichí

Imreoir Neidín, Paui O'Connor a d'aimsigh 0-11. INPHO/Ryan Byrne
Imreoir Neidín, Paui O’Connor a d’aimsigh 0-11. INPHO/Ryan Byrne

Ciarraí Thiar díbeartha as an gCraobh ag Neidín

Tá deireadh tagtha le feachtas craoibhe Ciarraí Thiar tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Neidín sa bhabhta ceathrú ceannais ar an Domhnach. Ní bhfuair fir an iarthair ach dhá phointe sa dara leath i gcluiche a raibh ceannas acu ar chuid mhaith den chéad leath.

In ainneoin an cheannais sin, pointe amháin chun cinn, 0-9 in aghaidh 0-8, a bhí siad ag leath ama ach tháinig Neidín ar ais go láidir i ndiaidh an bhriseadh i gCill Áirne. Deich bpointe, 1-7, a d’aimsigh siad sa dara leath sin chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais, mar a dtabharfaidh siad aghaidh ar Chiarraí Theas.

Ba é Brian Crowley a d’aimsigh cúl Neidín gan ach ceathrú uaire fágtha, ach ba é Paul O’Connor laoch na foirne agus 0-11 aimsithe aige, ceithre cinn acu ag teacht ón imirt. Cé go raibh níos mó scórálaithe ag Ciarraí, an chuid is mó dóibh sin ag teacht ón imirt, ní raibh siad in ann coinneáil gob ar ghob leis an ráta scórála sin agus bhí seacht bpointe, 1-15 i gcoinne 0-11, ag scaradh na bhfoirne ag an deireadh.

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Bearna slán sa ghrád sinsear ach foirne faoi aois na Gaeltachta gan rath

Choinnigh peileadóirí Bhearna a n-áit sa ghrád sinsear don chéad bhliain eile an deireadh seachtaine seo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chill Choirín/Cluain Bheirn sa bhabhta leathcheannais den chomórtas dícháilithe. Bhí an choimhlint sách géar fiú leath bealaigh tríd an dara leath ach rinne Bearna scrios sa chuid dheireanach den chluiche chun bua 3-12 i gcoinne 2-6 a bheith acu ar deireadh.

I gcluiche ceannais Faoi-21 B an chontae, chaill Naomh Anna Leitir Mór 3-12 in aghaidh 3-7 i gcoinne Áth Cinn ar an Satharn. Ba iad Alan Meenaghan agus an t-imreoir chontae Faoi-21 Michael Day laochra Áth Cinn ar an lá. Cé gur aimsigh Seán Andy Ó Ceallaigh agus Evan Ó Flatharta cúl ag an deireadh chun an bhearna idir na foirne a laghdú, ní raibh bua Áth Cinn i mbaol.

Bhí briseadh croí ann chomh maith d’fhoireann mionúir Mhaigh Cuilinn, a chaill cluiche ceannais A an iarthair i gcoinne Bhóthar na Trá/Chnoc na Cathrach ar an Satharn ach bhí toradh níos fearr ag foireann sóisear B an Spidéil, a raibh bua aon phointe amháin acu, 0-13 le 1-9, in aghaidh Chill Aithnín chun Craobh an Iarthair a bhuachan. Rachaidh siad ar aghaidh chun Míleac/Dún an Uachta a imirt sa chluiche ceannais.

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Áit sa chluiche ceannais caillte ag Gaeil Fhanada

I nDún na nGall, chaill Gaeil Fhanada amach ar áit i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae tar éis dóibh a n-athimirt i gcoinne Naomh Colmcille a chailleadh an Domhnach seo. Chríochnaigh cluiche na seachtaine seo caite 2-7 an taobh ach ba léir go luath sa choimhlint an uair seo gur le Naomh Colmcille a bheadh an lá.

Bhí na buaiteoirí cúig phointe chun cinn, 1-6 i gcoinne 0-4, chun cinn ag leath ama, a bhuíochas do chúl Eddie Gillespie a tháinig cúig nóiméad roimh an mbriseadh. Méadaíodh an bhearna sin go dtí seacht bpointe, 1-10 i gcoinne 0-6, faoin am a d’aimsigh Johnny Friel pointe do Ghaeil Fhanada ach tháinig deireadh leis an teacht aniar gan mhoill.

Scóráil Naomh Colmcille 2-1 sa chúpla nóiméad dheireanach den chluiche, na cúil ag teacht ó Mark Dowds agus Conor Grant, chun an bua a chinntiú agus áit sa chluiche ceannais i gcoinne Réalt na Mara a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Idir thorthaí maithe is drochthorthaí d’fhoirne Gaeltachta'