Idir Mheiriceánaigh Dhúchasacha agus mhuintir Chonamara, briseann an dúchas thrí shúile an chait

Bhí muintir Chonamara chomh tréan in St Paul Minnesota tráth gur baisteadh an ‘Connemara Patch’ ar an áit a raibh a bhformhór ag maireachtáil

Idir Mheiriceánaigh Dhúchasacha agus mhuintir Chonamara, briseann an dúchas thrí shúile an chait

Briseann an dúchas thrí shúile an chait. Is linne an áit seo, a deir na Meiriceánaigh Dhúchasacha ar thaobh na sráide in St Paul in Minnesota. Baineadh cor as an dream de bhunadh Chonamara a bhí ag crochadh plaic ar an mballa.

Comóradh agus cuimhneachán a bhí ann ar an ‘Connemara Patch’, agus ar na daoine as Conamara agus a sliocht a mhair ansin os cionn céad bliain ó shin. Bhí an stair agus an sealúchas ag dul in aimhréidh.

Scéal é atá báite sa stair agus plúchta sna blianta. Caithfear a dhul siar go dtí 1880.

Tharla gorta ar chósta thiar na hÉireann sna blianta sin. Ba bheag nach raibh sé inchurtha le Gorta Mór na 1840idí in áiteacha i gConamara. Tháinig dreamanna ag fóirithint ar na daoine bochta. Bhí fear darbh ainm James Hack Tuke agus a fhoireann ina measc. Baineadh croitheadh as Tuke nuair a rinne sé a chéad mheastachán ar Chonamara. Is gearr a bhí sé ag baint meabhair ar an scéal agus ba scanrúil an freagra a bhí aige ar an gcruachás: “B’fhearr do dhaoine imeacht as an áit seo uilig.”

D’fhógair sé ciste tacaíochta taistil do dhaoine a d’imeodh.

Rinne an Eaglais Chaitliceach roinnt gníomhaíochta ar an dul céanna. Siar go Minnesota a seoladh daoine agus an tEaspag John Ireland ag fáiltiú rompu. Lean Tuke an cosán céanna – siar go Minnesota.

Chuaigh Tuke thart go sráidbhailte i gConamara ag labhairt le daoine a raibh suim acu a ghabháil go Minnesota. Tháinig na sluaite. Bhí an oiread sin crá croí agus crá colainne faighte ag cuid de mhuintir Chonamara san am agus go ndeachaigh daoine i gCarna in árach a chéile ar an tsráid san áit a bhfuil Tí Mheaic anois. Imní a bhí orthu nach bhfaighidís deis labhairt le Tuke agus a chuid feidhmeannach.

B’éigean do na póilíní foighid a chur iontu agus iad ag coimhlint in aghaidh a chéile le bheith ar cheann na líne daonna ag dul isteach chuig Tuke.

Ní go maith a d’éirigh le muintir Chonamara sa gcéad bhunáit a bhí acu i Minnesota. Bhí nimh i bhfuacht an gheimhridh ansin agus an sneachta ina charnáin ar fud na tuaithe.

Níor chleacht siad, ach an oiread, an cineál talmhaíochta a bhí sa gcuid sin de Mheiriceá. Le himeacht na haimsire chuadar isteach go cathair St Paul. Bhíodar chomh tréan ansin théis tamaill agus gur baisteadh an ‘Connemara Patch’ ar an áit a raibh a bhformhór ag maireachtáil. Mar seo a rinne scríbhneoir as St Paul cur síos ar an gceantar:

‘The Connemara Patch was a quaint and lively community where the Irish language was widely spoken. Many inhabitants worked for the railroad, served as domestics in local hotels and made lace.’

Tosaíodh ag caint ar ócáid chuimhneacháin in ómós na ndaoine seo de bhunadh agus de mhianach Chonamara ag comhdháil faoin imirce in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna tamall blianta ó shin. Reáchtáladh an comóradh in 2023. Rinneadh ceangal scannáin agus cainte idir an tIonad i gCarna agus an láthair ar a rabhthas ag cur na plaice ar thaobh balla i St Paul.

Rinneadh a mhacasamhail a nochtadh in Ionad na nImirceach i gCarna ag an tráth céanna. Tugadh ómós do mhuintir Chonamara a bhí sa ‘Connemara Patch’ i bhfad ó shin. Rinneadh cúpla píosa cainte, casadh ceol agus cuireadh paidreacha le hanamacha na marbh.

Bhí an tsíocháin agus an suaimhneas i réim – ach is ar éigean é.

Bhí an Dr David Gardiner, an Stiúrthóir ar an Rannóg Staidéar Ceilteach in Ollscoil St Thomas i St Paul, i gCarna an deireadh seachtaine seo caite. Ag freastal ar sheimineár dar téama ‘Ar chaon taobh den Atlantach‘ a bhí an Dr Gardiner. Bhí sé ar dhuine acu siúd a bhí ag searmanas na plaice comórtha in St Paul. Bhí scéal eile aige ar imeachtaí an chomórtha.

Tá trí dhream de na Meiriceánaigh Dhúchasacha sa gcuid sin de St Paul anois – an Dakota, an Lakota agus an Jibway. D’éirigh dream acu cineál spadhartha faoi fheistiú na plaice. Dúradar go mba leosan an ceantar seo agus nach raibh sé ag feiliúint go gcrochfaí an phlaic chomórtha san áit. Bhí sé ina imní nach bhféadfaí an phlaic a chrochadh agus a nochtadh ar chor ar bith.

Ba ansin, a deir an Dr Gardiner, a tháinig sagart i gcabhair ar shliocht mhuintir Chonamara. Mar a tharla sé, bhí mianach na Meiriceánach Dúchasacha sa sagart seo agus bhí sé in ann labhairt leis an mbuíon acu ina dteanga féin. Rinne sé éacht ar leith mar go bhfuil trí cinn déag leaganacha den teanga sin ann.

Ach chuir sé na Meiriceánaigh Dhúchasacha ar a gcompord agus crochadh an phlaic.

Bhí síocháin agus suaimhneas ann aríst. Tugadh chun cuimhne muintir Chonamara a shiúil na sráideanna sin i St Paul 120 bliain agus tuilleadh ó shin. Meiriceánaigh Dhúchasacha atá tréan ann anois. Creideann siad go bhfuil a ndúchas féin daingnithe acu ansin faoin tráth seo; creideann siad go mbaineann sé lena mbunáit chaomhnaithe. Ach, d’fhág muintir Chonamara lorg a gcos ann freisin agus sheas a sliocht siúd leo. Idir Mheiriceánaigh Dhúchasacha agus mhuintir Chonamara – briseann an dúchas thrí shúile an chait.

Fág freagra ar 'Idir Mheiriceánaigh Dhúchasacha agus mhuintir Chonamara, briseann an dúchas thrí shúile an chait'

  • Pat Butler

    Nárbh ciallmhar an socrú a rinne an sagart sin agus nárbh beart mórchroíoch a rinne na bundúchasaigh bhunaigh nuair a ghlacadar leis an réiteach.

    Is fiú san am gcéanna an méid sin a aithint. Nár dheas é dá gcuirfí aguisín beag leis an plaic a d’admhódh an méid sin? Abair, abairt amháin eile ar dhul ‘Crochta le caoinchead na dTreabh Bundúchasach uilig, ar naofa an cearn seo ó chianaibh dóibh.’ A leithéid sin ruda. Aisbheart mórchroíoch buíochais a bheadh ann.

  • Carraig

    Nár bhreá a fháil amach céard é go díreach adúirt an sagart leo, lena gcur ar a suaimhneas, abair?
    Is dóigh gur óladh píopa na síochána an oíche sin agus deoch nó dhó lena cois! Léiriú eile gur fearr caint agus cur le chéile ná comhrac.

  • Proinsias

    Tá leac ar a mbóthar idir an Líonán agus Cluain Cearbháin ag glacadh buíochais leis an náisiún Choctaw (Chahta).