Idir dhá thine Bhealtaine – an dtig le rialtas May aon cheo a dhéanamh mura dtaitníonn sé leis an DUP?

Beidh Comhdháil Idir-Rialtasach ar deireadh ann, ach i bhfianaise neamhaird Theresa May is deacair a shamhlú go mbeidh aon rath a uirthi

Idir dhá thine Bhealtaine – an dtig le rialtas May aon cheo a dhéanamh mura dtaitníonn sé leis an DUP?

Thabharfadh Príomh-Aire na Breataine, Theresa May óráid faoi ábhar tromchúiseach ar a cuairt go Tuaisceart Éireann.

B’in é a dúirt a hoifig roimh ré. Bhí a fhios ar ndóigh go mbeadh sí ag caint faoin mBreatimeacht ach bhíothas den bharúil go gcaithfeadh ‘caint thromchúiseach’ i mBéal Feirste a dhul i ngleic, i ndáiríre, leis an bhfolús polaitiúil atá fós ann bliain go leith tar éis teip Stormont.

Mairg don té a bhí ag fanacht le fís. Fiú agus ceangal cos is lámh ag an mBreatimeacht uirthi féin agus a páirtí bhí súil ag daoine le treoir éigin uaithi féin nó óna rialtas. Beart chun brí nó fuinneamh a chur i roinnt na cumhachta? Tada. Gníomhartha chun fóint ar dhaoine atá gan seirbhísí cheal rialtais? Faic. Cathaoirleach nó áisitheoir neamhspleách le ceapadh chun ceannas a ghlacadh ar iarracht chun an tsáinn a fhuascailt? Níor fhógair. Dreas eile de chainteanna réitigh sa bhfómhar? Níor fhógair. Plean oibre don chruinniú den Chomhairle Idir-Rialtasach Dé Céadaoin chun bealach chun tosaigh a aimsiú i gcomhar le Rialtas na hÉireann? Ní dhearna.

Rinne an Príomh-Aire May miontagairt don chomhdháil sin agus gheall sí gur cuid í den chomhoibriú leanúnach le Rialtas na hÉireann, dlúthpháirtí de chuid na Ríochta Aontaithe. Ba é an dlúthpháirtí eile, an DUP, ba mhó a shásaigh sí. Chaith sí uaireanta fada an chloig leis an DUP i bhFear Manach, i measc an phobail agus ag dinnéar i gcaisleán. 15 nóiméad an ceann a chaith sí leis na páirtithe eile. Ní hamháin sin ach port an DUP faoin mBreatimeacht a bhí ag May ina hóráid. Nuair a fiafraíodh d’Arlene Foster ar chum an DUP féin cuid den chaint níor fhreagair sí an cheist sin ach dúirt sí gur údar uchtaigh dóibh tiomantas Theresa May don aontachtachas agus a diúltú as éadan d’aon difear idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe.

Ba thrua agus ba mhór an frustrachas é an Tuaisceart a bheith gan rialtas le bliain go leith, a dúirt an Príomh-Aire. Theastaigh athnuachan an Tionóil agus an Fheidhmeannais uaithi ar mhaithe leis an bpobal. Bhí siad ag déanamh a ndíchill chuige sin, ar sí. Cibé dícheall é sin, is i ngan fhios don saol é. Ní fhéadfaí réiteach a bhrú ar na páirtithe –iad sin a chaithfeadh é a dhéanamh, dar léi. Díol suntais ab ea é nach raibh oiread is moladh amháin aici chun próiseas a thionscnamh.

Ní bheidh Theresa May ná an Taoiseach, Leo Varadkar ag an gcomhdháil idir-rialtasach; iad beirt as baile ag cuimilt meala le ceannairí Eorpacha. ’Siad an Tánaiste, Simon Coveney agus Státrúnaí Oifig an Rialtais, David Lidington a bheidh i gceannas. Beidh an tAire Charlie Flanagan agus an Státrúnaí Karen Bradley i láthair chomh maith agus cúrsaí slándála, ceist na teorann agus an tsáinn abhus faoi chaibidil. Tá an Tánaiste diongbháilte de go gcaithfear a dhul i ngleic leis an bhfolús polaitiúil agus leis an míshocracht maidir le dlús a chur le próiseas réitigh as an nua.

’Sé seo an chéad chruinniú den Chomhairle Idir-Rialtasach le haon bhliain déag. Bhí sé á éileamh le bliain ag an rialtas i mBaile Átha Cliath agus ag na páirtithe náisiúnacha abhus ach bhí drogall ar an mBreatain. Ní hiontas sin, ó tá an DUP fíornaimhdeach dó, ag rá nach fiú tada é mar nach bhfuil ann ach caint. Ta siad dubh dóite in aghaidh ról a bheith ag Rialtas na hÉireann i dtaca le cúrsaí díláraithe, iad ag rá nach gceadaíonn an Comhaontú é. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar liosta na n-ábhar atá ar an méar fhada le breis is bliain go leith chun an cheist a chur an bhfuil rud ar bith á rialú, díláraithe nó a mhalairt?

Tharraing picéid ar Theresa May aird ar chuid de na heasnaimh. Chomh maith leis An Dream Dearg a bhí ag éileamh Acht Gaeilge bhí íospartaigh ag léirsiú. Ina measc bhí SAVIA, ionadaithe an ghrúpa a d’fhulaing mí-úsáid choirp agus ghnéasach in institiúidí eaglasta agus stáit sa chéad seo caite. Tá sé breis agus bliain go leith ó d’ordaigh Binse fiosraithe go n-íocfaí cúiteamh leo agus go gcuirfí seirbhísí cabhrach ar fáil dóibh. Bhí daoine eile ag léirsiú i ngeall ar mhoill ar fhiosruithe agus ar ionchúisimh faoi eachtraí a raibh baint ag fórsaí stáit leo.

Tá faillí déanta ar go leor íospartach eile fad is a chuirtear beart faoi oidhreacht na dtrioblóidí ar an méar fhada. Thairis sin ar fad tá fadhbanna tromchúiseacha sa chóras sláinte. Nuair a theip ar an bhFeidhmeannas bhí sé in ainm is a bheith faoi réir chun moltaí atheagair a rinne saineolaí a chur i bhfeidhm. Níl tada déanta.

Tá scoileanna ag fógairt gur gearr go mbeidh siad bancbhriste.

Tá drochbhail ar bhóithre.

Agus dá laghad a bhí an státseirbhís toilteanach a chur i bhfeidhm cheana tá laincis curtha orthu ag rialú cúirte a fhágann gur beag seans go ndéanfaidh siad aon ní nua feasta. Tá Bord na bPóilíní as feidhm le bliain agus ráithe: tá reacht geallta ag an Státrunaí Bradley chun é sin a chur ina cheart sa bhfómhar.

Dúirt Theresa May i mBéal Feirste go ndéanfadh an rialtas a dhualgas chun dea-rialachas a chinntiú abhus go dtí go gcuirfí Stormont ar ais ar a bhoinn.

Riail dhíreach ach gan an teideal sin uirthi, b’fhéidir. Bhí sé ciotach agus easnamhach mar chóras go dtí seo. Is deacair a shamhlú nach bpléifí na heasnaimh sin ar an gcóras riartha, chomh maith le céimeanna chun a dhul i ngleic leis an tsáinn, ag an gComhdháil Idir-Rialtasach. Ach an dtig le rialtas Theresa May aon cheo a dhéanamh mura dtaitníonn sé sin leis an DUP?

Fág freagra ar 'Idir dhá thine Bhealtaine – an dtig le rialtas May aon cheo a dhéanamh mura dtaitníonn sé leis an DUP?'