Idir dhá thine Bhealtaine agus gar go maith do leaca ifrinn atá lucht leanta Man United

Ní haon díol suntais gur minic ag saol corraitheach a bheith ar lic na tairsí ag clubanna agus ag foirne a fhágann slán ag ceannairí a bhí i réim le fada

Aimsir chorrach go leor atá ann na laethanta seo acu siúd atá le háireamh i measc lucht leanta Manchester United, fiú mo mhacasamhail féin a bhfuil an creideamh ionann is caillte acu le fada.

Ba é ceapadh Olé Gunnar Solskjaer an mhí seo caite an cúigiú bainisteoir ó d’éirigh Alex Ferguson as cothrom an ama seo sé bliana ó shin. Bhuaigh foirne Fergie 38 corn in imeacht na mblianta (27) a raibh seisean i gceannas – 13 Príomhroinn, cúig Chorn an FA agus Sraith na Seaimpíní faoi dhó.

Comórtas an Choirn (Louis van Gaal) agus Sraith Europa (José Mourinho) an t-aon rud le dealramh atá buaite ó d’imigh Ferguson agus cé gur chaith an bheirt sin agus David Moyes £833 milliún ag ceannacht imreoirí in imeacht cúig bliana, níl dá bharr ag an lucht leanta ach a bheith ag at le héad fad agus atá foirne eile ag baint an fhómhair.

Cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra nuair ab iad seanfhoireann Mourinho, Chelsea,  a bhuaigh an Phríomhroinn faoi dhó san achar sin agus ba mheasa arís go raibh orthu cur suas le Manchester City a bheith ag píobaireacht thart ar Mhanchain ag deireadh an tséasúir seo caite agus freisin in 2014 agus an gradam ab airde ina seilbh.

Ní rud éasca é umhlú don chinniúint ach tá siad ann a déarfadh go mba mhilis í an íoróin a d’fhág United agus City ag imirt a chéile tráthnóna Dé Céadaoin seo caite agus go mba é toradh na himeartha a d’fhágfadh ola ar chroí City bliain amháin eile nó  lámh chúnta don chlub is mó a bhfuil gráin ag United orthu – Liverpool.

Idir dhá thine Bhealtaine agus gar go maith do leaca ifrinn, chomh fada agus a bhain sé leis an Stretford End, beag beann ar an scór deireanach.

Ainneoin United a bheith maith go leor i dtús na himeartha san oíche Dé Céadaoin, bheadh barúil mhaith agat faoin am a dtáinig leath ama nach iad a bhuafadh.

Ní haon díol suntais gur minic ag saol corraitheach a bheith ar lic na tairsí ag clubanna agus ag foirne a fhágann slán ag ceannairí a bhí i réim le fada agus a raibh rath thar cuimse ar a n-iarrachtaí agus ar a n-eolas.

Chaith Matt Busby 24 bliain ina bhainisteoir in Old Trafford sular éirigh sé as ag deireadh an tséasúir i 1969. Bliain go leor dár gcionn chaith Busby sé mhí ar ais ar an halmadóir tar éis dá chomharba Wilf McGuinness bata agus bóthar a fháil. An Corcaíoch Frank O’Farrell a ceapadh ansin – bliain go leith a mhair a thréimhse siúd sular chaith Tommy Docherty, Dave Sexton agus Ron Atkinson idir ceithre agus cúig bliana an duine sa bpost.

Chaith Alf Ramsey 11 bliain mar bhainisteoir ar Shasana. Agus gan caite ach trí cinn acu i mbun an chúraim aige bhuaigh siad Corn an Domhain i 1966. Bhain siad an babhta ceathrú ceannais amach sa gcomórtas dár gcionn agus nuair a chinn ar a fhoireann babhtaí ceannais Chorn an Domhain 1974 a bhaint amach fuair Alf bata agus bóthar.

Is é Gareth Southgate an 17ú duine atá ar an liosta a lean é.

Tar éis do pheileadóirí Átha Cliath craobh na hÉireann a bhaint amach trí bliana as a chéile idir 1974 agus 1976 agus péire acu a bhuachan d’éirigh a mbainisteoir Kevin Heffernan as. Dhá bhliain dár gcionn bhí sé ar ais agus bhaineadar an babhta ceannais amach cúig huaire eile sular éirigh sé as an dara huair.

Faoin am a dtáinig  1996, agus Heffo 10 mbliana imithe, bhí cúram bainistíochta na nDubs tugtha do sheachtar, Brian Mullins, Robbie Kelleher, Seán Doherty (1986), Gerry McCaul (1986-’90), Paddy Cullen (1990-’92), Pat O’ Neill (1992-’95), Mickey Whelan (1995-‘97).

Ní móide gur chuala Olé Gunnar Solksjaer aon chaint ar cheachtar de na daoine is deireanaí atá luaite agam, ach geallaim dó go raibh siad ar fad sa mbád céanna leis.

Mar is dual i gcásanna mar seo, is deacair a dhéanamh amach cén treo a bhfuil do mhéar le síneadh.

Is cinnte nach bhfuil aon athrú inniu ar Olé ó ceapadh go sealadach é sa bpost i ndeireadh na bliana seo caite. ’Siad na himreoirí céanna atá aige agus a bhí an uair sin nuair a bhuaigh Manchester United ocht gcluiche as a chéile as baile agus nuair nár chailleadar ach péire as 19.

Moladh an bainisteoir ag an am siocair, dar leis na húdair agus na saineolaithe céanna a bhfuil cuid acu ag tuar a bhriseadh anois, go raibh cúl tugtha aige don mhodh diúltach imeartha a bhí i réim in Old Trafford agus Mourinho i gceannas.

Faoiseamh d’Olé gur ar na himreoirí is mó atá gunnaí dírithe faoi láthair – go háirithe de bharr a gcuid imeartha sa gcluiche inar thug Everton liúradh Chonáin dóibh cúpla seachtain ó shin.

Fós ní haon chabhair dó gur cosúil go bhfuil coinníollacha scríofa i gconarthaí tuarastail na n-imreoirí is mó atá ag tuilleamh airgid agus iad faoina chúram nach mór dóibh a bheith ag imirt i Sraith na Seaimpíní leis an bpá sin ar fad a tharraingt.

Ní móide gur amhlaidh a bheidh an séasúr seo ag teacht, rud a chuirfidh laghdú ar phá  Alexis Sanchez (£400,000 sa tseachtain); Paul Pogba (£290,000); David de Gea agus Romelu Lukaku (£200,000). Na créatúir.

Rud a fhágann go bhfuil  an obair atá roimh Solksjaer agus roimh bhainisteoirí eile an lae inniu níos dúshlánaí ná na spriocanna a bhí roimh Busby, Ramsey agus a leithéidí siúd, is ea gur mó anois a bhaineann imeachtaí lasmuigh de pháirc na himeartha le folláine clubanna ná a bhaineann an imirt féin.

Is as brabús tráchtála (€320 milliún)  a thagann tuairim is leath den teacht isteach a bhíonn ag Manchester United an lae inniu. Faigheann siad tuairim is trian eile de as cearta craolacháin, os cionn €80 milliún sa mbliain ó Adidas agus os cionn €53 milliún ó urraithe eile.

Fágann sin iad ar bharr an tábla ioncaim, chun cinn fiú ar Real Madrid, Barcelona agus Bayern Munich.

Breá sásta mar sin atá na cuntasóirí agus an clár comhardaithe leagtha amach os a gcomhair ar an mbord mór i seomra na stiúrthóirí i Seastán Ferguson in Old Trafford. Figiúirí uilig atá brataithe ar na cáipéisí agus cuma na  sláinte orthu ar fad.

Trácht ná tuairisc níl ar na cáipéisí céanna ar na focail atá ag crá an lucht leanta –  cinn mar ‘City’ , ‘Liverpool’ ná ‘Tottenham’.

Marie Antoinette agus an cáca milis a mheabhraíonn sé domsa.

Fág freagra ar 'Idir dhá thine Bhealtaine agus gar go maith do leaca ifrinn atá lucht leanta Man United'

  • Des O Murchu

    ManUrination once again!